Sráidainmneacha Bhaile Átha Cliath

Tabhair faoi deara nach bhfuil aon stádas oifigiúil ag an liosta seo, cé go ndearnadh gach iarracht ar ainmneacha atá cruinn ó thaobh na staire de agus ó thaobh na Gaeilge de a chur ar fáil.
BéarlaGaeilgeNótaí
Abbey CottagesIostáin na Mainistreach
Abbey CourtCúirt na Mainistreach 
Abbey DriveCéide na Mainistreach 
AbbeyfieldGort na MainistreachAs Mainistir Chill Easra, is dócha.
Abbey ParkPáirc na Mainistreach 
Abbey Street, LowerSráid na Mainistreach ÍochtarachAs Mainistir Mhuire, a bhí anseo.
Abbey Street, MiddleSráid na Mainistreach Láir 
Abbey Street, UpperSráid na Mainistreach Uachtarach 
Abbey Street, OldSeansráid na Mainistreach
Abbotstown AvenueAscaill Bhaile an Aba 
Abbotstown DriveCéide Bhaile an Aba 
Abbotstown RoadBóthar Bhaile an AbaAs an mbaile fearainn.
Abercorn RoadBóthar Obar ChúirnidhAs James Hamilton, “Duke of Abercorn” (teideal a ainmníodh as an sráid­bhaile agus paróiste i Lodainn an Iar), fear ionaid an rí. “Bóthar Abarcharnaigh” atá ar an ainmchlár.
Abercorn SquareCearnóg Obar Chúirnidh 
Abercorn TerraceArdán Obar Chúirnidh 
Aberdeen StreetSráid Obar DheathainAs John Campbell Gordon, “Marquis of Aberdeen” (teideal a ainmníodh as an áit in Albain), fear ionaid an rí. Tá ceithre ainm­­­­­chlár ar an tsráid seo, “Sráid Abardeón” ar dhá cheann agus “Sráid Abairdín” ar an dá cheann eile.
Achill RoadBóthar AclaI ngrúpa sráideanna a ainmníodh as oileáin.
Acres Road [Páirc an Fhéinics]Bóthar na nAcraí 
Adair CourtCúirt Adair“Cúirt Úi [sic] Dhaire” atá ar an ainm­chlár; “Cúirt Uí Dháire” atá sa liosta oifigiúil.
Adair LaneLána AdairAs an sloinne (“Adair’s Lane” an t‑ainm a bhí air ar dtús). “Lána Uí Dháire” atá sa liosta oifigiúil.
Adair TerraceArdán Adair
Adam CourtCúirt AdamAs an sloinne, is dócha.
Adare AvenueAscaill Áth Dara 
Adare DriveCéide Áth Dara 
Adare GreenFaiche Áth Dara 
Adare ParkPáirc Áth Dara 
Adare RoadBóthar Áth Dara 
Addison PlacePlás Addison
Addison RoadBóthar AddisonAs Joseph Addison, scríbhneoir (agus príomh­rúnaí na hÉireann, 1708–10 agus 1714–15), b’fhéidir. ­Tá “Bóthar Mac [sic] Ádaidh” (sloinne nach bhfuil ann) agus “Bóthar Addison” ar dhá ainm­chlár os comhair a chéile.
Adelaide CourtCúirt Adelaide 
Adelaide MewsEachlann Adelaide 
Adelaide RoadBóthar AdelaideAs bean Rí William IV Shasana.
Adelaide TerraceArdán Adelaide 
Adelaide TerraceArdán Adelaide 
Admiral Brown WalkCosán an Aimiréil de BrúnAs William Brown, bunaitheoir chabhlach na hAirgintíne.
Adrian AvenueAscaill Adrian
Aideen AvenueAscaill Éadaoine“Ascaill Éadaoin” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Aideen DriveCéide Éadaoine
Aideen PlacePlás Éadaoine
Aikenhead TerraceArdán AikenheadAs Mary Aikenhead, bunaitheoir Shiúracha na Carthanachta agus Ospidéal San Uinseann, Baile Átha Cliath; i ngrúpa sráideanna sa Bhaile Gaelach darb ainm Stella Gardens a ainmníodh den chuid is mó as naoimh de chuid na hEaglaise Caitlicí.
Ailesbury DriveCéide Aylesbury 
Ailesbury GardensGairdíní Aylesbury 
Ailesbury GroveGarrán Aylesbury 
Ailesbury MewsEachlann Aylesbury 
Ailesbury ParkPáirc Aylesbury“Páirc Aelsbaire” atá ar an ainmchlár.
Ailesbury RoadBóthar AylesburyAs teideal Sasanach, a ainmníodh as an mbaile mór i mBuckingham­shire. (De thaisme a scríobhadh Ailesbury in ionad Aylesbury nuair a cruthaíodh an teideal sin sa bhliain 1821.)
Ailesbury WoodCoill Aylesbury
Airfield CourtCúirt Airfield
Airfield ParkPáirc Airfield
Airfield RoadBóthar AirfieldAs teach darbh ainm Airfield House. “Bóthar Bhán an Aeir” atá sa liosta oifigiúil.
Airfield TerraceArdán Airfield
Aisling CloseClós Aisling“Clós na hAislinge” atá ar na hainm­chláir; “Clós Aislinge” atá sa liosta oifigiúil.
Albany RoadBóthar na hAlbanAs teideal Sasanach (“Duke of Albany”), is dócha, a ainmníodh as ainm na hAlban. “Bóthar Albaine” atá ar na hainm­chláir; “Bóthar Alban” atá sa liosta oifigiúil.
Albert College AvenueAscaill Choláiste AlbertAs Albert College (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath anois), a ainmníodh as Albert Saxe-​Coburg-​Gotha, fear céile Bhanríon Victoria Shasana. Bréag-​Ghaeilge áiféiseach, “Ascaill Choláiste Ailbhe” srl., atá sa liosta oifigiúil.
Albert College CrescentCorrán Choláiste Albert
Albert College DriveCéide Choláiste Albert
Albert College GroveGarrán Choláiste Albert
Albert College LawnPlásóg Choláiste Albert
Albert College ParkPáirc Choláiste Albert
Albert Court (East)Cúirt AlbertAs Albert Saxe-​Coburg-​Gotha, fear céile Bhanríon Victoria Shasana. “Cúirt Ailbhe” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Albert Place, EastPlás Albert ThoirAinm bréag-​Ghaeilge, “Plás Ailbhe Thoir” (ceann de na hainmneacha a mhol coiste de chuid Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile sa bhliain 1909), atá sa liosta oifigiúil.
Albert Place, WestPlás Albert Thiar
Albert TerraceArdán Albert
Aldborough PlacePlás AldboroughAs an teach darb ainm Aldborough House (a ainmníodh as Edward Stratford, “Viscount Aldborough”). Ainmníodh Amiens Street as an duine céanna.
Aldborough SquareCearnóg Aldborough
Aldrin WalkCosán AldrinAs Edwin “Buzz” Aldrin; i ngrúpa sráideanna sa Chúlóg a ainmníodh as spásairí Meiriceánacha.
Alexander TerraceArdán Alexander 
Alexandra RoadBóthar AlexandraAs Alexandra Dock (a ainmníodh as Alexandra Oldenburg, bean mhic Bhanríon Victoria Shasana); ceann de na sráideanna nua i gceantar na ndugaí a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu.
Alexandra Road ExtensionSíneadh Bhóthar AlexandraCeann de na sráideanna nua i gceantar na ndugaí a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu
Alexandra Terrace [dhá cheann]Ardán Alexandra 
Alfie Byrne RoadBóthar Alfie ByrneAs an bpolaiteoir. Tá “Bóthar Ailf Uí Bhroin” agus “Bóthar Ailbhe Uí Bhroin” ar dhá ainm­chlár díreach os comhair a chéile; “Bóthar Ailf Uí Bhroin” atá sa liosta oifigiúil.
Allingham StreetSráid Allingham 
All Saints’ DriveCéide na NaomhAs Eaglais na Naomh anseo. “Céide na Naomh Uile” atá sa liosta oifigiúil. Níl a fhios agam cén fáth a moltar an fhoirm sin i gcomhair an dá shráid seo ach an fhoirm thraidisiúnta i gcomhair All Saints’ Road.
All Saints’ ParkPáirc na Naomh“Páirc na Naomh Uile” atá sa liosta oifigiúil.
All Saints’ RoadBóthar na Naomh 
Alma CourtCúirt Alma 
Alma TerraceArdán AlmaAs Cath Alma (1854) i gCogadh na Crimé, a ainmníodh as an abhainn ansin.
Almeida AvenueAscaill AlmeidaAs Léigear Almeida (1810) i gCogadh na Leithinse.
Almeida TerraceArdán Almeida
Alone WalkCosán AloneAs an gcarthanas darb ainm “Alone,” a bhunaigh Willie Bermingham sa bhliain 1977. (Tá Willie Bermingham Place ann freisin.)
Amiens StreetSráid AmiensAs Edward Stratford, “Viscount Amiens” (teideal a ainmníodh as an gcathair sa Fhrainc). Ainmníodh Aldborough Place srl. as an duine céanna. (Is mar rím le “Damien’s” a fhuaimnítear an t‑ainm seo i mBaile Átha Cliath.)
Anglesey RoadBóthar Inis Món“Bóthar Món” (mar aon leis an mí­litriú “Anglesea”) atá ar na hainm­chláir; “Bóthar Anglesea” atá sa liosta oifigiúil.
Anglesey RowSraith Inis Món“Rae Món” (mar aon leis an mí­litriú “Anglesea”) atá ar na hainm­chláir; “Rae Anglesea” atá sa liosta oifigiúil.
Anglesey StreetSráid Inis MónAs Arthur Annesley, “Earl of Anglesey” (teideal a ainmníodh as an gceantar sa Bhreatain Bheag), tiarna talún sa cheantar seo. “Sráid Mhóna” (mar aon leis an mí­litriú “Anglesea”) atá ar na hainm­chláir; “Sráid Anglesea” atá sa liosta oifigiúil.
Annadale AvenueAscaill AnnadaleAs teach darbh ainm Annadale House. “Ascal Annadal” atá ar na hainm­chláir.
Annadale CrescentCorrán Annadale
Annadale DriveCéide AnnadaleAs teach darbh ainm Annadale House (a ainmníodh as an mbaile fearainn i gCo. Chiarraí, is dócha).
Annaly RoadBóthar na hAnaíleAs an áit i gCo. an Longfoirt, is dócha.
Annamoe DriveCéide Áth na mBó 
Annamoe ParadeParáid Áth na mBó
Annamoe ParkPáirc Áth na mBó 
Annamoe RoadBóthar Áth na mBó 
Annamoe TerraceArdán Áth na mBó 
Anna VillaBailtín Anna“Annabhile” atá ar na hainm­chláir nua; “Anna Villa” atá sa liosta oifigiúil.
Anner RoadBóthar na hAnnúireIn onóir Charles Kickham, a scríobh na focail “She lived beside the Anner” san amhrán “The Irish Peasant Girl.” (Tá Kickham Road sa cheantar céanna.)
Anne’s LaneLána Anna 
Annesley AvenueAscaill Annesley“Ascal Ainisle” atá ar cheann amháin de na hainmchláir.
Annesley Bridge RoadBóthar Dhroichead AnnesleyAs Annesley Bridge, a ainmníodh as Richard Annesley, duine de stiúrthóirí an Royal Canal Company.
Annesley ParkPáirc Annesley 
Annesley PlacePlás Annesley“Plás na Tulchann” atá ar na hainm­chláir (as an abhainn anseo).
Anne Street, NorthSráid San Anna ThuaidhAs Gild Anna (gild na mbáicéirí), ar leis na tailte anseo sa Mheánaois.
Anne Street, SouthSráid San Anna TheasAs Eaglais Anna i Sráid Dawson. I rith na mblianta chuaigh úsáid an teidil “Saint” in ainmneacha áirithe i léig. Sa bhliain 1921 ghlac an chomhairle cathrach le rún go n‑úsáidfí i gcónaí é san ainm seo; ní úsáidtear anois é, áfach.
Apollo WayBealach an ApolloAs an spáslong Apollo; i ngrúpa sráideanna sa Chúlóg a ainmníodh as spásairí Meiriceánacha. “Bealach Apollo” atá sa liosta oifigiúil.
Appian Wayan Bealach AppiachAs an Via Appia ón Róimh go Brindisi (a ainmníodh as Appius Claudius Caecus). “Bealach Aipiach” atá sa liosta oifigiúil.
Arbour HillCnoc na CúlachMeancóg is ea “Cnoc an Arbhair,” atá sa liosta oifigiúil. Deirtear gurb é an t‑ainm Gaeilge sin an bun­ainm agus gur truailliú den ainm sin é an t‑ainm Béarla; ach a mhalairt atá fíor. Cúil nó lúibín coille ba bhrí le erber (.i. arbour) nuair a rinneadh an chéad tagairt atá againn don ainm, sa chúigiú haois déag (“a bower covered with flowers, vines, shrubs, or the like”—Middle English Dictionary). Tá an t‑ainm “Cnoc an Earbhair” (focal gan bhrí) á úsáid go hoifigiúil freisin; “Cnoc an Earbour [sic]” atá ar na hainmchláir.
Arbour PlacePlás na Cúlach 
Arbour TerraceArdán na Cúlach 
Arbutus AvenueAscaill na Caithne 
Arbutus PlacePlás na Caithne 
Ardagh RoadBóthar Ardach 
Ardara AvenueAscaill Ard an Rátha 
Ardbeg CrescentCorrán an Aird Bhig 
Ardbeg DriveCéide an Aird Bhig 
Ardbeg ParkPáirc an Aird Bhig 
Ardbeg RoadBóthar an Aird Bhig 
Ardcollum AvenueAscaill Ard CholmAs an mbaile fearainn i gCo. Ros Comáin, is dócha. Níl foirm oifigiúil Ghaeilge an ainm sin socraithe.
Ardee GroveGarrán Bhaile Átha Fhirdhia 
Ardee RoadBóthar Bhaile Átha Fhirdhia 
Ardee RowSraith Bhaile Átha Fhirdhia 
Ardee StreetSráid Bhaile Átha FhirdhiaAs Edward Brabazon, “Baron Ardee”; ceann de na sráideanna sa cheantar seo a ainmníodh as muintir Brabazon, úinéirí talún anseo.
Ardilaun RoadBóthar ArdoileáinTá “Ardilaun” agus “Ardilawn” ar dhá ainm­chlár os comhair a chéile.
Ardilaun SquareCearnóg ArdoileáinAs Arthur Guinness, “Baron Ardilaun,” teideal a ainmníodh as an oileán i Loch Coirib.
Ardlea RoadBóthar Ard LéinAs an mbaile fearainn i gCo. Laoise, b’fhéidir.
Ardmore AvenueAscaill an Aird Mhóir 
Ardmore CloseClós an Aird Mhóir 
Ardmore CrescentCorrán an Aird Mhóir 
Ardmore DriveCéide an Aird Mhóir 
Ardmore GroveGarrán an Aird Mhóir 
Ardmore ParkPáirc an Aird Mhóir 
Ard na MealaArd na Meala 
Ardpatrick RoadBóthar Ard PádraigAs an sráid­bhaile i gCo. Luimnigh; i ngrúpa sráideanna sa Chabrach a ainmníodh as láithreacha mainistreach den Ré Luath-​Chríostaí nó áiteanna a gcreideadh tráth go raibh baint acu le Pádraig Naofa.
Ard Righ PlacePlás an ArdríFoirm lochtach, “Plás Ard Rí,” atá sa liosta oifigiúil.
Ard Righ RoadBóthar an ArdríFoirm lochtach, “Bóthar Ard Rí,” atá sa liosta oifigiúil.
Argyll RoadBóthar Earra-Ghàidheal“Bóthar Earra Ghaidheal” (mar aon le “Argyle Road”) atá sa liosta oifigiúil.
Arklow StreetSráid an Inbhir MhóirI ngrúpa sráideanna i mBaile na Lochlannach a ainmníodh as bailte i gCo. Chill Mhanntáin.
Armagh RoadBóthar Ard MhachaI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Armstrong StreetSráid ArmstrongAs Richard Owen Armstrong, stiúrthóir de chuid Dublin Artisans’ Dwellings Company; i ngrúpa sráideanna i gCrois Araild a thóg an comhlacht agus a ainmníodh, den chuid is mó, as a stiúrthóirí. “Sráid Tréanlámhaigh” atá ar na hainmchláir.
Armstrong WalkCosán ArmstrongAs Neil Armstrong; i ngrúpa sráideanna sa Chúlóg a ainmníodh as spásairí Meiriceánacha.
Arnott StreetSráid ArnottAs John Arnott. “Sráid Arnóid” atá ar na sean-​ainmchláir.
Arranmore AvenueAscaill Árainn Mhór 
Arranmore RoadBóthar Árainn Mhór 
Arran QuayCé Arainn 
Arran Quay TerraceArdán Ché Arainn 
Arran RoadBóthar ÁrannI ngrúpa sráideanna a ainmníodh as oileáin.
Arran Street, EastSráid Arainn ThoirAs Charles Butler, “Earl of Arran” (teideal a ainmníodh as an oileán in Albain).
Arran Street, WestSráid Arainn Thiar 
Artane Cottages, LowerIostáin Ard Aidhin ÍochtarachaIs é Artaine litriú oifigiúil an ainm Bhéarla.
Artane Cottages, UpperIostáin Ard Aidhin Uachtaracha
Asdill’s RowSraith AsdillAs John Asdill. “Rae Asgadail” (focal gan bhrí) atá ar na hainmchláir.
Asgard RoadBóthar an AsgardAs an mbád; ceann de na sráideanna nua i gceantar na ndugaí. “Bóthar Asgard” atá sa liosta oifigiúil.
Ashbrook [dhá cheann]Sruthán na Fuinseoige 
Ashbrook TerraceArdán Shruthán na Fuinseoige
AshcroftCroit na Fuinseoige 
Ashdale AvenueAscaill Ghleanntán na Fuinseoige 
Ashdale GardensGairdíní Ghleanntán na Fuinseoige 
Ashdale ParkPáirc Ghleanntán na Fuinseoige 
Ashdale RoadBóthar Ghleanntán na Fuinseoige 
Ashfield AvenueAscaill Ghort na Fuinseoige 
Ashfield ParkPáirc Ghort na FuinseoigeAs teach darbh ainm Ashfield Park.
Ashfield RoadBóthar Ghort na Fuinseoige 
Ashford CottagesIostáin Áth na Fuinseoige
Ashford PlacePlás Áth na Fuinseoige
Ashford StreetSráid Áth na FuinseoigeI ngrúpa sráideanna i mBaile na Lochlannach a ainmníodh as bailte i gCo. Chill Mhanntáin. “Sráid Bhaile Mhic Cathaoir” (an t‑ainm a bhí in úsáid oifigiúil sna 1920í) atá ar an ainmchlár.
Ash GroveGarrán na Fuinseoige 
Ashington AvenueAscaill Ashington 
Ashington CloseClós Ashington 
Ashington CourtCúirt Ashington 
Ashington CrescentCorrán Ashington 
Ashington DaleGleanntán Ashington 
Ashington GardensGairdíní Ashington 
Ashington GreenFaiche Ashington 
Ashington GroveGarrán Ashington 
Ashington HeathFraoch Ashington 
Ashington MewsEachlann Ashington 
Ashington ParkPáirc Ashington 
Ashington RiseArd Ashington 
Ashmount CourtCúirt Chnocán na Fuinseoige 
Ash StreetSráid an ÁsaighAs an sloinne, is dócha. “Sráid Áis” atá ar an ainm­chlár; “Sráid na Fuinseoige” atá sa liosta oifigiúil.
Ashtown Gate Road [Páirc an Fhéinics]Bóthar Gheata Bhaile an Ásaigh 
Ashtown GroveGarrán Bhaile an Ásaigh 
Ashtown RoadBóthar Bhaile an Ásaigh 
Ashtown VillasBailtíní Bhaile an Ásaigh
Ashworth PlacePlás AshworthAs Charles Ashworth, ailtire le Dublin Artisans’ Dwellings Company; i ngrúpa sráideanna i gCrois Araild a thóg an comhlacht agus a ainmníodh, den chuid is mó, as a stiúrthóirí.
Aston PlacePlás Aston 
Aston QuayCé AstonAs Henry Aston. Is é Aston’s Quay an bhunfhoirm.
Athlumney VillasBailtíní Áth LuimnighAs an mbaile fearainn i gCo. na Mí.
Auburn AvenueAscaill Achadh na Gréine 
Auburn RoadBóthar Achadh na Gréine 
Auburn StreetSráid Achadh na GréineAs sráid­bhaile i gCo. na hIarmhí, a raibh Sunfield (aistriú den ainm Gaeilge) mar ainm Béarla air roimhe sin. De réir Walsh (The Place­names of Westmeath, 1915), sa bhliain 1805 chuir John Hogan faoi anseo agus thug an t‑ainm Auburn ar a áit chónaithe, toisc gur chreidtí gur bhunaigh Goldsmith The Deserted Village (1770) ar an gceantar seo. I ndáiríre is ar chúrsaí i Sasana a chuireann sé síos sa dán (cé gur bhunaigh sé roinnt de na pearsana ann ar a athair agus a dheartháir agus b’fhéidir ar dhaoine eile a raibh aithne aige orthu ina óige). “Sr. Achadhnagréine” atá ar an ainmchlár.
Auburn TerraceArdán Achadh na Gréine
Auburn VillasBailtíní Achadh na Gréine
Auburn WalkCosán Achadh na Gréine
Aughavannagh RoadBóthar Achadh MheánachAs an mbaile fearainn (Aghavannagh) i gCo. Chill Mhantáin.
Aughrim CourtCúirt Eachroma
Aughrim LaneLána Eachroma 
Aughrim PlacePlás Eachroma 
Aughrim StreetSráid EachromaI ngrúpa sráideanna i mBaile na Lochlannach a ainmníodh as bailte i gCo. Chill Mhanntáin.
Aughrim VillasBailtíní Eachroma
Aulden GrangeGráinseach AuldenAs an sráid­bhaile i Hereford­shire, is dócha.
Aungier LaneLána Aungier
Aungier PlacePlás Aungier
Aungier StreetSráid AungierAs Francis Aungier. (Is mar rím le “danger” a fhuaimnítear an sloinne seo.) “Sráid Ainséir” atá ar na hainm­chláir (ceann de na hainmneacha a mhol coiste de chuid Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile sa bhliain 1909). Bhí an t‑ainm Gaeilge “Sráid Thomáis Uí Mhórdha” á úsáid ag Oifig an Phoist i dtús an fhichiú haois (mar chomóradh ar Thomas Moore, a rugadh sa tsráid seo).
Austin’s CottagesIostáin Mhic AibhistínAs an sloinne.
Ave Maria RoadBóthar Ave MariaI ngrúpa sráideanna sa Charnán a ainmníodh i “mBliain Mhuire” (1954).
Avenue RoadBóthar na hAscaille 
Avila CloseClós Ávila
Avila GardensGairdíní Ávila
Avila ParkPáirc ÁvilaAs an gceantar sa Spáinn, nó as Teresa de Cepeda y Ahumada (“Teresa de Ávila”), naomh de chuid na hEaglaise Caitlicí.
Avondale AvenueAscaill AvondaleAs an teach gar do Ráth Droma, Co. Chill Mhantáin, in onóir Charles Stewart Parnell. “Ascaill Ghleannabhainn [sic]” atá ar na hainmchláir.
Avondale ParkPáirc Avondale 
Avondale RoadBóthar Avondale 
Ayrfield AvenueAscaill Ayrfield 
Ayrfield CourtCúirt Ayrfield 
Ayrfield DriveCéide Ayrfield 
Ayrfield GroveGarrán Ayrfield 
Ayrfield ParkPáirc Ayrfield 
Ayrfield PlacePlás Ayrfield 
Ayrfield RoadBóthar AyrfieldAn litriú “Ayrefield,” agus “Bóthar Bhán an Aeir” srl., atá sa liosta oifigiúil.
Bachelor’s WalkCosán BachelorAs an sloinne (chomh fada agus is eol dúinn); b’fhéidir freisin go raibh a theanga ina leathphluc ag an té a chum. “Casán Bhaitsiléir” atá ar na hainm­chláir; “Siúlán Bhaitsiléir” (mar aon leis an mí­litriú “Bachelors Walk”) atá sa liosta oifigiúil.
Bachelor’s WayBealach Bachelor
Back Lane [dhá cheann]an Lána Cúil
Baggot CloseClós BhagóidI mBéarla amháin atá an t‑ainmchlár nua.
Baggot CourtCúirt Bhagóid 
Baggot LaneLána Bhagóid 
Baggotrath PlacePlás Ráth BhagóidAs Robert Bagod.
Baggot RoadBóthar Bhagóid 
Baggot Street, LowerSráid Bhagóid Íochtarach“Sráid an Rátha” (ceann de na hainmneacha a mhol Seosamh Laoide agus a chomh­ghleacaithe ón mbliain 1905 ar aghaidh) atá ar na hainm­chláir. (Manor of the Rath an t‑ainm a bhí ar an gceantar seo, ansin Baggotrath, as an sloinne.)
Baggot Street, UpperSráid Bhagóid
Baggot TerraceArdán Bhagóid
Bailey’s RowSraith Bailey 
Balbutcher DriveCéide Bhaile Bhúiséir 
Balbutcher LaneLána Bhaile BhúiséirAs an mbaile fearainn.
Balbutcher WayBealach Bhaile Bhúiséir 
Balcurris CloseClós Bhaile Cora 
Balcurris GardensGairdíní Bhaile Cora 
Balcurris ParkPáirc Bhaile Cora 
Balcurris Park, WestPáirc Bhaile Cora Thiar 
Balcurris RoadBóthar Bhaile CoraAs an mbaile fearainn.
Balfe AvenueAscaill an Bhalbhaigh
Balfe RoadBóthar an BhalbhaighAs Michael William Balfe, cumadóir; i ngrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí.
Balfe Road, EastBóthar an Bhalbhaigh Thoir 
Balfe StreetSráid an BhalbhaighAs Michael William Balfe, cumadóir, a rugadh sa tsráid seo. “Sráid Balf” atá ar na hainmchláir.
Ballsbridge AvenueAscaill Dhroichead na Dothra 
Ballsbridge ParkPáirc Dhroichead na Dothra 
Ballsbridge TerraceArdán Dhroichead na Dothra 
Ballsbridge WoodCoill Dhroichead na Dothra
Ball’s LaneLána Ball“Lána Bhál” atá ar an ainm­chlár agus sa liosta oifigiúil.
Ballyboggan RoadBóthar Bhaile BhogáinAs an mbaile fearainn.
Ballybough AvenueAscaill an Bhaile Bhoicht 
Ballybough CourtCúirt an Bhaile Bhoicht
Ballybough LaneLána an Bhaile Bhoicht
Ballybough RoadBóthar an Bhaile Bhoicht 
Ballyfermot AvenueAscaill Bhaile Formaid 
Ballyfermot CrescentCorrán Bhaile Formaid 
Ballyfermot DriveCéide Bhaile Formaid 
Ballyfermot ParadeParáid Bhaile Formaid 
Ballyfermot RoadBóthar Bhaile Formaid 
Ballygall AvenueAscaill Bhaile Gall 
Ballygall CrescentCorrán Bhaile Gall 
Ballygall ParadeParáid Bhaile Gall 
Ballygall PlacePlás Bhaile Gall 
Ballygall Road, EastBóthar Bhaile Gall Thoir 
Ballygall Road, WestBóthar Bhaile Gall Thiar 
Ballyhoy AvenueAscaill Bhaile Uí EochaidhAs an mbaile fearainn.
Ballymount Road, LowerBóthar Bhaile an Mhóta Íochtarach 
Ballymun RoadBóthar Bhaile Munna 
Ballyneety RoadBóthar Bhaile an FhaoitighAs an mbaile i gCo. Luimnigh; i ngrúpa sráideanna i mBaile Formaid a ainmníodh as áiteanna agus eachtraí a raibh baint acu le Patrick Sarsfield.
Ballyshannon AvenueAscaill Bhéal Átha Seanaidh 
Ballyshannon RoadBóthar Bhéal Átha Seanaidh 
BalnagowanBaile na nGabhannAs teach darbh ainm Balnagowan (a ainmníodh as Baile nan Gobhann, sráid­bhaile i Siorrachd Rois, is dócha).
Bangor DriveCéide Bheannchair 
Bangor RoadBóthar BheannchairI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Banna VillaBailtín na BeannaíAs teach darbh ainm Banna Villa (a ainmníodh as an gceantar i gCo. Chiarraí, is dócha). “Bannaville” (Béarla agus Gaeilge) atá sa liosta oifigiúil.
Bannow RoadBóthar Bhanú 
Bann RoadBóthar na Banna 
Bantry RoadBóthar Bheanntraí 
Bargy RoadBóthar Uí BairrcheAs an mbaile i gCo. Loch Garman; i ngrúpa sráideanna i gceantar an Phoirt Thoir a ainmníodh as áiteanna i gCo. Loch Garman a raibh baint acu le hÉirí Amach 1798. Foirm lochtach, “Bóthar Uí Bhairche,” atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil. Logainm is ea Uí Bairrche, ceann de na hainmneacha sin (Uí Fiachra, Uí Maine, srl.) arbh ainmneacha treibhe iad; meancóg is ea é ainm den chineál sin a shéimhiú ar nós sloinne san uimhir uatha.
Barnamore CrescentCorrán na Bearna MóireCorrán Bhearna Mhór atá sa liosta oifigiúil.
Barnamore GroveGarrán na Bearna MóireGarrán Bhearna Mhór atá sa liosta oifigiúil.
Barnamore ParkPáirc na Bearna MóireNíl a fhios agam cad is bunús leis. “Páirc Bhearna Mór” atá ar na hainm­chláir, “Páirc Bhearna Mhór” sa liosta oifigiúil.
Barnewall DriveCéide de BearnabhalAs muintir Barnewall. “Céide de Bearnabhál” atá ar an ainmchlár.
Barnewall GardensGairdíní de Bearnabhal“Gairdíní an Bhearnabhálaigh” atá ar an ainmchlár.
Barnville ParkPáirc BarnvilleAs an sloinne, is dócha.
Barrack LaneLána na BeairiceAs beairic a bhí anseo.
Barron PlacePlás an BharúnaighAs Philip Barron, is dócha; i ngrúpa sráideanna i nDroim Conrach a ainmníodh as scríbhneoirí agus scoláirí.
Barrow RoadBóthar na Bearú 
Barrow StreetSráid na Bearú 
Barry AvenueAscaill an Bharraigh 
Barry CloseClós an Bharraigh 
Barry DriveCéide an Bharraigh 
Barry GreenFaiche an Bharraigh 
Barry ParkPáirc an Bharraigh 
Barry RoadBóthar an Bharraigh 
Barryscourt RoadBóthar Chúirt an Bharraigh
Basin Street (Lower)Sráid an Taiscumair (Íochtarach)As an City Basin​—​cuid den Chanáil Mhór​—​a bhí anseo.
Basin ViewRadharc an TaiscumairSeanainm na sráide, “Basin Street, Upper,” atá sa liosta oifigiúil.
Bass PlacePlás Bass 
Bath AvenueAscaill na bhFolcadán 
Bath Avenue GardensGairdíní Ascaill na bhFolcadán 
Bath Avenue PlacePlás Ascaill na bhFolcadán“Plás Ascaill an Ionnlait” atá ar an ainm­chlár nua.
Bath LaneLána na bhFolcadán 
Bath StreetSráid na bhFolcadán“Sr. an Ionnlaith” agus “Sráid an Ionnlait” atá ar na hainmchláir.
Baymount ParkPáirc Chnocán an ChuainAs teach darbh ainm Baymount Castle.
Bayview [an Rinn]Radharc an ChuainAs teach darbh ainm Bay View. “Radharc an Bhaighe” atá ar na hainm­chláir. De réir léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis is cuid de Shráid Penfro é.
Bayview Avenue [an Trá Thuaidh]Ascaill Radharc an ChuainAs teach darbh ainm Bayview.
Beach AvenueAscaill an Chladaigh 
Beach DriveCéide an Chladaigh 
Beach RoadBóthar an Chladaigh 
Beatty’s AvenueAscaill an Bhiataigh
Beaumont CrescentCorrán Beaumont 
Beaumont GroveGarrán Beaumont 
Beaumont RoadBóthar BeaumontAs an mbaile fearainn, a ainmníodh as teach darbh ainm Beaumont House (Teach Téarnaimh Beaumont anois). Pucks­town Road (as an mbaile fearainn sin) ab ainm don bhóthar seo tráth, agus is cosúil go bhfuil an t‑ainm “Bóthar Bhaile Phúca” á úsáid ag daoine áirithe sa cheantar.
Beau Park AvenueAscaill na Páirce Áille
Beau Park CrescentCorrán na Páirce Áille
Beau Park MewsEachlann na Páirce Áille
Beau Park PlacePlás na Páirce Áille
Beau Park RoadBóthar na Páirce Áille
Beau Park RowSraith na Páirce Áille
Beau Park SquareCearnóg na Páirce Áille
Beau Park StreetSráid na Páirce Áille
Beau Park TerraceArdán na Páirce Áille
Beauvale ParkPáirc an Ghleanntáin ÁlainnAinm nua a cumadh, is dócha, ar mhúnla Beaumont. “Páirc Beauvale” atá sa liosta oifigiúil.
Beaver CloseClós BeaverAs an sloinne, is dócha. Mí­thuiscint is cúis leis an bhfoirm “Clós na mBéabhar,” atá sa liosta oifigiúil.
Beaver RowSraith na mBéabharAs monarcha hataí a bhí anseo.
Beaver StreetSráid BeaverAs an sloinne, is dócha. Mí­thuiscint is cúis leis an bhfoirm “Sráid na mBéabhar,” atá sa liosta oifigiúil.
Bective SquareCearnóg BheigthíAs an mbaile i gCo. na Mí.
Bedford CourtCúirt Bedford
Bedford LaneLána Bedford
Bedford RowSraith BedfordAs John Russell, “Duke of Bedford,” fear ionaid an rí).
Beechbrook GroveGarrán Shruthán na Feá 
Beechdale MewsEachlann Ghleanntán na Feá 
the Beechesna Feánna 
Beech Hill AvenueAscaill Chnoc na FeáAs teach darbh ainm Beech Hill.
Beech Hill CrescentCorrán Chnoc na Feá 
Beech Hill DriveCéide Chnoc na Feá 
Beech Hill RoadBóthar Chnoc na Feá 
Beech Hill TerraceArdán Chnoc na Feá 
Beech Hill VillasBailtíní Chnoc na Feá
Beechlawn AvenueAscaill Phlásóg na Feá 
Beechlawn CloseClós Phlásóg na Feá 
Beechlawn GreenFaiche Phlásóg na Feá 
Beechlawn GroveGarrán Phlásóg na Feá 
Beechlawn WayBealach Phlásóg na Feá 
Beechpark AvenueAscaill Pháirc na Feá 
Beechpark CourtCúirt Pháirc na Feá 
Beechwood Avenue, LowerAscaill Choill na Feá Íochtarach 
Beechwood Avenue, UpperAscaill Choill na Feá Uachtarach 
Beechwood ParkPáirc Choill na Feá 
Beechwood RoadBóthar Choill na Feá 
Beggarsbush CourtCúirt Thor na mBacachNí raibh tor sa cheantar seo riamh faoinar cruinníodh lucht déirce, mar a deirtear. Meafar coitianta ba ea “to go home by Beggars’ Bush,” “by Thieves’ Acre,” agus a leithéid, mar rabhadh do dhuine ar bhealach a aimhleasa (ar nós “to end up in Queer Street”). Ón séú haois déag ar aghaidh tugadh an t‑ainm seo ar áiteanna éagsúla i Sasana agus ansin in Éirinn le cur i gcéill gurbh é sin nó é siúd “fíor­shuíomh” an toir shamhailtigh seo.
Belcamp AvenueAscaill BelcampAs an teach darbh ainm Belcamp Park (áit chónaithe mhuintir Henry Grattan) agus an mbaile fearainn timpeall air.
Belcamp CrescentCorrán Belcamp 
Belcamp GardensGairdíní Belcamp 
Belcamp GreenFaiche Belcamp 
Belcamp GroveGarrán Belcamp 
Belcamp LaneLána Belcamp 
Belclare CrescentCorrán Bhéal Chláir 
Belclare DriveCéide Bhéal Chláir 
Belclare GreenFaiche Bhéal Chláir 
Belclare GroveGarrán Bhéal Chláir 
Belclare LawnsPlásóga Bhéal Chláir 
Belclare ParkPáirc Bhéal Chláir 
Belclare TerraceArdán Bhéal Chláir 
Belclare WayBealach Bhéal Chláir 
Belgrave AvenueAscaill Belgrave 
Belgrave PlacePlás Belgrave 
Belgrave RoadBóthar Belgrave 
Belgrave SquareCearnóg BelgraveAs an gcearnóg i Londain.
Belgrave ViewRadharc Belgrave
Belgrave VillasBailtíní Belgrave
Belgrove LawnPlásóg Belgrove 
Belgrove ParkPáirc Belgrove 
Belgrove RoadBóthar BelgroveAs an teach darb ainm Bellgrove House.
Bella AvenueAscaill Bella 
Bella PlacePlás Bella 
Bella StreetSráid Bella 
BellevilleBellevilleAs teach darbh ainm Belleville.
Belleville AvenueAscaill Belleville
Bellevue CottagesIostáin BellevueAs an teach darbh ainm Bellevue (mar a bhfuil Eastát Tionsclaíoch Bellevue anois), a ainmníodh, b’fhéidir, as an château gar do Pháras.
Bellman’s WalkCosán an ChlogaireSráid nua ar tugadh ainm bréag-​stairiúil uirthi. Tá an mí­litriú “Bellmans Walk” sa liosta oifigiúil.
Bell’s LaneLána Bell 
Belmayne AvenueAscaill Bhéal na MaighneAinm nua a cumadh as ainm na habhann.
Belmayne Park, NorthPáirc Bhéal na Maighne Thuaidh
Belmayne Park, SouthPáirc Bhéal na Maighne Theas
Belmont AvenueAscaill BelmontAs teach darbh ainm Belmont.
Belmont CourtCúirt Belmont 
Belmont GardensGairdíní Belmont 
Belmont Park [dhá cheann]Páirc Belmont 
Belmont PlacePlás Belmont 
Belmont VillasBailtíní Belmont
Belton Park AvenueAscaill Pháirc an Bhéalatúnaigh“Ascaill Pháirc Bhéalatúin” atá sa liosta oifigiúil.
Belton Park GardensGairdíní Pháirc an Bhéalatúnaigh“Gairdíní Pháirc Bhéalatúin” atá sa liosta oifigiúil.
Belton Park RoadBóthar Pháirc an BhéalatúnaighAs Patrick Belton TD, úinéir na talún anseo. “Bóthar Pháirc Bhéalatúin” atá sa liosta oifigiúil.
Belton Park VillasBailtíní Pháirc an Bhéalatúnaigh“Bailtíní Pháirc Bhéalatúin” atá sa liosta oifigiúil.
Belvidere AvenueAscaill Belvidere 
Belvidere CourtCúirt Belvidere 
Belvidere PlacePlás BelvidereAs an teach darb ainm Belvidere House i Sráid Mhór na Danmhairge (scoil anois), a ainmníodh as George Rochfort, “Earl of Belvidere.” Tá an litriú “Belvedere” sa liosta oifigiúil.
Belvidere RoadBóthar Belvidere 
BelviewBelview“Sár-Radharc” atá ar an ainm­chlár. Tá an litriú “Bellevue” ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis agus sa liosta oifigiúil. (Féach freisin Sugar House Lane.)
Benbulbin AvenueAscaill Bhinn Ghulbain 
Benbulbin RoadBóthar Bhinn Ghulbain 
Benburb StreetSráid na Binne BoirbeAs Cath na Binne Boirbe (1646) i gCo. Thír Eoghain.
Beneavin CourtCúirt Bhinn Aoibhinn 
Beneavin DriveCéide Bhinn Aoibhinn 
Beneavin ParkPáirc Bhinn Aoibhinn 
Beneavin RoadBóthar Bhinn Aoibhinn 
Ben Edar RoadBóthar Bhinn Éadair 
Bengal TerraceArdán Bangal
Benmadigan RoadBóthar Bhinn MhadagáinAs ainm eile ar Bhinn Uamha, Co. Aontroma; i ngrúpa sráideanna i nDroimeanach a ainmníodh as sliabhraonta.
Benson StreetSráid BensonAs Richard Benson, úinéir talún.
Beresford AvenueAscaill Beresford 
Beresford GreenFaiche Beresford 
Beresford LaneLána BeresfordBréag-Ghaeilge áiféiseach, “Lána Dúinsméara,” atá ar na hainmchláir.
Beresford LawnPlásóg Beresford 
Beresford PlacePlás BeresfordAs John Beresford.
Beresford StreetSráid Beresford“Sráid Dúinsméara” atá ar na hainm­chláir nua.
Berkeley AvenueAscaill Berkeley 
Berkeley PlacePlás Berkeley 
Berkeley RoadBóthar BerkeleyAs an Easpag George Berkeley. (Is mar “Barkley” a fhuaimnítear an sloinne seo​—​in ainneoin na bréag-​Ghaeilge “Beirclí” ar roinnt de na hainmchláir.)
Berkeley StreetSráid Berkeley“Sráid Ghlas Caonóg” (ceann de na hainmneacha a mhol Seosamh Laoide agus a chomh­ghleacaithe ón mbliain 1905 ar aghaidh) atá ar na hainm­chláir. (Sean­ainm ar an sruth darb ainm an Bhradóg is ea Glas Caonóg.)
Berkeley TerraceArdán Berkeley 
Berryfield CrescentCorrán Ghort na Sméar 
Berryfield DriveCéide Ghort na Sméar 
Berryfield RoadBóthar Ghort na Sméar 
Bessborough AvenueAscaill BessboroughAs John Ponsonby, “Earl of Bessborough” (teideal a ainmníodh as teach i gCill an Dátúnaigh, Co. Chill Chainnigh, a ainmníodh féin, is dócha, as duine de mhuintir an úinéara), fear ionaid an rí. “Ascal Bheasbra” atá ar na hainmchláir.
Bessborough ParadeParáid Bessborough 
Bethesda PlacePlás BhéiteasdaAs an Bethesda Chapel, a bhí anseo, a ainmníodh as linn a luaitear sa Bhíobla—ainm coitianta tráth ar shéipéil neamhaontacha. Meancóg is ea “Plás Bhéatsáide” (.i. Bethsaida), atá sa liosta oifigiúil.
BettyglenBettyglenAs an teach anseo darb ainm Bettyglen (a ainmníodh as Betty Jameson, iníon an úinéara).
Bettystown AvenueAscaill Bhaile an Bhiataigh 
Beverly CourtCúirt Beverly
Bigger RoadBóthar BiggerAs Francis Joseph Bigger, scoláire.
Bishop StreetSráid an EaspaigAs Ard­easpag Bhaile Átha Cliath.
Blackberry LaneLána na Sméar Dubh“Lána na Sméar” atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil.
Blackditch DriveCéide an Chlaí Dhuibh 
Blackditch RoadBóthar an Chlaí DhuibhAs an mbaile fearainn, nó as an sruth anseo darb ainm Blackditch Stream.
Blackhall ParadeParáid Blackhall 
Blackhall PlacePlás BlackhallAs Thomas Blackhall, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath.
Blackhall StreetSráid Blackhall“Sraíd [sic] Blackhall” atá ar na hainm­chláir nua.
Blackhall WalkCosán Blackhall
Blackheath AvenueAscaill an Fhraoigh Dhuibh 
Blackheath CourtCúirt an Fhraoigh Dhuibh 
Blackheath DriveCéide an Fhraoigh Dhuibh 
Blackheath GardensGairdíní an Fhraoigh Dhuibh 
Blackheath GroveGarrán an Fhraoigh Dhuibh 
Blackheath ParkPáirc an Fhraoigh DhuibhAs teach darbh ainm Blackheath, a ainmníodh, is cosúil, as an sloinne Black.
Blackhorse AvenueAscaill an Chapaill DhuibhAs ainm tábhairne. “Ascaill an Chiardhuibh” atá ar na hainm­chláir agus anois sa liosta oifigiúil.
Blackhorse DownsMulláin an Chapaill Dhuibh 
Blackhorse GroveGarrán an Chapaill Dhuibh 
Blackpittsna Cuithí Dubha Sa liosta oifigiúil. Ainmníodh an tsráid as cuithí (claiseanna) súdaireachta a bhí anseo.
Black StreetSráid BlackAs Gibson Black, duine de stiúrthóirí Dublin Artisans’ Dwellings Company, a thóg na tithe seo. “Sráid Mhic Dhuibh” atá ar na hainm­chláir; “Sráid Uí Dhuibh” atá sa liosta oifigiúil.
Blackwater RoadBóthar na hAbhann Móire 
Blarney ParkPáirc na Blarnan 
Blessington CourtCúirt Bhaile Coimín 
Blessington LaneLána Bhaile Coimín 
Blessington PlacePlás Bhaile Coimín 
Blessington StreetSráid Bhaile CoimínAs Charles John Gardiner, “Earl of Blessington” (teideal a ainmníodh as an sráid­bhaile i gCo. Chill Mhantáin).
Blood Stoney RoadBóthar Blood StoneyAs an Dr Bindon Blood Stoney, príomh­innealtóir Chalafort Bhaile Átha Cliath, 1862–1898; ceann de na sráideanna nua i gceantar na ndugaí. (Féach freisin Stoney Road.)
Bloomfield Avenue [Crois Araild]Ascaill BloomfieldAs teach darbh ainm Bloomfield, nó as muintir Bloomfield, a raibh cónaí orthu anseo. “Ascaill Ghort na mBláth [sic]” atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil.
Bloomfield Avenue [Domhnach Broc]Ascaill Pháirc na mBláthannaAs teach darbh ainm Bloom Field (Bloomfield Hospital anois). “Ascaill Bhláthghoirt” atá ar na hainm­chláir; “Ascaill Ghort na mBláth [sic]” atá sa liosta oifigiúil.
Bloomfield CottagesIostáin Bloomfield 
Bloomfield ParkPáirc Bloomfield“Páirc Ghort na mBláth [sic]” atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil.
Bloom LaneLána BloomAs Leopold Bloom, pearsa san úrscéal Ulysses.
Bluebell AvenueAscaill an Chloigín Ghoirm 
Bluebell LaneLána an Chloigín Ghoirm 
Bluebell RoadBóthar an Chloigín Ghoirm 
Blunden DriveCéide BlundenAs duine den sloinne seo, is dócha.
Blythe AvenueAscaill BlytheIs é Blythe’s Avenue an bhunfhoirm.
Boardman’s LaneAscaill Boardman 
Bolton StreetSráid an BhóltúnaighAistriú stairiúil. Ainmníodh an tsráid as Charles Paulet, “Duke of Bolton” (teideal a ainmníodh as an mbaile mór i Sasana), fear ionaid an rí. “Sráid Bolton” atá sa liosta oifigiúil.
Bond DriveCéide BondCeann de na sráideanna nua i gceantar na ndugaí a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu.
Bond Drive ExtensionSíneadh Chéide BondCeann de na sráideanna nua i gceantar na ndugaí a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu.
Bond RoadBóthar Bond 
Bond Road ExtensionSíneadh Bhóthar Bond 
Bond StreetSráid BondAs James Bond, a thóg na sráideanna seo san ochtú haois déag.
Bonham StreetSráid BonhamAs an sloinne. “Sráid Banám [sic]” atá ar na hainm­chláir nua.
Boolavogue RoadBóthar Bhuaile MhaodhógAs an mbaile i gCo. Loch Garman; i ngrúpa sráideanna i gceantar an Phoirt Thoir a ainmníodh as áiteanna i gCo. Loch Garman a raibh baint acu le hÉirí Amach 1798.
Borris CourtCúirt BorTruailliú de Bor’s Court is ea an t‑ainm Béarla (as John Bor, a raibh scoil aige anseo sa seachtú haois déag). “Cúirt Bhoir” atá ar an ainm­chlár; “Cúirt Burris” (mar aon le “Burris Court”) atá sa liosta oifigiúil.
Botanic AvenueAscaill Gharraithe na Lusanna“Ascaill Gharraithe na Lus [sic]” atá sa liosta oifigiúil.
Botanic ParkPáirc Gharraithe na Lusanna“Páirc Gharraithe na Lus [sic]” atá sa liosta oifigiúil.
Botanic RoadBóthar Gharraithe na LusannaAinmníodh na bóithre seo as Garraithe Náisiúnta na Lusanna. “Bóthar na nGarrdhaí” atá ar na hainm­chláir; “Bóthar Gharraithe na Lus [sic]” atá sa liosta oifigiúil.
Botanic VillasBailtíní Gharraithe na Lusanna“Bailtíní Gharraithe na Lus [sic]” atá sa liosta oifigiúil.
Boundary RoadBóthar na Teorann
Bourke PlacePlás an BhúrcaighAs William Bourke; i ngrúpa sráideanna i gCill Mhaighneann​—​ar tugadh Ceannt Fort air roimhe sin​—​a ainmníodh as óglaigh a maraíodh anseo sa bhliain 1916. Foirm lochtach, “Plás de Búrc” (mar aon le “Burke Place”), atá ar an ainm­chlár; “Burke Place” atá sa liosta oifigiúil freisin.
Bow Bridgean Droichead CamAs an droichead trasna na Camóige anseo.
Bow Lane, EastLána na hUillinneIs é Elbow Lane an bhun­fhoirm (in ainneoin “Beaux Lane House” ar chomhartha mór ar cheap oifigí). “Lána Bow Thoir” agus “Lána na mBóic Thoir” atá ar na hainm­chláir, “Lána na hUillinne Thoir” sa liosta oifigiúil.
Bow Lane, Westan Lána Cam“Lána na mBóic Thiar” atá ar ainm­chlár amháin, “Lána Bow Thiar” ar an gceann eile. “Lána na hUillinne Thiar” atá sa liosta oifigiúil.
Bow StreetSráid Loch BuíIs iad Lough Boy agus Loughbooy na hainmneacha is sine atá againn ar an gcuid thuaidh den tsráid seo, ón seachtú haois déag (as lochán salach, is dócha), ansin Bow Lane agus níos déanaí Bow Street. Oxmantown Green ab ainm don chuid theas, agus ansin Bow Lane. Deir McCready (Dublin Street Names, 1892), áfach, gurb é Bowes Street an bhun­fhoirm, as John Bowes, tiarna seansailéara na hÉireann san ochtú haois déag, a raibh cónaí air sa tsráid. “Sráid na mBóic” atá ar an sean-​ainmchlár aonair; “Sráid Bowes” atá sa liosta oifigiúil.
Boyne LaneLána na Bóinne
Boyne RoadBóthar na Bóinne 
Boyne StreetSráid na Bóinne 
Brabazon PlacePlás Brabazon“Plás Bhrabazon” atá ar an ainmchlár.
Brabazon RowSraith Brabazon 
Brabazon SquareCearnóg Brabazon 
Brabazon StreetSráid BrabazonAs Edward Brabazon, “Baron Ardee”; ceann de na sráideanna sa cheantar seo a ainmníodh as muintir Brabazon, úinéirí talún anseo.
Bracken’s LaneLána Uí Bhreacáin“Lána Bhreacáin” atá ar an sean-​ainmchlár.
BrainboroughBrainboroughAs an sloinne, b’fhéidir, nó as an sráid­bhaile i gCumberland. “Ardán Bhréanbhuirg” (mar aon le “Brainboro Terrace”) atá ar na hainm­chláir; ainm mí­cheart, “Brainsborough,” atá sa liosta oifigiúil.
Braithwaite StreetSráid Braithwaite 
the Bramblingsna BreacáinÉan is ea an brambling; ach b’fhéidir gur cheap an tógálaí gur leagan níos galánta de brambles a bhí ann. “Cúirt na nDriseog” atá sa liosta oifigiúil.
Brandon RoadBóthar Bhréanainn 
Brandon TerraceArdán Bhréanainn 
Breakwater Road, NorthBóthar an Tonnchoisc ThuaidhCeann de na sráideanna nua i gceantar na ndugaí a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu. Tonn­chosc i mbéal na Life a bhí anseo sular líonadh cuid den chuan chun tailte nua a chruthú.
Breakwater Road, SouthBóthar an Tonnchoisc TheasAr léarscáil 25 orlach na Suirbhéireachta Ordanáis (1900) tá Port Crionain ar an tonnchosc, ainm a cruthaíodh as Crinan, a bhí mar ainm ar chuid de thailte Mhainistir Mhuire sa Mheánaois. Bhí “Port Chríonáin” freisin mar ainm ar oifig phoist an Phoirt Thuaidh i dtús an fhichiú haois.
Bregia RoadBóthar Mhaigh BréAs leagan Laidine den ainm Sean-Ghaeilge Brega (.i. machairí) nó Mag Breg, a bhí ar an machaire idir an Life agus an Bhóinn, agus ar an bpobal a mhair ann. “Bóthar Bhreagha” atá ar na hainm­chláir; “Bóthar Bhreá” atá sa liosta oifigiúil.
Bremen AvenueAscaill Bremen 
Bremen GroveGarrán Bremen 
Bremen RoadBóthar BremenAs long, an City of Bremen, a chuir fórsaí de chuid na Gearmáine go grinneall sa bhliain 1942; i ngrúpa sráideanna sa Rinn a ainmníodh as longa den tréimhse sin. Foirm mhí­cheart, “Bóthar Bhreimin,” atá ar an ainmchlár.
Brendan Behan CourtCúirt Brendan Behan
Brendan RoadBóthar Bhreandáin 
Brian AvenueAscaill Bhriain 
Brian Bórú AvenueAscaill Bhriain Bhórú 
Brian Bórú StreetSráid Bhriain Bhórú 
Brian RoadBóthar BhriainAs Brian Bórú.
Brian TerraceArdán Bhriain 
Briarfield GroveGarrán Ghort na nDriseacha“Garrán Ghort na nDriseog” atá sa liosta oifigiúil.
Briarfield RoadBóthar Ghort na nDriseachaAs teach darbh ainm Briarfield. “Bóthar Ghort na nDriseog” atá sa liosta oifigiúil.
Briarfield VillasBailtíní Ghort na nDriseacha
Briarfield WalkCosán Ghort na nDriseacha
Brickfield DriveCéide Gharraí na mBrícíÁit ina ndéantaí brící as an gcré ba ea garraí brící. “Céide Ghort na mBrící” atá sa liosta oifigiúil.
Brickfield LaneLána Gharraí na mBrící“Lána Ghort na mBrící” atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil.
Bride CloseClós Bhríde
Bride RoadBóthar Bhríde 
Bride StreetSráid BhrídeIs é St Bride’s Street an bhun­fhoirm. “Bríd‑Sráid” (!) atá ar na hainm­chláir nua.
Bride Street, NewSráid Nua Bhríde“Sráid Bhríde Nua” atá sa liosta oifigiúil.
Bridgefoot StreetSráid Bhun an DroichidAs teach darbh ainm Bridgefoot. “Sráid Bhun Droichid” atá sa liosta oifigiúil.
Bridge Street [dhá cheann]Sráid an Droichid 
Bridge Street, LowerSráid an Droichid Íochtarach 
Bridge Street, UpperSráid an Droichid Uachtarach 
Bridgeview Halting-SiteStad Radharc an Droichid 
Brighton Avenue [dhá cheann]Ascaill Brighton 
Brighton GardensGairdíní Brighton 
Brighton GreenFaiche Brighton 
Brighton RoadBóthar Brighton 
Brighton SquareCearnóg Brighton 
Britain PlacePlás na BreataineTá “Plás Breatain” ar cheann amháin de na hainm­chláir, “Plás na Breataine” ar an gceann eile.
Britain QuayCé na BreataineAinm nua ar Great Britain Quay.
Britain Street (Little)Sráid (Bheag) na Breataine“Sráid na Breataine Bige” (mar aon le “Brittain [sic] Street Little”) atá ar na hainm­chláir; “Sráid na Breataine Bheag” atá sa liosta oifigiúil.
Broadstonean Chloch Leathan 
Broadstone AvenueAscaill na Cloiche Leithne“Ascal na Bradóige” (as sruth anseo) atá ar na hainmchláir.
Broadstone PlacePlás na Cloiche Leithne 
Brodir RowSraith BrodirAs Bróðir, taoiseach Lochlannach a maraíodh i gCath Chluain Tarbh; i ngrúpa sráideanna nua i mBaile na Lochlannach darb ainm Palatine Square (a ainmníodh as cuid de Dhún Uí Choileáin) a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu. “Rae Bhruadair” atá sa liosta oifigiúil.
Brookfield [dhá cheann]Gort an tSrutháin 
Brookfield CourtCúirt Ghort an tSrutháin
Brookfield GreenFaiche Ghort an tSrutháin 
Brookfield RoadBóthar Ghort an tSrutháin“Bóthar Ghort na Sruthán” atá ar an ainmchlár.
Brookfield StreetSráid Ghort an tSrutháin“Sráid Srúill‑Ghort” atá ar an ainm­chlár nua.
BrooklawnPlásóg an tSrutháin
Brookvale RoadBóthar Ghleanntán an tSrutháin 
BrookvilleBaile an tSrutháin
Brookville CrescentCorrán Bhaile an tSrutháinAs an mbaile fearainn.
Brookville Park [dhá cheann]Páirc Bhaile an tSrutháin 
Brookwood AvenueAscaill Choill an tSrutháin 
Brookwood CrescentCorrán Choill an tSrutháin 
Brookwood DriveCéide Choill an tSrutháin 
Brookwood GlenGleann Choill an tSrutháin 
Brookwood GroveGarrán Choill an tSrutháin 
Brookwood HeightsArda Choill an tSrutháin 
Brookwood LawnPlásóg Choill an tSrutháin 
Brookwood MeadowCluain Choill an tSrutháin 
Brookwood ParkPáirc Choill an tSrutháin 
Brookwood RiseArd Choill an tSrutháin 
Brookwood RoadBóthar Choill an tSrutháin 
Broome Bridge CloseClós Dhroichead Broome
Broome Bridge RoadBóthar Dhroichead BroomeAs an droichead trasna na Canála Ríoga anseo, a ainmníodh as William Broome, duine de stiúrthóirí an Royal Canal Company. (William Rowan Hamilton Bridge is ainm don droichead anois.) Tá an mí­litriú “Broombridge” ar na hainm­chláir agus anois sa liosta oifigiúil.
Brown Street, NorthSráid an Bhrúnaigh Thuaidh
Brown Street, SouthSráid an Bhrúnaigh Theas 
Brunswick PlacePlás Brunswick 
Brunswick Street (North)Sráid Brunswick Thuaidh“Rae an Chainéil” atá ar na hainm­chláir (as sean­ainm na sráide, Channel Row).
Buckingham Street, LowerSráid Buckingham Íochtarach 
Buckingham Street, UpperSráid Buckingham UachtarachAs George Nugent-​Temple-​Grenville, “Marquis of Buckingham” (teideal a ainmníodh as an mbaile mór), fear ionaid an rí.
Bulfin GardensGairdíní Bulfin 
Bulfin RoadBóthar BulfinAs William Bulfin, scríbhneoir.
Bull Alley StreetSráid Scabhat an TairbhAs ainm tábhairne, is dócha. Bell Alley atá sa tagairt is sine, ansin Bull Alley, ansin Ball Alley! “Sráid an Bhulla” (focal nach bhfuil aon bhrí leis sa chomhthéacs seo) atá ar na hainm­chláir; “Sráid Scabhat na dTarbh” atá sa liosta oifigiúil.
Bull WallBalla an BhullaDhá oitir ghainimh ba ea an North Bull agus an South Bull (ghlaoití na Bull Sands orthu freisin) sular tógadh na ballaí seo agus na cosáin ar a mbarr san ochtú haois déag. Is ar léarscáil Greenville Collins (1693) a luaitear na hainmneacha sin den chéad uair (go bhfios dom), mar aon leis an nóta “a hard Sand dry at Low water”; agus b’fheidir gur sean­téarma mairnéalachta é bull i gcomhair gaineamh dá leithéid sin. (Féach go bhfuil oitir darb ainm Bull Sand in inbhear an Humber in oir­thuaisceart Shasana, agus is é Bull Channel ainm an chainéil i lár an tsrutha.) Gaelú den fhocal Béarla is ea “bulla.”
Bull Wall CottagesIostáin Bhalla an Bhulla 
Bunratty AvenueAscaill Bhun Raite 
Bunratty DriveCéide Bhun Raite 
Bunratty RoadBóthar Bhun RaiteAs an mbaile i gCo. an Chláir.
Bunting RoadBóthar BuntingAs Edward Bunting, bailitheoir ceoil; i ngrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí.
Burgess LaneLána Burgess“Lána Bhuirghéis” atá ar an ainmchlár.
Burgh QuayCé BurghAs Elizabeth Burgh. “Cé an Bhúrcaigh” atá sa liosta oifigiúil agus ar na hainm­chláir nua, ach ní dóigh liom go n‑oireann an fhoirm sin d’ainm mná. (Tá Cé Burgh á úsáid ag gníomhaireachtaí oifigiúla anois.)
Burlington RoadBóthar BurlingtonAs teach darbh ainm Burlington House.
Burren CourtCúirt Bhoirne 
Bushfield AvenueAscaill Ghort na dTor
Bushfield PlacePlás Ghort na dTor
Bushfield SquareCearnóg Ghort na dTorAs an teach darb ainm Bushfield.
Bushfield TerraceArdán Ghort na dTor
Bushy Park GardensGairdíní Pháirc na dTor 
Bushy Park RoadBóthar Pháirc na dTorAs an teach darb ainm Bushy Park. Thóg Arthur Bushe an teach sa bhliain 1700, agus tugadh Bushe’s House air, ach sa bhliain 1772 d’athraigh úinéir nua (John Hobson) an t‑ainm go Bushy Park, as an bpáirc mhór lasmuigh de Londain.
Buttercup AvenueAscaill na bhFearbán 
Buttercup CloseClós na bhFearbán 
Buttercup CrescentCorrán na bhFearbán 
Buttercup DriveCéide na bhFearbán 
Buttercup GreenFaiche na bhFearbán 
Buttercup ParkPáirc na bhFearbán 
Buttercup SquareCearnóg na bhFearbán 
Buttercup TerraceArdán na bhFearbán 
Byrne’s CottagesIostáin Uí Bhroin
Byrne’s Lane [dhá cheann]Lána Uí BhroinTá an mí­litriú “Byrnes Lane” sa liosta oifigiúil.
Cabra DriveCéide na Cabraí 
Cabra GroveGarrán na Cabraí 
Cabra ParkPáirc na Cabraí 
Cabra RoadBóthar na CabraíIs é Cabragh litriú oifigiúil an ainm Bhéarla. Foirm mhí­cheart, “Bóthar na Cabra,” atá ar na hainmchláir.
Cabra Road, OldSeanbhóthar na Cabraí 
Cadogan RoadBóthar CadoganAs George Cadogan, fear ionaid an rí, b’fhéidir. Sloinne Breatnach is ea Cadogan (is mar “Caduggan” a fhuaimnítear é). “Bóthar Céadagán” atá ar na hainmchláir.
Cairn CourtCúirt an Chairn 
Calderwood AvenueAscaill Calderwood 
Calderwood GroveGarrán Calderwood 
Calderwood RoadBóthar CalderwoodAs duine den sloinne seo, is dócha.
Caledon CourtCúirt Chionn Aird 
Caledon RoadBóthar Chionn AirdFoirm mhí­cheart den logainm, “Ceannard,” atá ar na hainm­chláir; foirm lochtach eile, “Ceann Ard,” atá sa liosta oifigiúil.
Camac CloseClós na CamóigeAs an abhainn. (Is é Cammock an litriú oifigiúil i mBéarla.)
Camac CourtCúirt na Camóige 
Camac ParkPáirc na Camóige 
Camac TerraceArdán na Camóige
Cambridge AvenueAscaill Cambridge 
Cambridge ParkPáirc Cambridge 
Cambridge Road [an Rinn]Bóthar CambridgeAs George Guelph, “Duke of Cambridge,” de réir Bunbury, Dublin Docklands: An Urban Voyage (2008).
Cambridge Road [Ráth Maonais]Bóthar CambridgeAs teach darbh ainm Cambridge House anseo.
Cambridge SquareCearnóg Cambridge 
Cambridge StreetSráid Cambridge 
Cambridge TerraceArdán Cambridge 
Cambridge VillasBailtíní Cambridge
Camden AvenueAscaill Camden 
Camden BuildingsFoirgnimh Camden 
Camden CourtCúirt Camden 
Camden MarketMargadh Camden
Camden PlacePlás Camden 
Camden RowSraith Camden 
Camden Street, LowerPort ChaoimhínLeagan den ainm is sine ar an tsráid seo, Keavans Port, atá ar na hainm­chláir agus a bhfuil taithí ag an bpobal air. “Sráid Camden Íochtarach” atá sa liosta oifigiúil.
Camden Street, UpperSráid Camden UachtarachB’fhéidir gur ainmníodh an tsráid seo as Charles Pratt, “Baron Camden,” Príomh-​Bhreitheamh Shasana, a raibh cáil air ón mbliain 1769 ar aghaidh mar chosantóir cearta sibhialta. Fear ionaid an rí in Éirinn ba ea a mhac, John Jeffreys Pratt, dara “Earl Camden,” 1795–98, ach bhí an t‑ainm seo ar an tsráid roimhe sin. I mBéarla amháin atá an t‑ainmchlár nua.
Cameron SquareCearnóg Chamshrón
Cameron StreetSráid ChamshrónFoirm mhí­cheart den sloinne Albanach seo, “Sráid Chamshróine,” atá sa liosta oifigiúil.
Campbell’s CourtCúirt Mhic Cathmhaoil“Cúirt Mhic Ailín” atá sa liosta oifigiúil. (Craobh de Chlann Chathmhaoil na hAlban a tháinig go hÉirinn ba ea Clann Mhic Ailín; níl a fhios agam cén fáth ar roghnaíodh an t‑ainm sin sa chás seo.)
Campbell’s LaneLána Mhic Cathmhaoil
Campbell’s RowSraith Mhic Cathmhaoil“Rae Mhic Ailín” atá sa liosta oifigiúil.
Canal RoadBóthar na Canála“Bóthar na Canálach” srl. atá sa liosta oifigiúil
Canal TerraceArdán na Canála 
Canon Lillis AvenueAscaill an Chanónaigh Laighléis“Ascaill an Chanónach Laighléis” atá ar an ainm­chlár; foirm neamh­stairiúil den sloinne, “Uí Laighléis,” atá sa liosta oifigiúil.
Canon Mooney GardensGairdíní an Chanónaigh Uí Mhaonaigh
Capel StreetSráid CapelAs Arthur Capel. “Sráid Chéipil” atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil.
Cappagh AvenueAscaill na CeapaíAs an mbaile fearainn.
Cappagh DriveCéide na Ceapaí 
Cappagh GreenFaiche na Ceapaí 
Cappagh RoadBóthar na Ceapaí 
Captain’s AvenueAscaill an Chaptaein 
Captain’s DriveCéide an Chaptaein 
Captain’s RoadBóthar an ChaptaeinThe Captain’s Lane ab ainm don bhóthar anseo sular tógadh an bóthar nua timpeall na bliana 1935. Deirtear gur ainmníodh an lána as úinéir teach mór sa cheantar.
Cara CloseClós an Charad
Caragh CourtCúirt Loch Cárthaí
Caragh RoadBóthar Loch Cárthaí 
Cara ParkPáirc an Charad
Carberry RoadBóthar Chairbre
Carbury’s TerraceArdán Uí Chairbre
Cardiffcastle RoadBóthar Chaisleán ChairdifAs an mbaile fearainn.
Cardiff’s LaneLána de CarduibhAs Mathew Cardiff, saor bád. “Lána Chairdif” atá sa liosta oifigiúil.
Cardiffsbridge AvenueAscaill Dhroichead Chairdif 
Cardiffsbridge GroveGarrán Dhroichead Chairdif 
Cardiffsbridge RoadBóthar Dhroichead ChairdifAs an mbaile fearainn.
Card’s LaneLána CardAs duine dar shloinne Card, is dócha. “Lána na gCártaí” (!) atá ar an ainm­chlár, chomh maith leis an mí­litriú “Cards Lane”; tá an mí­­litriú céanna sa liosta oifigiúil.
Carleton RoadBóthar Uí ChearúlláinGalldú de dhá shloinne éagsúla, Ó Cearúlláin agus Ó Cairealláin, is ea Carleton; ainmníodh an bóthar seo as William Carleton, is dócha, arbh as Co. Thír Eoghain dó agus a raibh cónaí air i gCorrán Marino tráth. “Bóthar Uí Chairealláin” atá sa liosta oifigiúil.
Carlingford ParadeParáid Chairlinn 
Carlingford RoadBóthar ChairlinnAs teach darbh ainm Carlingford House.
Carlisle AvenueAscaill Carlisle“Ascal Caerluaill” atá ar na hainmchláir​—​iarracht ar Ghaelú den bhun­ainm Briotainise (Caer Leol), is dócha.
Carlisle StreetSráid CarlisleAs teideal Sasanach, a ainmníodh as an gcathair. “Sráid Chaerluaill” atá ar na hainmchláir.
Carlisle TerraceArdán Carlisle
Carman’s HallHalla CarmanTá an dá fhoirm Carman’s Hall agus Cammon Hall ann ó lár an ochtú haois déag. Is dócha gurb é an sloinne Carman atá ann. (Féach go bhfuil baile fearainn i ndeisceart Cho. Bhaile Átha Cliath darb ainm Carmanhall.) “Halla na Táiplise” atá ar na hainm­chláir, ceann de na bréag-​aistrithe is áiféisí amuigh (cammon > gammon > back­gammon > táiplis!). “Halla na gCarraeirí” atá sa liosta oifigiúil.
Carna RoadBóthar Charna 
Carndonagh DriveCéide Charn Domhnach 
Carndonagh LawnPlásóg Charn Domhnach 
Carndonagh ParkPáirc Charn Domhnach 
Carndonagh RoadBóthar Charn Domhnach 
Carnew StreetSráid Charn an BhuaI ngrúpa sráideanna i mBaile na Lochlannach a ainmníodh as bailte i gCo. Chill Mhanntáin.
Carnlough RoadBóthar Charnlaigh 
Caroline RowSraith CarolineAs bean Rí George IV Shasana.
Carraig CloseClós na Carraige 
Carraig RoadBóthar na Carraige 
Carraroe AvenueAscaill na Ceathrún Rua 
Carrickfoyle TerraceArdán Charraig an PhoillAs an mbaile seo (Carrigafoyle) i gCo. Chiarraí, is dócha.
Carrigallen DriveCéide Charraig Álainn 
Carrigallen ParkPáirc Charraig Álainn 
Carrigallen RoadBóthar Charraig ÁlainnAs an mbaile i gCo. Liatroma, is dócha.
Carrick TerraceArdán na Carraige 
Carrow RoadBóthar na Ceathrún 
Carton CloseClós Mhic Artáin 
Carton CourtCúirt Mhic Artáin 
Carton DriveCéide Mhic Artáin 
Carton RoadBóthar Mhic Artáin 
Carton TerraceArdán Mhic Artáin 
Carton WayBealach Mhic Artáin 
Casement CloseClós Mhic Asmaint 
Casement DriveCéide Mhic Asmaint 
Casement GreenFaiche Mhic Asmaint 
Casement GroveGarrán Mhic Asmaint 
Casement ParkPáirc Mhic Asmaint 
Casement Road [dhá cheann]Bóthar Mhic AsmaintSloinne Manannach is ea Mac Asmaint. “Bóthar Mhic Easmainn” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Cashel AvenueAscaill Chaisil 
Cashel RoadBóthar ChaisilI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Casimir AvenueAscaill Casimir 
Casimir CourtCúirt Casimir 
Casimir RoadBóthar Casimir 
Casino ParkPáirc an Casino“Páirc an Chasaíne” atá sa liosta oifigiúil.
Casino RoadBóthar an CasinoAs an bhfoirgneamh a thóg James Caulfeild anseo san ochtú haois déag. (Grianán nó teachín samhraidh ba bhrí le casino ag an am.) “Bóthar na Casaíne” atá ar na hainmcláir; “Bóthar an Chasaíne” atá sa liosta oifigiúil.
Castilla ParkPáirc CastillaAs teach darbh ainm Castilla.
Castle AvenueAscaill an ChaisleáinAs Caisleán Chluain Tarbh.
Castle CourtCúirt an Chaisleáin
Castle ElmsLeamháin an Chaisleáin 
Castle Forbes RoadBóthar Chaisleán FoirbisAs teach anseo darbh ainm Castle Forbes, a ainmníodh as an sloinne. (Is mar “Forbis,” agus dhá shiolla ann, a fhuaimnítear an sloinne Albanach seo.) An mí­litriú Castleforbes is cúis leis an ainm mí­cheart “Sráid na Leacan” (as Leacain, Co. Shligigh), atá ar na hainmchláir.
Castle Forbes SquareCearnóg Chaisleán Foirbis
Castle GroveGarrán an Chaisleáin 
Castlekevin RoadBóthar Chaisleán Chaoimhín 
Castleknock RoadBóthar Chaisleán Cnucha 
Castle MarketMargadh an Chaisleáin“Caiseal‑Mhargadh” (!) atá ar na hainmchláir.
Castle RoadBóthar an Chaisleáin 
Castle StreetSráid an Chaisleáin 
Castle TerraceArdán an Chaisleáin 
Castletimon AvenueAscaill Chaisleán tSíomóin 
Castletimon DriveCéide Chaisleán tSíomóin 
Castletimon GardensGairdíní Chaisleán tSíomóin 
Castletimon GreenFaiche Chaisleán tSíomóin 
Castletimon ParkPáirc Chaisleán tSíomóin 
Castletimon RoadBóthar Cháisleán tSíomoinAs an mbaile i gCo. Chill Mhantáin, is dócha.
CastleviewRadharc an Chaisleáin 
Castlewood AvenueAscaill Fhiodh an ChaisleáinAs teach darbh ainm Castlewood House. “Ascaill Fheadha an Chaisleáin” atá ar an sean-​ainmchlár, “Ascaill Fhiodh an Chaisleáin” ar an ainm­chlár nua.
Castlewood ParkPáirc Fhiodh an Chaisleáin 
Castlewood PlacePlás Fhiodh an Chaisleáin“Plás Feadha an Chaisleáin” atá ar an ainmchlár.
Castlewood TerraceArdán Fhiodh an Chaisleáin 
Cathal Brugha StreetSráid Chathail Brugha 
Cathedral LaneLána na hArdeaglaise 
Cathedral StreetSráid na hArdeaglaise 
Cathedral View CourtCúirt Radharc na hArdeaglaise 
Cathedral View WalkCosán Radharc na hArdeaglaise 
Catherine CourtCúirt Chaitríona 
Catherine’s Lane (North) [Sráid an Teampaill]Lána San Caitríona (Thuaidh) 
Catherine StreetSráid San CaitríonaIs é St Catherine’s Street an bhun­fhoirm, as Eaglais agus Paróiste San Caitríona.
Causeway RoadBóthar an Tóchair
Cavalry RowSraith an MharcshluaAs Cavalry Square (cuid de Dhún Uí Choileáin); i ngrúpa sráideanna i mBaile na Lochlannach a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu.
Cavendish RowSraith CavendishAs William Cavendish.
Ceannt FortDún CheanntAs Éamonn Ceannt; i ngrúpa sráideanna i gCill Mhaighneann a ainmníodh as óglaigh a maraíodh anseo sa bhliain 1916. “Dún Ceannt” atá ar na hainmchláir.
Cecil AvenueAscaill CecilAs an sloinne, b’fhéidir, nó duine de mhuintir an tógálaí. “Ascaill Shisil” atá sa liosta oifigiúil.
Cecilia StreetSráid CeciliaAs Cecilia Fownes, is dócha. (Féach Fownes Street.) “Sráid Sisile” atá ar na hainm­chláir nua; “Sráid Shisile” atá sa liosta oifigiúil.
Cedar Brook AvenueAscaill Shruthán an Chéadrais 
Cedar Brook PlacePlás Shruthán an Chéadrais 
Cedar Brook WalkCosán Shruthán an Chéadrais 
Cedar Brook WayBealach Shruthán an Chéadrais 
Cedar CourtCúirt an Chéadrais 
Cedar ParkPáirc an Chéadrais 
Cedar WalkCosán an Chéadrais 
Cedarwood AvenueAscaill Choill an Chéadrais 
Cedarwood CloseClós Choill an Chéadrais 
Cedarwood GreenFaiche Choill an Chéadrais 
Cedarwood GroveGarrán Choill an Chéadrais 
Cedarwood ParkPáirc Choill an Chéadrais 
Cedarwood RiseArd Choill an Chéadrais 
Cedarwood RoadBóthar Choill an Chéadrais 
Celestine AvenueAscaill CelestineAs an bPápa Celestine V.
Celtic Park AvenueAscaill Pháirc na gCeilteach 
Celtic Park RoadBóthar Pháirc na gCeilteach“Bóthar Pháirc Cheilteach” atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil.
Chambre StreetSráid ChambreAs Chambre Brabazon, “Earl of Meath”; ceann de na sráideanna sa cheantar seo a ainmníodh as muintir Brabazon, úinéirí talún anseo. “Sráid Seambrach” atá ar na hainm­chláir, “Sráid an tSeomraigh” sa liosta oifigiúil (agus an mí­litriú “Chamber” acu araon).
Champions’ AvenueAscaill na gCuradhAs dornálaithe a raibh cónaí orthu sa cheantar.
Chancel MewsEachlann an tSaingil 
Chancery LaneLána na Seansaireachta 
Chancery PlacePlás na Seansaireachta 
Chancery StreetSráid na SeansaireachtaAs na cúirteanna in aice na sráide.
Chanel AvenueAscaill Chanel 
Chanel GroveGarrán Chanel 
Chanel RoadBóthar ChanelAs Coláiste Chanel anseo (a ainmníodh as Pierre-​Louis-​Marie Chanel).
Chapel AvenueAscaill an tSéipéil 
Chapel CrescentCorrán an tSéipéil 
Chapelizod BypassSeachbhóthar Shéipéal Iosóid 
Chapelizod CourtCúirt Shéipéal Iosóid 
Chapelizod Hill RoadBóthar Chnoc Shéipéal Iosóid 
Chapelizod RoadBóthar Shéipéal Iosóid 
Chapel LaneLána an tSéipéil 
CharlemontCharlemont 
Charlemont GardensGairdíní Charlemont
Charlemont MallMeal Charlemont 
Charlemont ParadeParáid Charlemont 
Charlemont PlacePlás Charlemont 
Charlemont RoadBóthar Charlemont 
Charlemont StreetSráid CharlemontAs James Caulfeild, “Earl of Charlemont,” ceannaire na nÓglach, 1780–82.
Charles LaneLána Charles 
Charles Street, GreatSráid Mhór CharlesAs Charles John Gardiner.
Charles Street, WestSráid Charles ThiarAs Charles Coote.
Charleston AvenueAscaill Charleston 
Charleston RoadBóthar Charleston 
Charleville AvenueAscaill CharlevilleNíl aon bhaint ag na sráideanna seo leis an Ráth, Co. Chorcaí, cé go bhfuil “Ascal Ráth Luirc” srl. (ainm mícheart ar an áit sin) ar na hainmchláir.
Charleville CloseClós Charleville 
Charleville MallMeal CharlevilleAs muintir Monck, “Earls of Charleville,” teideal a ainmníodh, is cosúil, as Charles Bury, an chéad iarla. (Is mar “mal”—seachas “mál”—a fhuaimnítear an focal Béarla seo.) Tá Charleville Avenue sa cheantar céanna.
Charleville Road [Gráinseach Ghormáin]Bóthar CharlevilleAs an teach darb ainm Charleville House in Áth na Sceire, Co. Chill Mhantáin, áit chónaithe mhuintir Monck, úinéirí talún. (Tá Monck Place sa cheantar seo freisin.)
Charleville Road [Ráth Maonais]Bóthar CharlevilleAs an teach anseo darb ainm Charleville House (cuid de chlochar agus scoil San Louis anois).
Charlotte QuayCé CharlotteAs bean Rí George III Shasana.
Charlotte WayBealach CharlotteSráid nua san áit a raibh Charlotte Street.
Chatham LaneLána Chatham 
Chatham RowSraith Chatham 
Chatham StreetSráid ChathamAs teideal Sasanach, a ainmníodh as an mbaile mór.
Chaworth TerraceArdán ChaworthAs Chaworth Brabazon, “Earl of Meath”; ceann de na sráideanna sa cheantar seo a ainmníodh as muintir Brabazon, úinéirí talún anseo.
Chelmsford AvenueAscaill Chelmsford 
Chelmsford CloseClós Chelmsford 
Chelmsford LaneLána Chelmsford 
Chelmsford MewsEachlann Chelmsford 
Chelmsford RoadBóthar ChelmsfordAs an mbaile mór in Essex, nó b’fhéidir as an Leifteanant-​Ghinearál Frederic Augustus Thesiger, “Baron Chelmsford,” a d’ionsaigh Tír na Zulu sa bhliain 1879.
Chelsea GardensGairdíní Chelsea 
Cheltenham PlacePlás Cheltenham 
Cherry CourtCúirt an Chrann Silíní“Cúirt na Silíní” atá sa liosta oifigiúil.
Cherryfield AvenueAscaill Ghort na Silíni 
Cherryfield Avenue, LowerAscaill Ghort na Silíni Íochtarach 
Cherryfield Avenue, UpperAscaill Ghort na Silíni Uachtarach 
Cherrymount CrescentCorrán Chnocán na SilíníAs an teach darb ainm Cherry Mount.
Cherrymount GroveGarrán Chnocán na Silíní 
Cherrymount ParkPáirc Chnocán na Silíní 
Cherry Orchard AvenueAscaill Ghort na SilíníAs an mbaile fearainn.
Cherry Orchard CourtCúirt Ghort na Silíní 
Cherry Orchard CrescentCorrán Ghort na Silíní 
Cherry Orchard DriveCéide Ghort na Silíní 
Cherry Orchard GreenFaiche Ghort na Silíní 
Cherry Orchard GroveGarrán Ghort na Silíní 
Cherry Orchard ParadeParáid Ghort na Silíní 
Cherry Orchard ParkPáirc Ghort na Silíní 
Cherry Orchard WayBealach Ghort na Silíní 
Chesterfield Avenue [Páirc an Fhéinics]Ascaill ChesterfieldAs teideal Sasanach.
Chester RoadBóthar Chester 
Chestnut CourtCúirt an Chrann Cnó Capaill
Chimney ViewRadharc an tSimléirAs seansimléar na n‑oibreacha gáis i leataobh ó Shráid an Phiarsaigh. “Radharc an tSimléire [sic]” atá ar an ainmchlár.
Christ Church PlacePlás Theampall ChríostTá an mí­litriú “Christchurch” ar an ainm­chlár agus sa liosta oifigiúil.
Church Avenue [ceithre cinn]Ascaill an Teampaill 
Church Avenue, NorthAscaill an Teampaill Thuaidh 
Church Avenue, SouthAscaill an Teampaill Theas 
Church Avenue, WestAscaill an Teampaill Iartharach 
Church GardensGairdíní an Teampaill 
Churchgate AvenueAscaill Gheata an Teampaill 
Church GreenFaiche an Teampaill
Churchill TerraceArdán Churchill 
Church LaneLána na Cille 
Church Lane, SouthLána an Teampaill Theas 
Church Park AvenueAscaill Pháirc an Teampaill 
Church Park CourtCúirt Pháirc an Teampaill 
Church Park DriveCéide Pháirc an Teampaill 
Church Park LawnPlásóg Pháirc an Teampaill 
Church Park WayBealach Pháirc an Teampaill 
Church PlacePlás an Teampaill 
Church Road [dhá cheann]Bóthar an Teampaill
Church RowSraith an Teampaill 
Church SquareCearnóg an Teampaill
Church StreetSráid an TeampaillIs é “Old Church Street” an bhun­fhoirm. “Sráid an tSeanteampaill” (ceann de na hainmneacha a mhol Seosamh Laoide agus a chomh­ghleacaithe ón mbliain 1905 ar aghaidh) atá ar na sean-​ainmchláir; “Sráid an tSéipéil” agus “Sráid Séipéil” atá ar na hainm­chláir nua.
Church Street [Fionnghlas]Sráid an Teampaill
Church Street, EastSráid an Teampaill Thoir 
Church Street, NewSráid Nua an Teampaill“Sráid an Teampaill Nua” agus “Sráid Nua an Teampaill” atá ar dhá ainm­chlár éagsúla.
Church TerraceArdán an Teampaill“Ardán an tSeanteampuill” atá ar na hainmchláir.
Church ViewRadharc an Teampaill 
Church WalkCosán an Teampaill 
Churchwell AvenueAscaill Thobar an Teampaill 
Churchwell CloseClós Thobar an Teampaill 
Churchwell DriveCéide Thobar an Teampaill 
Churchwell GroveGarrán Thobar an Teampaill 
Churchwell MewsEachlann Thobar an Teampaill 
Churchwell PlacePlás Thobar an Teampaill 
Churchwell RiseArd Thobar an Teampaill 
Churchwell RoadBóthar Thobar an Teampaill 
Churchwell SquareCearnóg Thobar an Teampaill 
Cian ParkPáirc Chéin 
Cill ÉannaCill Éanna 
Circular Road, Northan Cuarbhóthar Thuaidh 
Circular Road, Southan Cuarbhóthar Theas 
City QuayCé na Cathrach 
Claddagh GreenFaiche an Chladaigh 
Claddagh RoadBóthar an Chladaigh 
Clanawley RoadBóthar Chlann AmhlaoibhAs an mbarúntacht i gCo. Fhear Manach.
Clanboy RoadBóthar Chlann Bhuí 
Clanbrassil CloseClós Chlann Bhreasail 
Clanbrassil Street, LowerSráid Chlann Bhreasail ÍochtarachAs James Hamilton, “Earl of Clanbrassil” (teideal a bunaíodh ar shean­ainm ar bharúntacht i gCo. Ard Mhacha​—​Oneilland East inniu).
Clanbrassil Street, UpperSráid Chlann Bhreasail Uachtarach
Clanbrassil TerraceArdán Chlann Bhreasail 
Clancarthy RoadBóthar Chlann CharthaighAs Clann Mhic Carthaigh i gCúige Mumhan, ar tugadh an teideal Sasanach “Clancarty” dóibh sa bhliain 1658. Tá an mí­litriú “Chárthaigh” ar an ainm­chlár agus sa liosta oifigiúil.
Clancy AvenueAscaill Mhic Fhlannchaidh 
Clancy RoadBóthar Mhic FhlannchaidhAs Peadar Clancy, duine den triúr a dúnmharaíodh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí na Samhna 1920. (Tá Clune Road agus McKee Road anseo freisin.)
Clandonagh RoadBóthar Chlann Dhonnchú 
Clanhugh RoadBóthar Chlann Aodha 
Clanmahon RoadBóthar Chlann Mhathúna 
Clanmaurice RoadBóthar Chlann Mhuiris 
Clanmoyle RoadBóthar Chluain MaoilSa liosta oifigiúil; “Bóthar na Clainne Maoile” atá ar an ainm­chlár. I ngrúpa sráideanna i nDomhnach Cearna a bhfuil ainm dar tús Clan orthu; ach b’fhéidir gurbh as an mbaile seo i gCo. Phort Láirge a ainmníodh í.
Clanranald RoadBóthar Chlann Raghnaill 
Clanree RoadBóthar Chlann RíTá “Bóthar Ghleann Rí” ar na hainmchláir.
Clanwilliam PlacePlás Chlann LiamAs Richard Meade, “Earl of Clanwilliam” (teideal a ainmníodh as barúntacht i gCo. Luimnigh).
Clanwilliam SquareCearnóg Chlann LiamI mBéarla amháin atá an t‑ainmchlár.
Clanwilliam TerraceArdán Chlann LiamI mBéarla amháin atá an t‑ainmchlár.
Clare Hall AvenueAscaill Halla Clare
Clare LaneLána ClareAs Clare Street. “Lána an Chláraigh” atá sa liosta oifigiúil.
Claremont AvenueAscaill Claremont 
Claremont CloseClós Claremont
Claremont CourtCúirt Claremont 
Claremont CrescentCorrán ClaremontAs an mbaile fearainn.
Claremont DriveCéide Claremont 
Claremont LawnPlásóg Claremont“Faiche Claermont [sic]” atá ar an ainmchlár.
Claremont ParkPáirc Claremont 
Claremont RoadBóthar Claremont 
Clarence Mangan RoadBóthar Clarence ManganAs James Mangan, file (chuir sé “Clarence” lena ainm as ainm cleite a d’úsáid sé); i ngrúpa sráideanna sa cheantar darbh ainm Fairbrother’s Fields a ainmníodh den chuid is mó as scoláirí, staraithe, agus filí. “Bóthar Uí Mhongáin” atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil.
Clarence Mangan SquareCearnóg Clarence Mangan
Clarence Place (Great)Plás (Mór) Clarence“Plás Mór Chairlinne” atá ar an ainmchlár.
Clarence Street, Great (North)Sráid Mhór Clarence (Thuaidh)As William, “Duke of Clarence,” Rí William IV níos déanaí.
Clarendon MarketMargadh Clarendon 
Clarendon RowSraith Clarendon 
Clarendon StreetSráid ClarendonAs Henry Hyde, “Earl of Clarendon” (teideal a ainmníodh as an áit i Sasana), fear ionaid an rí.
Clare Park VillasBailtíní Pháirc Chliara
Clare RoadBóthar ChliaraI ngrúpa sráideanna a ainmníodh as oileáin.
Clare StreetSráid ClareAs John Fitzgibbon, “Earl of Clare” (teideal a ainmníodh as sráid­bhaile i Suffolk), tiarna seansailéara na hÉireann agus cúisitheoir Theobald Wolfe Tone. (Ainmníodh Fitzgibbon Street as an duine céanna.) Ainm mí­cheart, “Sráid Cliara” (ceann de na hainmneacha a mhol Seosamh Laoide agus a chomh­ghleacaithe ón mbliain 1905 ar aghaidh), atá ar an ainm­chlár; “Sráid an Chláraigh” atá sa liosta oifigiúil.
Clareville CourtCúirt Clareville
Clareville GroveGarrán ClarevilleAs teach darbh ainm Clareville.
Clareville LawnsPlásóga Clareville
Clareville RoadBóthar Clareville 
Clarke’s TerraceArdán Uí ChléirighAs Tom Clarke, a cuireadh chun báis i ndiaidh Éirí Amach 1916. (Tá Mallin Avenue in aice leis.) “Ardán Í Chléirieh [sic]” (mar aon leis an mí­litriú “Clarkes Terrace”) atá ar an ainm­chlár; tá an mí­litriú céanna sa liosta oifigiúil.
Claude RoadBóthar ClaudeAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha, nó as an sloinne.
Clayton TerraceArdán Clayton
Cleggan AvenueAscaill an Chloiginn 
Cleggan ParkPáirc an Chloiginn 
Cleggan RoadBóthar an Chloiginn 
Clifden DriveCéide an Chlocháin 
Clifden RoadBóthar an Chlocháin 
Cliftonville RoadBóthar Cliftonville 
Clinch’s CourtCúirt ChlinseAs Larry Clinch, ropaire bóthair, de réir Dowling agus O’Reilly, Mud Island: A History of Ballybough (2002). “Cúirt an Chlinsigh,” mar aon leis an mí­litriú “Clinchs Court,” atá sa liosta oifigiúil.
Clogher RoadBóthar ChlochairI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta. Foirm lochtach, “Bóthar an Chlochair,” atá sa liosta oifigiúil.
Cloister CourtCúirt an Chlabhstra 
the Cloistersna Clabhstraí 
Clonard RoadBóthar Chluain IorairdAs an mainistir i gCo. na Mí; i ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Clonfert RoadBóthar Chluain FeartaI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Clongriffin AvenueAscaill Chluain GhrífínAinm nua ar an gceantar seo (a bunaíodh ar Balgriffin) a cumadh ar dtús i gcomhair an stáisiún traenach.
Clonlara RoadBóthar an ClonlaraAs long a chuir fórsaí de chuid na Gearmáine go grinneall sa bhliain 1941 (a ainmníodh as Cluain Lára, Co. an Chláir); i ngrúpa sráideanna sa Rinn a ainmníodh as longa den tréimhse sin. Foirm mhí­cheart, “Bóthar Chluain Lára,” atá sa liosta oifigiúil.
Clonliffe AvenueAscaill Chluain Life 
Clonliffe GardensGairdíní Chluain Life 
Clonliffe RoadBóthar Chluain LifeAs an mbaile fearainn.
Clonmacnoise GroveGarrán Chluain Mhic Nóis
Clonmacnoise RoadBóthar Chluain Mhic NóisI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Clonmellon GroveGarrán Ráistín 
Clonmel RoadBóthar Chluain Meala 
Clonmel StreetSráid Chluain MealaAs John Scott, “Earl of Clonmell and Baron Earlsfort.” (Ainmníodh Earlsfort Terrace as an duine céanna.)
Clonmore CourtCúirt Chluain Mhór
Clonmore RoadBóthar Chluain Mhór 
Clonmore TerraceArdán Chluain Mhór 
Clonrosse CourtCúirt Chluain Ros 
Clonrosse DriveCéide Chluain RosAs an mbaile fearainn i gCo. na Mí (Clonross), b’fhéidir. Níl foirm oifigiúl Ghaeilge an ainm sin socraithe. “Céide Chluain Rois” atá sa liosta oifigiúil.
Clonrosse ParkPáirc Chluain Ros 
Clonshaugh AvenueAscaill Chluain Seach 
Clonshaugh CloseClós Chluain Seach 
Clonshaugh CourtCúirt Chluain Seach 
Clonshaugh CrescentCorrán Chluain Seach 
Clonshaugh DriveCéide Chluain Seach 
Clonshaugh GlenGleann Chluain Seach 
Clonshaugh GreenFaiche Chluain Seach 
Clonshaugh GroveGarrán Chluain Seach 
Clonshaugh HeightsArda Chluain Seach 
Clonshaugh LawnPlásóg Chluain Seach 
Clonshaugh MeadowMóinéar Chluain Seach 
Clonshaugh ParkPáirc Chluain Seach 
Clonshaugh RiseArd Chluain Seach 
Clonshaugh RoadBóthar Chluain Seach 
Clonshaugh WalkCosán Chluain Seach 
Clonskeagh RoadBóthar Chluain Sceach 
Clontarf ParkPáirc Chluain Tarbh 
Clontarf RoadBóthar Chluain Tarbh 
Clonturk AvenueAscaill Chluain TorcAs an mbaile fearainn agus an paróiste.
Clonturk GardensGairdíní Chluain Torc 
Clonturk ParkPáirc Chluain Torc 
Cloonlara CrescentCorrán Chluain Lára 
Cloonlara DriveCéide Chluain Lára 
Cloonlara RoadBóthar Chluain Lára 
the Closean Clós 
Clover Hill DriveCéide Chnoc na Seamar 
Clover Hill RoadBóthar Chnoc na Seamar 
Cloyne RoadBóthar ChluanaI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Clune RoadBóthar Mhic ClúinAs Conor Clune, duine den triúr a dúnmharaíodh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí na Samhna 1920. (Tá Clancy Road agus McKee Road anseo freisin.)
Clyde LaneLána Chluaidh 
Clyde RoadBóthar ChluaidhAs Colin Campbell, “Lord Clyde.”
Coburg PlacePlás Coburg 
Coke LaneLána CokeAs an sloinne, is dócha. (Is mar “Cook” a d’fhuaimnítí é de ghnáth.) “Lána Cóc” atá ar na hainm­chláir; “Lána an Chócaigh” atá sa liosta oifigiúil.
Coke Ovens CottagesIostáin na Sorn CóicAs soirn chóic de chuid an Midland Great Western Railway a bhí anseo.
Colbert’s FortDún an Cholbardaigh“Dún Cholbaird” atá sa liosta oifigiúil.
Colepark AvenueAscaill Colepark 
Colepark DriveCéide Colepark 
Colepark GreenFaiche Colepark 
Colepark RoadBóthar ColeparkAs teach darbh ainm Colepark House.
Coleraine StreetSráid Chúil RaithinI ngrúpa sráideanna gar do Halla an Lín­éadaigh a ainmníodh as bailte móra i gCúige Uladh.
College GreenFaiche an CholáisteAs Coláiste na Tríonóide.
College ManorMainéar an Choláiste 
College ParkPáirc an Choláiste
College StreetSráid an Choláiste 
Collier’s AvenueAscaill an Choiléirigh 
Collins AvenueAscaill Uí ChoileáinAs Michael Collins.
Collins Avenue, EastAscaill Uí Choileáin Thoir 
Collins Avenue ExtensionSíneadh Ascaill Uí Choileáin 
Collins CourtCúirt Uí Choileáin
Collins DriveCéide Uí Choileáin 
Collins GreenFaiche Uí Choileáin 
Collins ParkPáirc Uí Choileáin 
Collins PlacePlás Uí Choileáin 
Collins RowSraith Uí Choileáin 
CollinswoodCoill Uí Choileáin 
Comeragh RoadBóthar an ChomaraighI ngrúpa sráideanna i nDroimeanach a ainmníodh as sliabhraonta.
Commons StreetSráid na CoitiantachtaI ngrúpa sráideanna a ainmníodh as baill shean-​Bhardas Bhaile Átha Cliath. (Féach Guild Street, Mayor Street, agus Sheriff Street.)
Comyn PlacePlás Uí ChuimínAs Dáithí Ó Cuimín; i ngrúpa sráideanna i nDroim Conrach a ainmníodh as scríbhneoirí agus scoláirí.
Con Colbert RoadBóthar Con Colbert“Bóthar Choinn Colbaird” atá sa liosta oifigiúil.
Connaught ParadeParáid Chonnacht 
Connaught StreetSráid Chonnacht 
Connolly AvenueAscaill Uí ChonaíleAs James Connolly. Tá an litriú réamh­chaighdeánach “Uí Chonghaile” sa liosta oifigiúil.
Connolly GardensGairdíní Uí ChonaíleTá an litriú réamh­chaighdeánach “Uí Chonghaile” sa liosta oifigiúil.
Conor Clune RoadBóthar Conor CluneAs duine den triúr a dúnmharaíodh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí na Samhna 1920. (Tá sráid darb ainm Clune Road i bhFionnghlas freisin.)
Conquer Hill AvenueAscaill Chnoc an Choinicéir“Ascaill Chnoc an Bhua” atá sa liosta oifigiúil.
Conquer Hill RoadBóthar Chnoc an ChoinicéirDeirtear gur ainmníodh an cnoc anseo as Cath Chluain Tarbh (“Bóthar Chnoc an Bhua” atá sa liosta oifigiúil), ach ní féidir é sin a chreidiúint (agus tuigtear anois gur troideadh an cath sin timpeall is 2½ míle siar, i mbéal na Tulchann). Is léir gur truailliú den fhocal ársa Béarla coniger, .i. coinicéar, atá ann.
Constitution HillCnoc an BhunreachtaAithris ar an tsráid i Londain, b’fhéidir. “Ard an Bhunreachta” atá ar na hainm­chláir.
Convent AvenueAscaill an Chlochair 
Convent CloseClós an Chlochair 
Convent LawnsPlásóga an Chlochair 
Convent PlacePlás an Chlochair 
Convent View CottagesIostáin Radharc an Chlochair 
Convent View CrescentCorrán Radharc an Chlochair 
Convent WayBealach an Chlochair 
Conyngham RoadBóthar ConynghamAs Henry Conyngham, “Marquis Conyngham,” duine de Choimisinéirí na Sráideanna Leathana.
Cook StreetSráid na gCócairíIs é Cooks’ Street an bhun­fhoirm. “Sráid an gCócaire [sic]” atá ar na hainmchláir.
Coolatree CloseClós Chúileatraí
Coolatree ParkPáirc Chúileatraí
Coolatree RoadBóthar Chúileatraí
Cooleen AvenueAscaill an Chúilín 
Coolevin RoadBóthar Chúil Aoibhinn 
Cooley RoadBóthar ChuailleI ngrúpa sráideanna i nDroimeanach a ainmníodh as sliabhraonta.
Coolgariff RoadBóthar Chúil Gharbh 
Coolgreena CloseClós Chúil Ghréine 
Coolgreena RoadBóthar Chúil Ghréine 
Coolock DriveCéide na Cúlóige 
Coolock LaneLána na Cúlóige 
Coolock VillageSráidbhaile na Cúlóige 
Coolock Village CloseClós Shráidbhaile na Cúlóige 
Coolrua DriveCéide Chúil Rua 
the Coombean Com 
Coombe CourtCúirt an Choim 
Copeland AvenueAscaill Copeland“Ascaill Chóplainn” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Copeland GroveGarrán Copeland 
Cope StreetSráid CopeAs Robert Cope.
Copper AlleyScabhat an ChopairAs mionta a bhí anseo.
Coppinger’s RowSraith CoppingerAs Robert Coppinger.
Cork HillCnoc ChorcaíAs Richard Boyle, “Earl of Cork.”
Cork StreetSráid Chorcaí 
Cormac TerraceArdán Chormaic 
Corn Exchange PlacePlás Mhalartán an Arbhair“Plás Halla an Arbhair” atá sa liosta oifigiúil agus ar na hainm­chláir nua.
CornmarketMargadh an Arbhair 
Corrib RoadBóthar Loch CoiribI ngrúpa sráideanna i gCamaigh a ainmníodh as lochanna.
Costello’s CottagesIostáin Mhic Oisdealbha
Coulson AvenueAscaill CoulsonAs an sloinne. (Is mar “Coolson” a fhuaimnítear é.)
Coultry AvenueAscaill Choltraí 
Coultry CrescentCorrán Choltraí 
Coultry DriveCéide Choltraí 
Coultry GardensGairdíní Choltraí 
Coultry GroveGarrán Choltraí 
Coultry LawnPlásóg Choltraí 
Coultry ParkPáirc Choltraí 
Coultry RoadBóthar CholtraíAs an mbaile fearainn. (Is mar “Cóltraí” a fhuaimnítear an t‑ainm Béarla.)
Coultry WayBealach Choltraí 
the Court [trí cinn]an Chúirt 
the Courtyardan Clós 
Courtney PlacePlás Uí Churnáin
Cow LaneLána na mBóSráid nua ar shuíomh seansráid darbh ainm Cow Lane. “Lána na Bó” (mar aon le “Cow’s Lane”) atá ar an ainm­chlár nua, agus mí­litriú eile, “Cows Lane,” sa liosta oifigiúil.
Cow ParlourParlús na mBóIs dócha go raibh parlús crúite anseo tráth. Deir foinse amháin gur truailliú é an t‑ainm de Cowbelan, ar truailliú é sin de Conelan, ach ní thugtar aon fhianaise, agus ní féidir é a chreidiúint.
Cowper DownsMulláin Cowper 
Cowper DriveCéide Cowper 
Cowper GardensGairdíní Cowper 
Cowper MewsEachlann Cowper 
Cowper RoadBóthar CowperAs William Cowper, file. (Is mar “Cooper” a fhuaimnítear an sloinne seo.) “Bóthar Cúipéar” atá ar na hainmchláir.
Cowper StreetSráid CowperAs Charles Spencer Cowper.
Cowper VillageSráidbhaile Cowper
Craigford AvenueAscaill CraigfordAs teach darbh ainm Craigford (a ainmníodh as an sloinne, is dócha).
Craigford DriveCéide Craigford 
Crampton AvenueAscaill CramptonSráid nua i nDroichead na Dothra a ainmníodh as comhlacht príobháideach, G. and T. Crampton Ltd.
Crampton CourtCúirt CramptonAs Philip Crampton, Ard­mhéara Bhaile Átha Cliath.
Crampton QuayCé Crampton 
Crane LaneLána na CraenachAs an gcraein lasmuigh de shean-​Teach an Chustaim, a bhí anseo. “Lána an Chraein” atá ar na hainmchláir.
Crane StreetSráid na Craenach“Sráid an Chraein” atá ar na hainm­chláir nua.
Cranfield PlacePlás CranfieldAs Richard Cranfield.
Cranmer LaneLána Cranmer 
Crannaghan Chrannach 
Cranogue CloseClós na Crannóige 
Cranogue RoadBóthar na Crannóige 
Cranogue TerraceArdán na Crannóige 
Crawford AvenueAscaill CrawfordAs muintir Lindsay, “Earls of Crawford,” úinéirí talún anseo. (Tá Lindsay Road sa cheantar céanna.)
Crawford TerraceArdán Crawford“Ardán Chráfort” atá ar an ainmchlár.
Creighton StreetSráid CreightonAs Abraham Creighton, “Baron Erne.” (Is mar “Crighton” a fhuaimnítear an sloinne seo.)
Cremona RoadBóthar CremonaAs Cath Cremona (1702) san Iodáil; i ngrúpa sráideanna i mBaile Formaid a ainmníodh as eachtraí agus baill de chuid Bhriogáid na nÉireannach in arm na Fraince.
Cremore AvenueAscaill Chríoch Mhór 
Cremore CrescentCorrán Chríoch Mhór 
Cremore DriveCéide Chríoch Mhór 
Cremore HeightsArda Chríoch Mhór 
Cremore LawnPlásóg Chríoch Mhór 
Cremore ParkPáirc Chríoch Mhór 
Cremore RoadBóthar Chríoch MhórAs an sráid­bhaile i gCo. an Dúin, baile dúchais Alexander Strain, tógálaí na sráideanna seo.
Cremore VillasBailtíní Chríoch Mhór
CremorneCríoch MhúrnAs an teach darbh ainm Cremorne, a ainmníodh, is dócha, as an mbarúntacht i gCo. Mhuineacháin nó as Richard Dawson, “Viscount Cremorne,” tiarna talún.
the Crescentan Corrán 
Crescent GardensGairdíní an Chorráin 
Crescent PlacePlás an Chorráin 
Crescent VillasBailtíní an Chorráin
Crestfield AvenueAscaill Ghort an Mhullaigh 
Crestfield CloseClós Ghort an Mhullaigh 
Crestfield DriveCéide Ghort an Mhullaigh 
Crestfield ParkPáirc Ghort an Mhullaigh 
Crestfield RoadBóthar Ghort an Mhullaigh 
Crinan StrandTrá ChríonáinAinm nua ar chuid de Shráid an tSirriam Íochtarach, ceann de na sráideanna i gceantar Dhugaí Theach an Chustaim ar tugadh ainmneacha bréag-​stairiúla orthu. Leagan den ainm Tráigh Chríonáin, a tugadh i dtús an fhichiú haois ar an bPort Thuaidh, is ea é (ceann de na hainmneacha a mhol Seosamh Laoide agus a chomh­ghleacaithe ón mbliain 1905 ar aghaidh), ainm a cruthaíodh as Crinan, a bhí mar ainm ar chuid de thailte Mhainistir Mhuire sa Mheánaois. Níl a fhios agam cad is bunús leis an ainm sin sa chomh­théacs seo. (Tá sráid­bhaile in Albain darb ainm An Crìonan, agus Loch a’ Chrìonain taobh leis.)
Croaghpatrick RoadBóthar Chruach PhádraigAs an sliabh i gCo. Mhaigh Eo; i ngrúpa sráideanna sa Chabrach a ainmníodh as láithreacha mainistreach den Ré Luath-​Chríostaí nó áiteanna a gcreideadh tráth go raibh baint acu le Pádraig Naofa.
Croftwood CrescentCorrán Choill na Croite 
Croftwood DriveCéide Choill na Croite 
Croftwood GardensGairdíní Choill na Croite 
Croftwood GreenFaiche Choill na Croite 
Croftwood GroveGarrán Choill na Croite 
Croftwood ParkPáirc Choill na Croite 
Cromcastle AvenueAscaill Chaisleán na Croma 
Cromcastle CloseClós Chaisleán na Croma 
Cromcastle DriveCéide Chaisleán na Croma 
Cromcastle GreenFaiche Chaisleán na Croma 
Cromcastle ParkPáirc Chaisleán na Croma 
Cromcastle RoadBóthar Chaisleán na CromaAs Crum Castle i gCo. Fhear Manach, is dócha, mar ar troideadh scirmis roimh Chath an Bhaile Nua (1689).
Cromlech CourtCúirt na Cromleice 
Cromwellsfort RoadBóthar Dhún ChromailAs teach darbh ainm Cromwell’s Fort. (Is é “Crumell” nó “Cromell” fuaimniú traidisiúnta an tsloinne seo.)
Cromwell’s QuartersCeathrú ChromailMurdering Lane ab ainm don tsráid seo níos luaithe; d’athainmnigh an chomhairle cathrach í sa bhliain 1876. (Tugadh Roundhead Row ar shráid eile sa cheantar a raibh Cut-throat Lane uirthi roimhe sin.)
Crosstick AlleyScabhat CrosstickAs an sloinne, is dócha. “Scabhat Crosstick” atá ar ainm­chlár amháin, “Scabhat Trasnáin” ar ainm­chlár eile.
Crotty AvenueAscaill Uí ChrotaighAs Leslie Crotty, bunaitheoir an Burns-​Crotty Opera Company ag deireadh an naoú haois déag, arbh as an gceantar seo dó; i ngrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí. Tá trí ainm éagsúla ar na trí ainm­chlár: “Ascal Ó Crotaigh,” “Ascaill Crotty,” agus “Ascaill Uí Chrotaigh.”
Crown AlleyScabhat na CorónachAs ainm tábhairne, b’fhéidir.
Crow StreetSráid CrowAs William Crow. “Sráid Cró” atá ar na hainm­chláir nua.
Croydon GardensGairdíní Croydon 
Croydon GreenFaiche Croydon 
Croydon Park AvenueAscaill Pháirc CroydonAs an teach darbh ainm Croydon Park.
Croydon TerraceArdán Croydon 
Crumlin ParkPáirc Chromghlinne 
Crumlin RoadBóthar Chromghlinne 
Crumlin VillageSráidbhaile Chromghlinne 
Cuala RoadBóthar Chualann 
Cuckoo LaneLána na Cuaiche“Lána Gúcó” (!) atá ar dhá ainm­chlár, “Lána na Cuaiche” ar ainm­chlár eile.
Cuffe LaneLána CuffeAs James Cuffe.
Cuffe StreetSráid CuffeAs James Cuffe, úinéir talún anseo.
Cuilenn [sic] ParkPáirc an Chuilinn“Páirc na Cuilenn [sic]” atá ar an ainmchlár.
Cullenswood GardensGairdíní Fhiodh Cuillinn 
Cullenswood ParkPáirc Fhiodh Cuillinn“Páirc Choill an Chuilinn” atá ar na hainmchláir.
Cullenswood RoadBóthar Fhiodh CuillinnLeagan Béarla de shean­ainm an cheantair seo, Fiodh Cuillinn, is ea Cullenswood. (Féach freisin Oakley Road.) Tá an litriú “Cullinswood Road” sa liosta oifigiúil.
Cumberland CourtCúirt Cumberland 
Cumberland RoadBóthar Cumberland 
Cumberland Street, NorthSráid Cumberland ThuaidhAs William Augustus Hanover, “Duke of Cumberland,” búistéir Chùil Lodair.
Cumberland Street, SouthSráid Cumberland Theas
Curlew RoadBóthar an ChorrshléibheI ngrúpa sráideanna i nDroimeanach a ainmníodh as sliabhraonta.
Curracloe DriveCéide Churrach Cló 
Curved Streetan tSráid ChuarSráid nua idir Sráid an Iústásaigh agus Lána Temple. “An Chuarshráid” atá sa liosta oifigiúil.
Curzon StreetSráid CurzonAs an Aimiréal Henry Curzon, b’fhéidir: féach Vernon Street (as an Aimiréal Edward Vernon, b’fhéidir) agus St Vincent Street (as an Aimiréal John Jervis, “Earl St Vincent,” b’fhéidir) sa cheantar céanna. “Sráid Cursain” atá ar na hainmchláir.
Custom House QuayCé Theach an Chustaim 
Cymric RoadBóthar an CymricAs long a cailleadh sa bhliain 1944; i ngrúpa sráideanna sa Rinn a ainmníodh as longa den tréimhse sin. “Bóthar Chimric” atá ar an ainm­chlár; foirm mhí­cheart eile, “Bóthar Cymric,” atá sa liosta oifigiúil.
Dalcassian DownsMulláin Dhál gCais 
DalymountCnocán Uí DhálaighAs teach darbh ainm Daly Mount (as Peter Daly).
Dalymount LaneLána Chnocán Uí Dhálaigh
Dame CourtCúirt an Damba 
Dame Lane [dhá cheann]Lána an Damba 
Dame StreetSráid an DambaIs é Dam Street an bhun­fhoirm, as damba ar an bPoitéal sa tsean­aimsir; mí­thuiscint ba ea “Sráid an Dáma,” atá ar na hainm­chláir agus anois sa liosta oifigiúil.
Dane RoadBóthar na Lochlannach
Daneswell RoadBóthar Thobar an DéanaighAs an mbaile fearainn, a ainmníodh, is dócha, as an tobar anseo darbh ainm Deane’s Well (ní foláir cuimhneamh gurbh é dane gnáth­fhuaimniú an fhocail dean in Éirinn), cé gur ghlac an Brainse Logainmneacha le “Tobar na Lochlannach.” Ar an droch­uair, tá ceithre shloinne éagsúla ann (ar a laghad) a Béarlaíodh mar Deane, chomh maith leis an sloinne Gallda; iarracht ar chomhréiteach is ea an rogha seo.
Danieli DriveCéide DanieliTá “Raon Danieli” agus “Céide Daniele [sic]” ar dhá ainm­chlár os comhair a chéile; ag ceann eile na sráide tá “Raon Danieli” ar an dá ainmchlár.
Danieli RoadBóthar DanieliNíl a fhios agam cad is bunús leis an ainm seo. (Sloinne Iodálach is ea Danieli; tá óstán cáiliúil darb ainm Hotel Danieli i Venezia, a bunaíodh sa bhliain 1824.) “Bóthar Daniele [sic]” atá ar na hainmchláir.
Daniel StreetSráid an DónallaighAs James Daniel, sagart paróiste Shráid San Proinsias (Paróiste San Nioclás Myra) ag deireadh an naoú haois déag. Galldú de dhá shloinne éagsúla, Ó Dónaill agus Mac Dónaill, is ea Daniel; níl a fhios agam cé acu muintir lenar bhain an duine áirithe seo.
Dargle RoadBóthar na Deargaile 
Darley CourtCúirt DarleyI ngrúpa sráideanna nua i mBaile na Lochlannach darb ainm Palatine Square (a ainmníodh as cuid de Dhún Uí Choileáin) a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu.
Darley StreetSráid DarleyAs William Darley, iniúchóir Dublin Artisans’ Dwellings Company; i ngrúpa sráideanna i gCrois Araild a thóg an chomhlacht agus a ainmníodh, den chuid is mó, as a stiúrthóirí.
Darley’s TerraceArdán DarleyAs Frederick Darley.
Darling EstateEastát DarlingAs an sloinne.
Dartmouth LaneLána Dartmouth 
Dartmouth PlacePlás Dartmouth 
Dartmouth RoadBóthar Dartmouth 
Dartmouth SquareCearnóg Dartmouth 
Dartmouth TerraceArdán Dartmouth 
Dartmouth WalkCosán Dartmouth 
Dartry CottagesIostáin Dhartraí 
Dartry ParkPáirc Dhartraí 
Dartry RoadBóthar DhartraíAs teach darbh ainm Dartry (a ainmníodh as an mbarúntacht i gCo. Mhuineacháin).
David ParkPáirc Dháibhí 
David RoadBóthar Dháibhí 
Davis PlacePlás an DáibhisighAs Thomas Davis.
Davitt RoadBóthar Mhic DhaibhéidAs Michael Davitt.
Dawson CourtCúirt DawsonAs Thomas Dawson.
Dawson LaneLána Dawson 
Dawson StreetSráid DawsonAs Joshua Dawson, úinéir talún san ochtú haois déag. “Sráid Dásain” atá ar na hainm­chláir; “Sráid Dhásain” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Deanstown AvenueAscaill Bhaile an Déanaigh 
Deanstown DriveCéide Bhaile an Déanaigh 
Deanstown GreenFaiche Bhaile an Déanaigh 
Deanstown ParkPáirc Bhaile an Déanaigh 
Deanstown RoadBóthar Bhaile an Déanaigh 
Dean StreetSráid an DéinAs Déanacht Ard­eaglais Phádraig.
Dean Swift GreenFaiche an Déin Swift 
Dean Swift RoadBóthar an Déin Swift 
Dean Swift SquareCearnóg an Déin SwiftAs Jonathan Swift.
De Burgh RoadBóthar an Bhúrcaigh 
Decies RoadBóthar na nDéise 
De Courcy SquareCearnóg an Chúrsaigh 
Delville RoadBóthar DelvilleAs teach darbh ainm Delville (ainm a cruthaíodh as Delaney + ville).
Delvin RoadBóthar Dhealbhna 
the Demesnean Diméin 
Denmark Street (Great)Sráid (Mhór) na Danmhairge“Sráid na Danmhairge Mhór” atá sa liosta oifigiúil.
Denzille LaneLána DenzilleAs Denzil Holles, “Earl of Clare.” (Ainmníodh Holles Street as an muintir chéanna.)
Dermot O’Hurley AvenueAscaill Dhiarmada Uí UrthaileAs Ard­easpag Chaisil a céasadh agus a crochadh sa bhliain 1584; i ngrúpa sráideanna sa Bhaile Gaelach darb ainm Stella Gardens a ainmníodh den chuid is mó as naoimh de chuid na hEaglaise Caitlicí.
Dermot StreetSráid Dhiarmada
Derravaragh RoadBóthar Loch DairbhreachI ngrúpa sráideanna i gCamaigh a ainmníodh as lochanna.
Derry DriveAscaill Dhoire 
Derrynane GardensGairdíní Dhoire Fhionnáin 
Derrynane ParadeParáid Dhoire FhionnáinAs teach Daniel O’Connell; i ngrúpa sráideanna i mBaile Phib a ainmníodh as áiteanna i gCo. Chiarraí.
Derry ParkPáirc Dhoire 
Derry RoadBóthar DhoireI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Desmond StreetSráid DeasumhanAs an dúiche stairiúil.
De Valera PlacePlás de Valera 
Devenish RoadBóthar DhaimhinseI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Deverell PlacePlás an DearbhrúsaighAs William Deverell. “Plás Deverell” atá sa liosta oifigiúil.
Devery’s LaneLána an Dearbhrúsaigh“Lána Uí Doubhara” (mar aon leis an mí­litriú “Deverys Lane”) atá ar an ainm­chlár; “Lána an Deibhriúsaigh” atá sa liosta oifigiúil.
Devlin’s PlacePlás Uí Dhoibhilin
Devoy RoadBóthar Uí DhubhuíAs John Devoy; i ngrúpa sráideanna i gCill Mhaighneann a ainmníodh as baill den IRB.
Digges LaneLána Digges 
Digges Street (Upper)Sráid Digges (Uachtarach)As an sloinne. (Is mar “Digs” a fhuaimnítear é.)
Dillon Place (South)Plás an Diolúnaigh (Theas)As John Blake Dillon.
Dingle RoadBóthar an Daingin 
Distillery RoadBóthar na Drioglainne 
Dodder TerraceArdán na Dothra 
Dodder View CottagesIostáin Radharc na Dothra 
D’Olier StreetSráid D’OlierAs Jeremiah D’Olier. (Is mar “Dulleer,” agus béim ar an dara siolla, a fhuaimnítear an sloinne seo i mBaile Átha Cliath.)
Dollymount AvenueAscaill Chnocán DoirinneGaelú den ainm Béarla is ea “Cnocán Doirinne.” Ainmníodh an ceantar as teach darbh ainm Dollymount (a ainmníodh, is dócha, as bean de mhuintir Vernon; ainm ceana is ea Dolly, a thugtaí ar mhná darbh ainm Dorothy) agus Sea Park ina dhiaidh sin.
Dollymount GroveGarrán Chnocán Doirinne 
Dollymount ParkPáirc Chnocán Doirinne 
Dollymount RiseArd Chnocán Doirinne 
Dolmen CourtCúirt na Dolmaine 
Dolmen TerraceArdán na Dolmaine 
Dolmen WayBealach na Dolmaine 
Dolphin AvenueAscaill an Charnáin 
Dolphin ParkPáirc an Charnáin 
Dolphin RoadBóthar an Charnáin 
Dolphin’s Barnan Carnán“Carn Uí Dúnchadha” ab ainm don cheantar seo (as ríshliocht a raibh i gceannas air), agus seans go bhfuil baint ag an ainm sin leis an ainm Béarla (Carn Uí Dhúnchadha > Dúnchadh’s Carn (nó Dunphy’s Carn) > Dolphin’s Barn); ach sloinne is ea Dolphin, agus tá an t‑ainm Béarla Dolphins Barn ann ón tríú haois déag. (Agus tabhair faoi deara gurb é Dolphinsbarn an litriú oifigiúil. Ba ghnách leis an Suirbhéireacht Ordanáis ainmneacha Béarla a chaighdeánú sa naoú haois déag gan beann a thabhairt ar phoncaíocht ná ar spás idir fhocail.)
Dolphin’s Barn StreetSráid an Charnáin 
Dominick LaneLána Dominick 
Dominick PlacePlás Dominick 
Dominick Street, LowerSráid Dominick ÍochtarachAs an Dr Christopher Dominick. Meancóg is ea “Sráid Dhoiminic” srl., atá sa liosta oifigiúil.
Dominick Street, UpperSráid Dominick Uachtarach
Donaghmede AvenueAscaill Dhomhnach Míde 
Donaghmede DriveCéide Dhomhnach Míde 
Donaghmede ParkPáirc Dhomhnach Míde 
Donaghmede RoadBóthar Dhomhnach Míde 
Donard RoadBóthar Dhún Ard 
Donelan AvenueAscaill Uí DhónalláinAs Brendan Donelan; i ngrúpa sráideanna i gCill Mhaighneann​—​ar tugadh Ceannt Fort air roimhe sin​—​a ainmníodh as óglaigh a maraíodh anseo sa bhliain 1916.
Donnybrook CloseClós Dhomhnach Broc 
Donnybrook CourtCúirt Dhomhnach Broc 
Donnybrook ManorMainéar Dhomhnach Broc 
Donnybrook RoadBóthar Dhomhnach Broc 
Donnycarney RoadBóthar Dhomhnach Cearna 
Donore AvenueAscaill Dhún UabhairAs an mbaile fearainn agus an paróiste i gCo. na Mí.
Donore RoadBóthar Dhún Uabhair 
Donore TerraceArdán Dhún Uabhair 
Donovan’s LaneLána Uí Dhonnabháin“Donovan Lane” atá sa liosta oifigiúil.
Doon AvenueAscaill DhúinAs an mbaile i gCo. Luimnigh, is dócha. “Ascaill an Dúin” atá sa liosta oifigiúil.
Doon CourtCúirt Dhúin“Cúirt an Dúin” atá sa liosta oifigiúil.
Doris StreetSráid DorisAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha, nó as an sloinne (Ó Dúrais). “Sráid Uí Dhúrais” atá sa liosta oifigiúil.
Dorset LaneLána Dorset 
Dorset PlacePlás Dorset 
Dorset Street, LowerSráid Dorset ÍochtarachAs Lionel Cranfield Sackville, “Duke of Dorset,” fear ionaid an rí. (Ainmníodh Sackville Place srl. as an duine céanna.) Tugadh “Sráid na Driseoige” air cheana.
Dorset Street, UpperSráid Dorset Uachtarach 
Dowland RoadBóthar DowlandAs John Dowland, cumadóir (a rugadh in Éirinn); i ngrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí.
Dowling’s CourtCúirt Uí DhúnlaingLitriú mí­cheart, “Uí Dhúllaing,” atá sa liosta oifigiúil (cé gur mar “Dúlaing” a fhuaimnítear an sloinne seo de ghnáth).
Downpatrick RoadBóthar Dhún PádraigI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Dowth AvenueAscaill DhubhadhAs an tuama pasáiste i gCo. na Mí.
Doyle’s LaneLána Uí Dhúghaill
Drapier GreenFaiche Drapier 
Drapier RoadBóthar DrapierSeanlitriú den fhocal draper is ea drapier (agus is mar “draper” a fhuaimnítear é). D’úsáid Jonathan Swift an t‑ainm cleite “M. B. Drapier” ar na paimfléid a scríobh sé sa bhliain 1724. “M.B., éadaitheoir” ba chiall leis: déanann Swift féin tagairt do “the Drapier”; agus “the Drapier’s Letters” a tugadh ar na paimfléid ag an am. Ach úsáidtear an fhoirm “Drapier’s Letters” freisin, gan an t‑alt, dá mba rud é gur mar shloinne a d’úsáid sé é, mar atá anseo.
Drimnagh RoadBóthar Dhroimeanaigh 
Dromard RoadBóthar an Droma Aird 
Dromard TerraceArdán an Droma Aird“Dromard Avenue” agus “Ascaill an Droma Aird” atá sa liosta oifigiúil.
Dromawling RoadBóthar an Droma Álainn 
Drombawn AvenueAscaill an Droma Bháin 
Dromeen AvenueAscaill an Droma Mhín 
Dromlee CrescentCorrán Dhroim Lao 
Dromnanane ParkPáirc Dhroim na nÉan 
Dromnanane RoadBóthar Dhroim na nÉan 
Dromore RoadBóthar an Droma Mhóir 
Druid CourtCúirt an Draoi 
Drumalee AvenueAscaill Dhroim an Lao 
Drumalee CourtCúirt Dhroim an Lao 
Drumalee DriveCéide Dhroim an Lao 
Drumalee GroveGarrán Dhroim an Lao 
Drumalee ParkPáirc Dhroim an Lao 
Drumalee RoadBóthar Dhroim an LaoAs an mbaile fearainn i gCo. an Chabháin, is dócha.
Drumcliffe DriveCéide Dhroim Chliabh 
Drumcliffe RoadBóthar Dhroim Chliabh 
Drumcondra ParkPáirc Dhroim Conrach 
Drumcondra Road, LowerBóthar Dhroim Conrach Íochtarach
Drumcondra Road, UpperBóthar Dhroim Conrach UachtarachTugadh “Ascaill na Driseoige” air cheana.
Drumfinn AvenueAscaill Dhroim Fionn 
Drumfinn ParkPáirc Dhroim Fionn 
Drumfinn RoadBóthar Dhroim Fionn 
Drummond PlacePlás an DruiminighI ngrúpa sráideanna i gCrois Araild a thóg Dublin Artisans’ Dwellings Company agus a ainmníodh, den chuid is mó, as a stiúrthóirí. “Plás Drummond” atá sa liosta oifigiúil.
Drury StreetSráid DruryAs duine den sloinne seo, is dócha, nó as Drury Lane i Londain. Tá sé ainm­chlár ar an tsráid seo: “An Bóthar Beag” atá ar cheithre cinn agus “Sráid Drury” ar an dá cheann eile; “An Bóthar Beag” atá sa liosta oifigiúil freisin. Is dócha gur bunaíodh an t‑ainm sin ar an ainm is sine atá againn ar an tsráid, Little Butter Lane (ón seachtú haois déag), agus gur ceapadh gur truailliú de “bóthar” é an focal Béarla butter.
Dufferin AvenueAscaill an Duifriain
Duke Lane, LowerLána an Diúic Íochtarach
Duke Lane, UpperLána an Diúic Uachtarach 
Duke RowSraith an Diúic 
Duke StreetSráid an DiúicAs Charles Fitzroy, “Duke of Grafton,” mac Rí Charles II Shasana. (Ainmníodh Grafton Street as an duine céanna.)
Dunard AvenueAscaill Dhún Ard 
Dunard CourtCúirt Dhún Ard 
Dunard DriveCéide Dhún Ard 
Dunard ParkPáirc Dhún Ard 
Dunard RoadBóthar Dhún Ard 
Dunard WalkCosán Dhún Ard 
Dundaniel RoadBóthar Dhún DónaillAs Caisleán Dhún Dónaill i Sceach Mhainchise, Co. Chorcaí, is dócha.
Dunluce RoadBóthar Dhún Libhse 
Dunmanus RoadBóthar Dhún Mánais 
Dunne StreetSráid Uí Dhuinn 
Dunree ParkPáirc an Dúin Riabhaigh 
Dunseverick RoadBóthar Dhún Sobhairce 
Dunsink AvenueAscaill Dhún Sinche 
Dunsink DriveCéide Dhún Sinche 
Dunsink GardensGairdíní Dhún Sinche 
Dunsink GreenFaiche Dhún Sinche 
Dunsink ParkPáirc Dhún Sinche 
Dunsink RoadBóthar Dhún Sinche 
Dunville AvenueAscaill Dunville
Durham RoadBóthar Durham 
Durrow RoadBóthar DharúI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Eagle Hill AvenueAscaill Chnoc an IolairAs teach darbh ainm Eagle Hill (a ainmníodh as an gcnoc i gCo. Chiarraí, is dócha).
Eagle ParkPáirc an IolairAs cuid den spáslong Apollo 11; i ngrúpa sráideanna sa Chúlóg a ainmníodh as spásairí Meiriceánacha.
Earl PlacePlás an Iarla“Plás Iarla” atá ar dhá ainmchlár agus “Plás an Iarla” ar cheann amháin eile.
Earl’s CourtCúirt an IarlaTá an mí­litriú “Earls Court” sa liosta oifigiúil.
Earlsfort TerraceArdán Lios an IarlaAs John Scott, “Earl of Clonmell and Baron Earlsfort of Lisson‑Earl, County Tipperary.” (Ainmníodh Clonmell Street as an duine céanna.) Níor éirigh liom aon áit darb ainm Lisson‑Earl a aimsiú sa cheantar (is i Maigh Thobair, gar do Bhaile an Gharraí, atá teach mhuintir Scott), ach is léir gurb ionann an t‑ainm sin agus Earlsfort. “Ardán Phort an Iarla” atá sa liosta oifigiúil (ceann de na hainmneacha a mhol coiste de chuid Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile sa bhliain 1909)​.
Earl Street, NorthSráid an Iarla ThuaidhAs Henry Moore, “Earl of Drogheda.” (Ainmníodh Henry Street agus Moore Street as an duine céanna.)
Earl Street, SouthSráid an Iarla TheasAs William Brabazon, “Earl of Meath”; ceann de na sráideanna sa cheantar seo a ainmníodh as muintir Brabazon, úinéirí talún anseo.
East Linkan Nascbhóthar Thoir 
Eastmoreland LaneLána Eastmoreland 
Eastmoreland PlacePlás EastmorelandNíl a fhios agam cad is brí leis.
Easton RoadBóthar Easton 
East Roadan Bóthar Thoir 
East Wall RoadBóthar an Phoirt Thoir 
Eaton RoadBóthar Eaton 
Eaton SquareCearnóg Eaton 
Ebenezer TerraceArdán EbenezerAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha.
Eblana Villas [dhá cheann]Bailtíní EblanaAs an logainm i dtír­eolaíocht Ptolemy (dara haois) a gcreidtí faoi gur thagair sé don áit a bhfuil Baile Átha Cliath anois. (Tuigtear anois gur thagair sé d’áit éigin i dtuaisceart Cho. Bhaile Átha Cliath—Loch Sionnaigh, b’fhéidir.)
Eccles CourtCúirt Eccles 
Eccles PlacePlás Eccles 
Eccles StreetSráid EcclesAs John Eccles, tiarna talún.
Echlin StreetSráid EchlinAs Henry Echlin, biocáire Eaglais San Séamas san ochtú haois déag. “Sráid Aislinne” atá ar na hainmchláir.
Edenmore AvenueAscaill an Éadain Mhóir 
Edenmore CrescentCorrán an Éadain MhóirAs an teach anseo darbh ainm Edenmore (Ospidéal Iosaif anois), a d’ainmnigh an t‑úinéir as an Éadan Mór, Co. an Longfoirt—cé gur Éadan Mór (.i. gan an t‑alt) ainm oifigiúil an cheantair sin anois.
Edenmore DriveCéide an Éadain Mhóir 
Edenmore GardensGairdíní an Éadain Mhóir 
Edenmore GreenFaiche an Éadain Mhóir 
Edenmore GroveGarrán an Éadain Mhóir 
Edenmore ParkPáirc an Éadain Mhóir 
Eden QuayCé EdenAs William Eden. “Cé Éidin” (ceann de na hainmneacha a mhol coiste de chuid Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile sa bhliain 1909) atá ar na hainm­chláir agus anois sa liosta oifigiúil.
Eden TerraceArdán Eden 
Edenvale RoadBóthar Edenvale
Effra RoadBóthar EffraAithris ar Effra Road i Londain, is dócha (a ainmníodh as abhainn atá faoi thalamh ansin). “Bothar Eafra” atá ar an ainm­chlár; “Bóthar Éafra” atá sa liosta oifigiúil.
Eglinton ParkPáirc Eglinton 
Eglinton RoadBóthar EglintonAs Archibald Montgomerie, “Earl of Eglinton,” fear ionaid an rí.
Eglinton SquareCearnóg Eglinton 
Eglinton TerraceArdán Eglinton
Elford TerraceArdán Elford
Elgin RoadBóthar EilginnAs James Bruce, “Earl of Elgin” (teideal a ainmníodh as an mbaile mór in Albain). “Bóthar Elgin” atá sa liosta oifigiúil.
Elizabeth StreetSráid ElizabethAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha. “Sráid Éilise” atá ar an ainm­chlár; “Sráid Eilíse” atá sa liosta oifigiúil.
Ellenfield RoadBóthar EllenfieldAs teach darbh ainm Ellen Field (a ainmníodh as duine de mhuintir an úinéara, is dócha). “Bóthar Achadh Eibhlín” atá sa liosta oifigiúil.
Ellesmere AvenueSráid EllesmereAs an loch nó as an mbaile mór i Shrop­shire, is dócha.
Ellis QuayCé EllisAs William Ellis, a thóg an ché sa seachtú haois déag.
Ellis StreetSráid Ellis 
Elmdale CloseClós Ghleanntán an Leamháin 
Elmdale CrescentCorrán Ghleanntán an Leamháin 
Elmdale DriveCéide Ghleanntán an Leamháin 
Elmdale ParkPáirc Ghleanntán an Leamháin 
Elmfield AvenueAscailll Ghort an Leamháin 
Elmfield Close [trí cinn]Clós Ghort an Leamháin 
Elmfield CourtCúirt Ghort an Leamháin 
Elmfield CrescentCorrán Ghort an Leamháin 
Elmfield DriveCéide Ghort an Leamháin 
Elmfield GreenFaiche Ghort an Leamháin 
Elmfield GroveGarrán Ghort an Leamháin 
Elmfield LawnPlásóg Ghort an Leamháin 
Elmfield ParkPáirc Ghort an Leamháin 
Elmfield RiseArd Ghort an Leamháin 
Elmfield ValeGleann Ghort an Leamháin 
Elmfield WalkCosán Ghort an Leamháin 
Elmfield WayBealach Ghort an Leamháin 
Elm Mount AvenueAscaill Chnocán an Leamháin 
Elm Mount CloseClós Chnocán an Leamháin 
Elm Mount CourtCúirt Chnocán an Leamháin 
Elm Mount CrescentCorrán Chnocán an Leamháin 
Elm Mount DriveCéide Chnocán an Leamháin 
Elm Mount GroveGarrán Chnocán an Leamháin 
Elm Mount HeightsArda Chnocán an Leamháin 
Elm Mount LawnPlásóg Chnocán an Leamháin 
Elm Mount ParkPáirc Chnocán an Leamháin 
Elm Mount RiseArd Chnocán an Leamháin 
Elm Mount RoadBóthar Chnocán an Leamháin 
Elm Mount ViewRadharc Chnocán an Leamháin 
Elm ParkPáirc an Leamháin 
Elm Park AvenueAscaill Pháirc an Leamháin 
Elm Park TerraceArdán Pháirc an Leamháin 
Elm RoadBóthar an Leamháin 
Elmwood AvenueAscaill Choill an Leamháin 
Elton CourtCúirt Elton 
Elton DriveCéide Elton 
Elton ParkPáirc Elton 
Elton WalkCosán Elton 
Ely PlacePlás ElyAs Henry Loftus, “Earl of Ely,” teideal a ainmníodh as an mbaile mór i gCambridge­shire. (Is mar “eely” a fhuaimnítear ainm an bhaile sin, ach is mar “eel‑eye” a fhuaimnítear, nó a d’fhuaimnítí, ainm na sráide seo i mBaile Átha Cliath—faoi thionchar, b’fhéidir, an ainm Bhíobalta Eli.) “Plás Íle” (!) atá sa liosta oifigiúil.
Ely Place, UpperPlás Ely Uachtarach 
Emerald Cottagesna hIostáin Iathghlasa 
Emerald Placean Plás Iathghlas 
Emerald Squarean Chearnóg Iathghlas“An Chearnóg Fhéarghlas” atá ar an ainmchlár.
Emerald Streetan tSráid Iathghlas 
Emerald Terracean tArdán Iathghlas 
Emmet CourtCúirt Emmet 
Emmet RoadBóthar EmmetAs Robert Emmet.
Emmet Street [dhá cheann]Sráid EmmetAs Robert Emmet
Emor StreetSráid EmorSloinne is ea Emor: ní hionann é agus an t‑ainm pearsanta Emer, .i. Eimhear (​nach raibh in úsáid sa bhliain 1870, nuair a tógadh an tsráid seo). “Sráid Eimhire” atá sa liosta oifigiúil.
Emorville AvenueAscaill EmorvilleAs an Emorville Estate a bhí anseo, a ainmníodh, is dócha, as an sloinne.
Empress PlacePlás an BhanimpireAs an mBanríon Victoria, “Banimpire na hIndia.”
Enaville AvenueAscaill EnavilleAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha.
Enaville RoadBóthar Enaville“Bóthar Eanna” atá ar na hainmchláir.
Engine AlleyScabhat an InnillGléas meicniúil ar bith ba ea engine, ach inneall dóiteáin an bhrí ba choitianta leis. Deirtear uaireanta gur truailliú de “Indian Alley” é an t‑ainm seo, ach ní foláir cuimhneamh gurbh é injin gnáth­fhuaimniú an fhocail engine in Éirinn (agus ingine an gnáth­litriú san ochtú haois déag); agus is dócha gur ceapadh ní ba dhéanaí gur dhroch­fhuaimniú de Indian a bhí ann.
Ennafort AvenueAscaill Dhún Éanna 
Ennafort CourtCúirt Dhún Éanna 
Ennafort DriveCéide Dhún Éanna 
Ennafort GroveGarrán Dhún Éanna 
Ennafort ParkPáirc Dhún Éanna 
Ennafort RoadBóthar Dhún Éanna 
Ennel AvenueAscaill Loch Ainninn 
Ennel DriveCéide Loch Ainninn 
Ennel ParkPáirc Loch Ainninn 
Ennis GroveGarrán Uí AonghaisAs Edward Ennis, ball d’Óglaigh na hÉreann ón gceantar a maraíodh le linn Éirí Amach 1916. “Garrán Uí Aonghusa” atá ar an ainm­chlár; “Garrán Inse” atá sa liosta oifigiúil.
Enniskerry RoadBóthar Áth an SceireAs an mbaile i gCo. Chill Mhantáin, mar a raibh teach ag muintir Monck, úinéirí talún anseo.
Erne PlacePlás na hÉirne 
Erne Place, LowerPlás na hÉirne Íochtarach 
Erne Place, LittlePlás Beag na hÉirne
Erne Street, LowerSráid na hÉirne ÍochtarachAs John Crichton, “Earl of Erne.”
Erne Street, UpperSráid na hÉirne Uachtarach
Erne TerraceArdán na hÉirne 
Errigal GardensGairdíní na hEaragaile 
Errigal RoadBóthar na hEaragaile 
Erris RoadBóthar Iorrais 
Esker VillasBailtíní na hEascrach
Esmond AvenueAscaill an Easmannaigh“Ascal Éasmon” atá ar an ainm­chlár; “Ascaill Easmainn” atá sa liosta oifigiúil.
Esposito RoadBóthar EspositoAs Michele Esposito, cumadóir agus múinteoir i gCeol-Acadamh Ríoga na hÉireann; i ngrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí.
Essex GateGeata Essex“Geata Iosóid” atá ar na hainmchláir.
Essex QuayCé Essex 
Essex Street, EastSráid Essex ThoirAs Arthur Capel, “Earl of Essex.” Ainmníodh Capel Street as an duine céanna.
Essex Street, WestSráid Essex Thiar 
Estate AvenueAscaill an Eastáit 
Estate Cottages [dhá cheann]Iostáin an Eastáit 
Eugene StreetSráid Eugene“Sráid Eoghain” atá sa liosta oifigiúil.
Eustace StreetSráid an IústásaighAs Maurice Eustace, ball de Pharlaimint na hÉireann sa seachtú haois déag, a raibh cónaí air anseo. “Sráid Iústais” atá ar na hainmchláir.
Everton AvenueAscaill EvertonAs an teach darb ainm Everton House.
Exchange CourtCúirt an Mhalartáin
Exchange PlacePlás an MhalartáinCeann de na sráideanna nua i gceantar Dhugaí Theach an Chustaim ar tugadh ainmneacha bréag-​stairiúla orthu.
Exchange Street, LowerSráid an Mhalartáin Íochtarach“Sráid Iosóid” atá ar na hainm­chláir. (Sean­ainm ar an tsráid ba ea Isod’s Lane.)
Exchange Street, UpperSráid an Mhalartáin UachtarachAs an Royal Exchange (Halla na Cathrach anois). “Cúirt Iosóid” atá ar na hainm­chláir.
Exchequer StreetSráid an Chiste 
Excise WalkCosán an MháilCeann de na sráideanna nua i gceantar Dhugaí Theach an Chustaim ar tugadh ainmneacha bréag-​stairiúla orthu.
Fade StreetSráid FadeAs Joseph Fade. “Sráid Fhaid” atá ar na hainm­chláir; “Sráid Mhic Pháid” (sloinne nach bhfuil ann) atá sa liosta oifigiúil.
Fairfield AvenueAscaill FairfieldAs Longcheárta Fairfield i nGlaschu, ónar tháinig oibrithe go Baile Átha Cliath sa naoú haois déag.
Fairfield ParkPáirc an Aonaigh“Páirc Aonaigh” atá ar na hainmchláir.
Fairfield RoadBóthar an Ghoirt AoibhinnAs teach darbh ainm Fairfield.
Fairlawn ParkPáirc na Plasóige Aoibhne 
Fairlawn RoadBóthar na Plasóige Aoibhne 
FairviewFionnradharcAs an radharc ar Chuan Bhaile Átha Cliath sular cruthaíodh na dugaí nua, ainm a cumadh san ochtú haois déag in ionad an ainm thraidisiúnta, Ballybough (an Baile Bocht), atá ar roinnt de na sean-​ainmchláir. Chum na Bráithre Críostaí an t‑ainm Gaeilge Fionnradharc i lár an fhichiú haois.
Fairview Avenue [dhá cheann]Ascaill Fhionnradhairc 
Fairview CourtCúirt Fhionnradhairc
Fairview GreenFaiche Fhionnradhairc 
Fairview PassagePasáiste Fhionnradhairc 
Fairview StrandTrá Fhionnradhairc 
Fairview TerraceArdán Fhionnradhairc 
Fairways AvenueAscaill an Mhínligh“Ascaill na Mínleach” srl. atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil.
Fairways GreenFaiche an Mhínligh 
Fairways GroveGarrán an Mhínligh 
Fairways ParkPáirc an Mhínligh 
Faith AvenueAscaill an ChreidimhHope Avenue anseo freisin.
Falcarragh RoadBóthar an Fháil CharraighI ngrúpa sráideanna ar tugadh Páirc na Gaeltachta orthu ar dtús.
Farney ParkPáirc Fhearnaí 
Farnham CrescentCorrán Fhearnáin 
Farnham DriveCéide FhearnáinAs teach darbh ainm Farnham House. (Tá baile fearainn den ainm sin i gCo. an Chabháin.)
Father Mathew SquareCearnóg an Athar Mathew
Faughart RoadBóthar Fhochairde 
Faulkner’s TerraceArdán Faulkner“Ardán Uí Fhachtna” (mar aon leis an mí­litriú “Faulkner Terrace”) atá ar an ainmchlár.
Faussagh AvenueAscaill an FhásaighFaussagh Lane ab ainm don dá shráid seo roimh thógáil na dtithe nua anseo timpeall na bliana 1940. “Ascal [sic] Fhasaigh [sic]” atá ar an oifig phoist.
Faussagh RoadBóthar an Fhásaigh“Bóthar an Fhaisaigh” (!) atá ar na hainm­chláir nua. Is mar “Fassa” a fhuaimnítear an t‑ainm Béarla anois; ar an ábhar sin tá an litriú Béarla “Fassaugh” in úsáid choiteann, ar roinnt de na hainm­chláir, agus anois sa liosta oifigiúil.
Fenian StreetSráid na bhFíníní 
Ferguson RoadBóthar Mhic FhearghaisAs Samuel Ferguson; i ngrúpa sráideanna i nDroim Conrach a ainmníodh as scríbhneoirí agus scoláirí.
Fergus RoadBóthar an FhorghaisAs an abhainn, is dócha. “Bóthar Fhearghusa” atá ar na hainm­chláir; “Bóthar Fhearghasa” atá sa liosta oifigiúil.
Ferndale AvenueAscaill Ghleanntán na Raithní 
Ferndale RoadBóthar Ghleanntán na Raithní 
Ferns RoadBóthar FhearnaI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Fernvale DriveCéide Ghleann na Raithní 
Ferrard RoadBóthar Fhir ArdaAs teideal Sasanach, a ainmníodh as an mbarúntacht i gCo. Lú.
Ferrycarrig AvenueAscaill Chaladh na Carraige 
Ferrycarrig DriveCéide Chaladh na Carraige 
Ferrycarrig GreenFaiche Chaladh na Carraige 
Ferrycarrig ParkPáirc Chaladh na Carraige 
Ferrycarrig RoadBóthar Chaladh na CarraigeAs an mbaile i gCo. Loch Garman.
Ferryman’s CrossingBealach an FharantóraSráid nua ar tugadh ainm bréag-​stairiúil uirthi. (Tá an mí­litriú “Ferrymans” sa liosta oifigiúil.) “Crosaire an Fharantóra” atá ar na hainmchláir.
Fertullagh RoadBóthar Fhear TulachAs an mbarúntacht i gCo. na hIarmhí (Fartullagh).
Field AvenueAscaill FieldAs John Field, cumadóir; i ngrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí. (Tá John Field Road ann freisin.)
Field’s TerraceArdán Field
Findlater PlacePlás FindlaterAs Alexander Findlater and Company, comhlacht grósaera, a thóg na tithe anseo.
Findlater StreetSráid FindlaterAs William Findlater, duine de stiúrthóirí Dublin Artisans’ Dwellings Company, a thóg na tithe seo. “Sráid Fhinnléatair” atá ar na hainmchláir.
Fingall PlacePlás Fhine GallAs an dúiche stairiúil i gCo. Bhaile Átha Cliath.
Fingall StreetSráid Fhine Gall 
Finglas ParkPáirc Fhionnghlaise 
Finglas PlacePlás Fhionnghlaise 
Finglas RoadBóthar Fhionnghlaise 
Finglas Road, OldSeanbhóthar Fhionnghlaise 
Finglaswood RoadBóthar Choill FhionnghlaiseAs an mbaile fearainn (Finglas Wood).
Finneber FortDún Éibhir FhinnAinm bréag-​Ghaeilge: as Éibhear Fionn, is dócha, pearsa i miotas na hÉireann.
Finneber SquareCearnóg Éibhir Fhinn
Finn StreetSráid Uí Fhinn“Sráid Ó Finn” atá ar cheann amháin de na hainmchláir.
First Avenue [dhá cheann]Ascaill a hAon 
Fishamble StreetSráid Sheamlas an ÉiscAs margadh éisc a bhí anseo.
Fitzgerald StreetSráid Mhic GearailtI ngrúpa sráideanna i gCrois Araild a thóg Dublin Artisans’ Dwellings Company agus a ainmníodh, den chuid is mó, as stiúrthóirí an chomhlachta.
Fitzgibbon LaneLána Mhic Giobúin 
Fitzgibbon StreetSráid Mhic GiobúinAs John Fitzgibbon. (Ainmníodh Clare Street as an duine céanna.)
Fitzmaurice RoadBóthar Mhic Mhuiris 
Fitzpatrick’s CottagesIostáin Mhic Giolla Phádraig
Fitzroy AvenueAscaill Fitzroy“Ascal Mac Giollaríogh” atá ar na hainmchláir.
Fitzwilliam CourtCúirt Fitzwilliam 
Fitzwilliam LaneLána Fitzwilliam 
Fitzwilliam Place [dhá cheann]Plás Fitzwilliam 
Fitzwilliam QuayCé Fitzwilliam 
Fitzwilliam SquareCearnóg Fitzwilliam 
Fitzwilliam Street, UpperSráid Fitzwilliam UachtarachAs William Wentworth-​Fitzwilliam, “Earl Fitzwilliam,” fear ionaid an rí.
Fitzwilliam StreetSráid Fitzwilliam 
Fitzwilliam Street, LowerSráid Fitzwilliam Íochtarach 
Fleet StreetSráid na ToinneGóilín nó gaoth is ea fleet; ach is dócha go bhfuil taithí ag an bpobal ar an bhfoirm “Sráid na Toinne.” (“Sráid na Tuinne” atá ar ainm­chlár amháin; “Sráid Flít” atá ar cheann eile.)
Fleming RoadBóthar an PhléimeannaighAs Seán Pléimeann; i ngrúpa sráideanna i nDroim Conrach a ainmníodh as scríbhneoirí.
Fleming’s PlacePlás an Phléimeannaigh 
Florence StreetSráid FlorenceAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha. “Sráid Bhláthnaid” atá ar na hainmchláir.
Florence TerraceArdán Florence 
Florence VillasBailtíní Florence
Foley StreetSráid Uí FhoghlaíAs John Henry Foley, dealbhóir, a rugadh anseo.
Fontenoy StreetSráid FontenoyAs Cath Fontenoy (1745) sa Bheilg. Tá fuaimniú Béarla ag an ainm seo in Éirinn.
Forbes LaneLána Fhoirbis 
Forbes StreetSráid FhoirbisAs an sloinne Albanach. (Tá dhá shiolla i bhfuaimniú an tsloinne seo.)
Forestwood AvenueAscaill Choill na Foraoise
Forestwood CloseClós Choill na Foraoise
Fortescue LaneLána Fortescue
Fortfield GardensGairdíní Ghort an Dúin
Fortfield RoadBóthar Ghort an DúinAs teach darbh ainm Fortfield.
Fortfield TerraceArdán Ghort an Dúin
Forth RoadBóthar FhothartAs an mbaile i gCo. Loch Garman; i ngrúpa sráideanna i gceantar an Phoirt Thoir a ainmníodh as áiteanna i gCo. Loch Garman a raibh baint acu le hÉirí Amach 1798.
Fortview AvenueAscaill Radharc an DúinAs radharc ar an Pigeon House Fort ar bhruach theas na Life.
Foster PlacePlás FosterAs John Foster. (Ainmníodh Oriel Street as an duine céanna.)
Foster Place, NorthPlás Foster Thuaidh 
Foster TerracePlás Foster Thuaidh 
Fountain Road [Páirc an Fhéinics]Bóthar an Fhuaráin 
Fourth AvenueAscaill a Ceathair 
Fownes Street, LowerSráid Fownes ÍochtarachAs William Fownes. “Sráid Fobhnais” atá ar na hainm­chláir (ceann de na hainmneacha a mhol coiste de chuid Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile sa bhliain 1909).
Fownes Street, UpperSráid Fownes Uachtarach
Foxfield AvenueAscaill Ghort an tSionnaigh 
Foxfield CrescentCorrán Ghort an tSionnaigh 
Foxfield DriveCéide Ghort an tSionnaigh 
Foxfield GreenFaiche Ghort an tSionnaigh 
Foxfield GroveGarrán Ghort an tSionnaigh 
Foxfield HeightsArda Ghort an tSionnaigh 
Foxfield LawnPlásóg Ghort an tSionnaigh 
Foxfield ParkPáirc Ghort an tSionnaigh 
Foxfield RoadBóthar Ghort an tSionnaighAs teach darbh ainm Foxfield House.
Foxfield St JohnGort an tSionnaigh San EoinAs Eaglais Eoin Soiscéalaí anseo.
Foxhill AvenueAscaill Chnoc an tSionnaigh 
Foxhill CloseClós Chnoc an tSionnaigh 
Foxhill CourtCúirt Chnoc an tSionnaigh 
Foxhill CrescentCorrán Chnoc an tSionnaigh 
Foxhill DriveCéide Chnoc an tSionnaigh 
Foxhill GreenFaiche Chnoc an tSionnaigh 
Foxhill GroveGarrán Chnoc an tSionnaigh 
Foxhill LawnPlásóg Chnoc an tSionnaigh 
Foxhill ParkPáirc Chnoc an tSionnaigh 
Foxhill WayBealach Chnoc an tSionnaigh 
Fox’s LaneLána Mhic an tSionnaigh 
Foyle RoadBóthar an Fheabhail 
Francis StreetSráid San ProinsiasIs é St Francis’s Street an bhunfhoirm.
Frankfort AvenueAscaill FrankfortAs teach darbh ainm Frankfort.
Frankfort CottagesIostáin Frankfort 
Frederick CourtCúirt Frederick“Cúirt Fhreidric” atá sa liosta oifigiúil.
Frederick Lane (North)Lána Frederick Thuaidh“Lána na nGort Arbhair” atá ar na hainm­chláir. (Barley Fields ab ainm don cheantar seo tráth.) “Lána Fhreidric Thuaidh” atá sa liosta oifigiúil.
Frederick Street, NorthSráid Frederick ThuaidhAs an Dr Frederick Jebb, máistir Ospidéal an Rotunda san ochtú haois déag. “Sráid Fhreidric Thuaidh” atá sa liosta oifigiúil.
Frederick Street, SouthSráid Frederick TheasAs mac Rí George II Shasana. “Sráid Fhreidric Theas” atá sa liosta oifigiúil.
Frenchman’s LaneLána an Fhrancaigh“Frenchmen’s Lane,” agus “Lána an Fhranncaighe,” atá ar shean-​ainmchlár amháin, “Lána an Fhrancaigh” ar an ainm­chlár eile.
Friary AvenueAscaill na Mainistreach 
Friary GroveGarrán na Mainistreach 
Fumbally LaneLána FombilyIs é Fombily’s Lane an bhun­fhoirm, as Anthony agus David Fombily, feannadóirí (sloinne Úgónach ba ea Fombily).
Furry Park CourtCúirt Pháirc an Aitinn 
Furry Park RoadBóthar Pháirc an AitinnAs an teach darb ainm Furry Park, nó as an mbaile fearainn.
Furze Road [Páirc an Fhéinics]Bóthar an Aitinn
the Gablesna Beanna 
Gaelic StreetSráid na Gaeilge 
Gallaun RoadBóthar an Ghalláin 
Galmoy RoadBóthar Ghabhalmhaí 
Galtymore CloseClós Chnoc Mór na nGaibhlte 
Galtymore DriveCéide Chnoc Mór na nGaibhlte 
Galtymore ParkPáirc Chnoc Mór na nGaibhlte 
Galtymore RoadBóthar Chnoc Mór na nGaibhlteI ngrúpa sráideanna i nDroimeanach a ainmníodh as sliabhraonta.
Garda Terrace [Páirc an Fhéinics]Ardán an GhardaSráid in aice le ceanncheathrú an Gharda Síochána
Garden LaneLána an Ghairdín 
Garden TerraceArdán an Ghairdín 
Garden ViewRadharc an Ghairdín 
Gardiner LaneLána Gardiner 
Gardiner PlacePlás Gardiner 
Gardiner RowSraith Gardiner 
Gardiner Street, LowerSráid Gardiner ÍochtarachAs Luke Gardiner, úinéir talún san ochtú haois déag. (Ainmníodh Mountjoy Square srl. as an duine céanna.) “Sráid Ghairdinéir” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Gardiner Street, MiddleSráid Gardiner Láir 
Gardiner Street, UpperSráid Gardiner Uachtarach
GarrynureGarraí an Iúir 
Garryowen RoadBóthar Gharraí Eoin 
Gartan AvenueAscaill GhartáinAs an áit i gCo. Dhún na nGall inar rugadh Colm Cille, de réir traidisiún. (Is i bParóiste Cholm Cille atá an tsráid seo.)
Garville AvenueAscaill GarvilleAs teach darbh ainm Garville.
Garville DriveCéide Garville 
Garville LaneLána Garville 
Garville MewsEachlann Garville 
Garville PlacePlás Garville 
Garville RoadBóthar Garville 
Gateway AvenueAscaill an Gheata 
Gateway CourtCúirt an Gheata 
Gateway CrescentCorrán an Gheata 
Gateway PlacePlás an Gheata 
Gateway ViewRadharc an Gheata 
Geoffrey Keating RoadBóthar Sheathrúin CéitinnI ngrúpa sráideanna sa cheantar darbh ainm Fairbrother’s Fields a ainmníodh den chuid is mó as scoláirí, staraithe, agus filí.
George’s DockDuga SheoirseCeann de na sráideanna nua i gceantar Dhugaí Theach an Chustaim.
George’s HillCnoc San Seoirse“Cnoc Sheoirse” srl. atá sa liosta oifigiúil.
George’s LaneLána San Seoirse 
George’s PlacePlás San SeoirseAs Eaglais San Seoirse anseo. (Is é St George’s Place an bhunfhoirm.)
George’s QuayCé San Seoirse 
George’s RoadBóthar San Seoirse 
George’s Street, Great, NorthSráid Mhór Sheoirse ThuaidhAs Rí George III Shasana. “Sráid Sheoirse Mhór Thuaidh” atá sa liosta oifigiúil.
George’s Street, Great, SouthSráid Mhór San Seoirse TheasAs Eaglais San Seoirse a bhí anseo. “Sráid Sheoirse Mhór Theas” atá sa liosta oifigiúil.
Geraldine StreetSráid GeraldineAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha. “An tSráid Ghearaltach” atá ar na hainm­chláir; “Sráid na nGearaltach” atá sa liosta oifigiúil.
Gerald StreetSráid GeraldAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha. “Sráid Ghearailt” atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil.
Gilbert RoadBóthar GilbertAs John Gilbert, staraí; i ngrúpa sráideanna sa cheantar darbh ainm Fairbrother’s Fields a ainmníodh den chuid is mó as scoláirí, staraithe, agus filí. “Bóthar Ghiolbart” atá ar an ainm­chlár; “Bóthar Ghilbeirt” atá sa liosta oifigiúil.
Gilford AvenueAscaill Gilford 
Gilford CourtCúirt Gilford 
Gilford DriveCéide Gilford 
Gilford ParkPáirc Gilford 
Gilford RoadBóthar GilfordAs an teach darb ainm Gilford Hall, is dócha.
Gilford TerraceArdán Gilford 
Glandore RoadBóthar Chuan Dor 
Glasanaon CourtCúirt Ghlas Naíon 
Glasanaon ParkPáirc Ghlas Naíon 
Glasanaon RoadBóthar Ghlas Naíon 
Glasaree RoadBóthar Ghlas an Rí 
Glasilawn AvenueAscaill Ghlasoileáin 
Glasmeen RoadBóthar Ghlas Mín 
Glasnamana PlacePlás Ghlas na Manach 
Glasnamana RoadBóthar Ghlas na Manach 
Glasnevin AvenueAscaill Ghlas Naíon 
Glasnevin CourtCúirt Ghlas Naíon 
Glasnevin DownsMulláin Ghlas Naíon 
Glasnevin DriveCéide Ghlas Naíon 
Glasnevin HillCnoc Ghlas Naíon 
Glasnevin OaksDaracha Ghlas Naíon 
Glasnevin ParkPáirc Ghlas Naíon 
Glasnevin WoodsCoillte Ghlas Naíon 
Glebe ViewRadharc na Gléibe 
Glenaan RoadBóthar Ghleann AthainAs ceann de Ghlinntí Aontroma. Níl foirm oifigiúil Ghaeilge an ainm sin socraithe.
Glenard AvenueAscaill Ghleann Aird 
Glenariff RoadBóthar Ghleann AireamhAs ceann de Ghlinntí Aontroma.
Glenarm AvenueAscaill Ghleann ArmaAs ceann de Ghlinntí Aontroma.
Glenarm SquareCearnóg Ghleann Arma
GlenaulinGleann ÁlainnAs an sruth anseo (faoi thalamh anois), nó as an teach darbh ainm Glenaulin (a ainmníodh, gan dabht, as an sruth).
Glenaulin DriveCéide Ghleann Álainn 
Glenaulin ParkPáirc Ghleann Álainn 
Glenavy ParkPáirc Lann Abhaigh 
Glenayle RoadBóthar Ghleann Áille 
Glenayr RoadBóthar Ghleann Áir 
Glenbeigh ParkPáirc Ghleann Beithe 
Glenbeigh RoadBóthar Ghleann Beithe 
Glenbrook RoadBóthar Ghleann an FheileastraimAs an áit i gCo. Chorcaí, b’fhéidir. “Bóthar Ghleann an tSrutháin” atá sa liosta oifigiúil.
Glencar RoadBóthar Ghleann an Chairthe 
Glencloy RoadBóthar Ghleann ClaidheamhAs ceann de Ghlinntí Aontroma. Níl foirm oifigiúil Ghaeilge an ainm sin socraithe.
Glencorp RoadBóthar Ghleann CorpAs ceann de Ghlinntí Aontroma.
Glendalough RoadBóthar Ghleann dá Loch 
Glendenning LaneLána GlendenningAs an sloinne Albanach.
Glendhu ParkPáirc Ghleann Dubh 
Glendhu RoadBóthar Ghleann Dubh 
Glendun RoadBóthar Ghleann DuinneAs ceann de Ghlinntí Aontroma.
Glenealy RoadBóthar Ghleann Fhaidhle 
Glenfarne RoadBóthar Ghleann Fearna 
Glengarriff CrescentCorrán an Ghleanna Ghairbh 
Glengarriff ParadeParáid an Ghleanna GhairbhI ngrúpa sráideanna i mBaile Phib a ainmníodh as áiteanna i gCo. Chiarraí.
Glenhill AvenueAscaill Chnoc an Ghleanna 
Glenhill CourtCúirt Chnoc an Ghleanna 
Glenhill DriveCéide Chnoc an Ghleanna 
Glenhill GroveGarrán Chnoc an Ghleanna 
Glenhill RoadBóthar Chnoc an Ghleanna 
Glenhill VillasBailtíní Chnoc an Ghleanna
Glenmalure ParkPáirc Ghleann MolúraAs an ngleann i gCo. Chill Mhantáin.
Glenmalure SquareCearnóg Ghleann Molúra 
Glenmore RoadBóthar Gleann Mór 
Glen Road, Lower [Páirc an Fhéinics]Bóthar an Ghleanna Íochtarach 
Glen Road, Upper [Páirc an Fhéinics]Bóthar an Ghleanna Uachtarach 
Glenshesk RoadBóthar Ghleann SeiscAs ceann de Ghlinntí Aontroma. Níl foirm oifigiúil Ghaeilge an ainm sin socraithe.
Glenties DriveCéide na nGleanntach
Glenties ParkPáirc na nGleanntach 
Glentow RoadBóthar Ghleann TóAs an ngleann i gCo. Aontroma, is dócha.
Glentworth ParkPáirc Glentworth 
Glenwood RoadBóthar Ghleann na CoilleSa liosta oifigiúil.
Glin AvenueAscaill an Ghleanna 
Glin CrescentCorrán an Ghleanna 
Glin DriveCéide an Ghleanna 
Glin GroveGarrán an Ghleanna 
Glin ParkPáirc an Ghleanna 
Glin RoadBóthar an Ghleanna 
Gloucester LaneLána Gloucester 
Gloucester Place, NorthPlás Gloucester Thuaidh 
Gloucester Place, UpperPlás Gloucester Uachtarach 
Gloucester Street (South)Sráid Gloucester (Theas)As William Henry Stuart, “Duke of Gloucester.” “Sráid Glastar Theas” atá ar an ainmchlár.
Glover’s AlleyScabhat GloverAs an sloinne, is dócha. “Scabhat Glovar” atá ar an ainm­chlár, “Scabhat an Lámhainneora” sa liosta oifigiúil.
Glover’s CourtCúirt Glover“Glover Court” (i mBéarla amháin) atá ar an ainmchlár.
Godfrey PlacePlás GhofraidhAs Guðrøðr Haraldsson; i ngrúpa sráideanna i mBaile na Lochlannach a ainmníodh as taoisigh Lochlannacha agus Gael-​Lochlannacha.
Gofton HallHalla GoftonAs teach darbh ainm Gofton Hall.
Goldenbridge AvenueAscaill an Droichid ÓrgaAs an mbaile fearainn, a ainmníodh féin as an droichead trasna na Camóige​—​cuid de Bhóthar Emmet anois. (Is cosúil gurbh é “Glydon Bridge” an bunainm.)
Goldenbridge GardensGairdíní an Droichid Órga 
Goldenbridge TerraceArdán an Droichid Órga 
Goldenbridge Walk [dhá cheann]Cosán an Droichid Órga 
Golden LaneLána an ÓirAs Goldsmiths’ Hall in aice láimhe. Tá “Lána an Óir” agus “Ór‑Lána” ar dhá ainm­chlár os comhair a chéile.
Goldsmith StreetSráid GoldsmithAs Oliver Goldsmith. “Sráid an Ghabha Bhuidhe” atá ar na hainmchláir.
Gordon PlacePlás an Ghórdanaigh“Plás Gordon” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Gordon StreetSráid an Ghórdanaigh 
Gorsefield CourtCúirt Achadh an Aitinn“Cúirt Ghort an Aitinn” atá sa liosta oifigiúil.
Gortbeg AvenueAscaill an Ghoirt Bhig 
Gortbeg DriveCéide an Ghoirt Bhig 
Gortbeg ParkPáirc an Ghoirt Bhig 
Gortbeg RoadBóthar an Ghoirt BhigSa liosta oifigiúil.
Gortmore AvenueAscaill an Ghoirt Mhóir 
Gortmore DriveCéide an Ghoirt Mhóir 
Gortmore ParkPáirc an Ghoirt Mhóir 
Gortmore RoadBóthar an Ghoirt Mhóir 
Gracefield AvenueAscaill Gracefield“Ascaill Ghort na nGrás” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Gracefield CourtCúirt Gracefield 
Gracefield RoadBóthar GracefieldAs teach darbh ainm Gracefield (a ainmníodh as duine de mhuintir an úinéara, is dócha, nó as an sloinne). Meancóg is ea “Bóthar Ghort na nGrás” srl., atá sa liosta oifigiúil.
Gracepark AvenueAscaill Gracepark 
Gracepark CourtCúirt Gracepark
Gracepark GardensGairdíní Gracepark 
Gracepark HeightsArda Gracepark 
Gracepark MeadowsCluainte Gracepark 
Gracepark RoadBóthar GraceparkAs teach darbh ainm Gracepark House (a ainmníodh as duine de mhuintir an úinéara, is dócha). Meancóg is ea “Bóthar Pháirc na nGrás” srl., atá sa liosta oifigiúil.
Gracepark TerraceArdán Gracepark 
Grafton StreetSráid GraftonAs Charles Fitzroy, “Duke of Grafton,” mac Rí Charles II Shasana. (Ainmníodh Duke Street as an duine céanna.)
Graham’s RowSraith an Ghréamaigh
Graigue CourtCúirt na Gráige 
Granby LaneLána Granby 
Granby PlacePlás Granby 
Granby RowSraith GranbyAs teideal Sasanach.
Grand Canal HarbourCalafort na Canála Móire“Calafort na Canálach Móire” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Grand Canal PlacePlás na Canála Móire 
Grand Canal QuayCé na Canála Móire 
Grand Canal SquareCearnóg na Canála Móire
Grand Canal Street, LowerSráid na Canála Móire Íochtarach 
Grand Canal Street, UpperSráid na Canála Móire Uachtarach 
Grand Canal ViewRadharc na Canála Móire
Grand Paradean Pharáid Mhór“An Parád Mór” atá ar na hainmchláir.
Grange Abbey CrescentCorrán Mhainistir na Gráinsí 
Grange Abbey DriveCéide Mhainistir na Gráinsí 
Grange Abbey GroveGarrán Mhainistir na Gráinsí 
Grange Abbey RoadBóthar Mhainistir na Gráinsí 
Grangegorman, LowerGráinseach Ghormáin Íochtarach 
Grangegorman, UpperGráinseach Ghormáin Uachtarach 
Grangegorman VillasBailtíní Ghráinseach Ghormáin
Grange Lodge AvenueAscaill Lóiste na Gráinsí
Grangemore AvenueAscaill na Gráinsí MóireAs teach darbh ainm Grangemore.
Grangemore CourtCúirt na Gráinsí Móire 
Grangemore CrescentCorrán na Gráinsí Móire 
Grangemore DriveCéide na Gráinsí Móire 
Grangemore GroveGarrán na Gráinsí Móire 
Grangemore LawnPlásóg na Gráinsí Móire 
Grangemore ParkPáirc na Gráinsí Móire 
Grangemore RiseArd na Gráinsí Móire 
Grangemore RoadBóthar na Gráinsí Móire 
Grange Park AvenueAscaill Pháirc na Gráinsí 
Grange Park CloseClós Pháirc na Gráinsí 
Grange Park CrescentCorrán Pháirc na Gráinsí 
Grange Park DriveCéide Pháirc na Gráinsí 
Grange Park GreenFaiche Pháirc na Gráinsí 
Grange Park GroveGarrán Pháirc na Gráinsí 
Grange Park RiseArd Pháirc na Gráinsí 
Grange Park RoadBóthar Pháirc na Gráinsí 
Grange Park ViewRadharc Pháirc na Gráinsí 
Grange Park WalkCosán Pháirc na Gráinsí 
Grange RoadBóthar na Gráinsí 
Granite PlacePlás an Eibhir 
Granite TerraceArdán an Eibhir 
Grantham PlacePlás Grantham 
Grantham StreetSráid Grantham 
Grant’s RowSraith an Ghranntaigh 
Grattan Court (East)Cúirt Mhic Reachtain (Thoir) 
Grattan CrescentCorrán Mhic Reachtain 
Grattan LodgeLóiste Mhic Reachtain 
Grattan ParadeParáid Mhic Reachtain 
Grattan PlacePlás Mhic Reachtain 
Grattan StreetSráid Mhic ReachtainAs Henry Grattan. “Sráid Grattan” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Gray SquareCearnóg Gray 
Gray StreetSráid GrayAs Edmund Dwyer Gray. “Sráid Grae” atá ar na hainm­chláir; “Sráid an Ghraeigh” atá sa liosta oifigiúil.
Great Western AvenueAscaill Iarnród an IarthairTógadh na tithe seo i gcomhair fostaithe de chuid an Mid­land Great Western Railway (1895–1924). “Ascal an Ráilróid Siar” atá ar shean-​ainmchlár; “Ascaill an Ráilróid” atá ar na hainm­chláir nua.
Great Western SquareCearnóg Iarnród an Iarthair 
Great Western VillasBailtíní Iarnród an Iarthair
Greek StreetSráid na Gréigise 
the Greenan Fhaiche 
Greencastle AvenueAscaill an Chaisleáin Ghlais
Greencastle CrescentCorrán an Chaisleáin Ghlais 
Greencastle DriveCéide an Chaisleáin Ghlais 
Greencastle ParadeParáid an Chaisleáin Ghlais 
Greencastle ParkPáirc an Chaisleáin Ghlais 
Greencastle RoadBóthar an Chaisleáin Ghlais 
Greendale AvenueAscaill an Ghleanntáin Ghlais 
Greendale CourtCúirt an Ghleanntáin Ghlais
Greendale RoadBóthar an Ghleanntáin Ghlais 
Greenfield CrescentCorrán an Ghoirt Ghlais 
Greenfield ParkPáirc an Ghoirt GhlaisAs teach darbh ainm Greenfield. “Páirc an Ghlasbháin” atá ar na hainmchláir.
Greenfield PlacePlás an Ghoirt GhlaisAs an teach darbh ainm Greenfield House, is dócha. I mBéarla amháin atá an t‑ainmchlár sean-chaite.
Greenlawnsna Plásóga Glasa 
Greenlea AvenueAscaill an Bháin Ghlais 
Greenlea DriveCéide an Bháin Ghlais 
Greenlea GroveGarrán an Bháin Ghlais 
Greenlea ParkPáirc an Bháin Ghlais 
Greenlea PlacePlás an Bháin Ghlais 
Greenlea RoadBóthar an Bháin Ghlais 
Greenmount AvenueAscaill an Chnocáin Ghlais“Ascaill Ghlasárd” atá ar an ainmchlár.
Greenmount CourtCúirt an Chnocáin Ghlais 
Greenmount LaneLána an Chnocáin GhlaisAs teach darbh ainm Green Mount (mar a bhfuil Ospís Mhuire anois) nó as an Greenmount Spinning Mill (a ainmníodh as an teach). “Lána Ghlasárd” atá ar an ainmchlár.
Greenmount LawnsPlásóga an Chnocáin Ghlais 
Greenmount RoadBóthar an Chnocáin Ghlais 
Greenmount SquareCearnóg an Chnocáin Ghlais“Cearnóg Ghlasard” atá ar an ainmchlár.
Greenore TerraceArdán an Ghrianfoirt
Green Parkan Pháirc Ghlas
Green StreetSráid na Faiche 
Green Street, EastSráid na Faiche ThoirAinm nua ar Shráid na Faiche Theas.
Greenville AvenueAscaill GreenvilleAs an teach darb ainm Green Ville. “Suí Roper” atá ar na hainm­chláir (as Roper’s Rest, teach a bhí ag Thomas Roper anseo sa seachtú haois déag).
Greenville ParadeParáid Greenville 
Greenville TerraceArdán Greenville 
Greenwich CourtCúirt Greenwich 
Greenwood AvenueAscaill na Coille Glaise 
Greenwood CloseClós na Coille Glaise 
Greenwood CourtCúirt na Coille Glaise 
Greenwood DriveCéide na Coille Glaise 
Greenwood LawnPlásóg na Coille Glaise 
Greenwood ParkPáirc na Coille Glaise 
Greenwood WalkCosán na Coille Glaise 
Greenwood WayBealach na Coille Glaise 
Grenville LaneLána Grenville 
Grenville StreetSráid GrenvilleAs George Grenville Nugent Temple.
Griffith AvenueAscaill Uí GhríofaAs Arthur Griffith.
Griffith CloseClós Uí Ghríofa 
Griffith CourtCúirt Uí Ghríofa 
Griffith DownsMulláin Uí Ghríofa 
Griffith DriveCéide Uí Ghríofa 
Griffith LawnsPlásóga Uí Ghríofa 
Griffith ParadeParáid Uí Ghríofa 
Griffith RoadBóthar Uí Ghríofa 
Griffith WalkCosán Uí Ghríofa 
Grosvenor CourtCúirt Grosvenor 
Grosvenor LaneLána Grosvenor 
Grosvenor LodgeLóiste Grosvenor 
Grosvenor ParkPáirc Grosvenor 
Grosvenor PlacePlás Grosvenor 
Grosvenor RoadBóthar GrosvenorAs teach darbh ainm Grosvenor Park, a ainmníodh as an muintir Shasanacha, is dócha. (Is mar “Grovener” a fhuaimnítear an sloinne seo.)
Grosvenor SquareCearnóg Grosvenor 
Grosvenor VillasBailtíní Grosvenor
the Grove [dhá cheann]an Garrán 
Grove Avenue [dhá cheann]Ascaill an Gharráin 
Grove CourtCúirt an Gharráin 
Grove LaneLána an Gharráin 
Grove ParkPáirc an Gharráin 
Grove Park AvenueAscaill Pháirc an Gharráin 
Grove Park CrescentCorrán Pháirc an Gharráin 
Grove Park DriveCéide Pháirc an Gharráin 
Grove Park RoadBóthar Pháirc an Gharráin 
Grove Road [dhá cheann]Bóthar an Gharráin 
Grove WoodCoill an Gharráin 
Guild CourtCúirt na nGildeanna
Guild StreetSráid na nGildeannaI ngrúpa sráideanna a ainmníodh as baill shean-​Bhardas Bhaile Átha Cliath. (Féach Commons Street, Mayor Street, agus Sheriff Street.)
Gulistan CottagesIostáin Gulistan 
Gulistan PlacePlás Gulistan 
Gulistan TerraceArdán GulistanAs teach darbh ainm Gulistan, a ainmníodh as Conradh Gulistan (1813) idir an Rúis agus an Iaráin (as Gülüstan, sráid­bhaile in Azerbaijan).
Gurteen AvenueAscaill GhoirtínAs ceann de na bailte den ainm seo (i gCo. na Gaillimhe, Co. Liatroma, nó Co. Shligigh), is dócha. “Ascaill an Ghoirtín” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Gurteen ParkPáirc Ghoirtín 
Gurteen RoadBóthar Ghoirtín 
Haddington PlacePlás Haddington 
Haddington RoadBóthar HaddingtonAs Thomas Hamilton, “Earl of Haddington,” fear ionaid an rí.
Haddon CourtCúirt Haddon 
Haddon ParkPáirc Haddon 
Haddon RoadBóthar HaddonAs Haddon, Derby­shire, áit lena raibh baint ag muintir Vernon, tiarnaí talún anseo. (Féach Vernon Avenue.) Meancóg is ea “Bóthar Uí Aidín” (sloinne nach bhfuil ann), atá sa liosta oifigiúil.
Hagan’s CourtCúirt Uí Ágáin 
Halliday RoadBóthar Halliday 
Halliday SquareCearnóg HallidayTá “Cearnóg Hailidé” ar na hainmchláir.
Halston StreetSráid HalstonTruailliú de Hartstonge Street, is cosúil, as an sloinne. (Tá sráid darb ainm Hartstonge Street i Luimneach freisin; ach tá tagairt againn do Halstein Street ón mbliain 1821.) “Sráid Halston” agus “Sráid Hailstean” atá ar na hainmchláir.
Hamilton CourtCúirt Hamilton 
Hamilton StreetSráid HamiltonAs Andrew Hamilton. “Sráid Hamaltún” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Hammond LaneLána an ChrochadóraTruailliú de Hangman’s Lane. “Lána an Chrochaire” atá sa liosta oifigiúil; “Lána an Chrocaire [sic]” atá ar an ainm­chlár nua.
Hammond StreetSráid an ChrochadóraAs Hammond Lane in aice láimhe, is dócha.
Hampstead AvenueAscaill HampsteadAs teach darbh ainm Hampstead (a ainmníodh, gan dabht, as an gceantar i Londain).
Hampstead CourtCúirt Hampstead 
Hampstead ParkPáirc Hampstead 
Hampton Court [dhá cheann]Cúirt Hampton 
Hampton GreenFaiche Hampton 
Hampton SquareCearnóg Hampton 
Hampton Wood AvenueAscaill Choill Hampton 
Hampton Wood DriveCéide Choill Hampton 
Hampton Wood RoadBóthar Choill Hampton 
Hanbury CourtCúirt Hanbury 
Hanbury LaneLána Hanbury 
Hannaville ParkPáirc Hannaville 
Hanover LaneLána HannoverAs Rí George I Shasana, “Toghthóir Hannover.”
Hanover QuayCé Hannover 
Hanover SquareCearnóg Hannover 
Hanover Street, EastSráid Hannover Thoir 
Hanover Street, WestSráid Hannover Thiar 
Harberton DriveCéide Harberton 
Harberton ParkPáirc Harberton 
Harberton RoadBóthar HarbertonAs Arthur Pomeroy, “Viscount Harberton,” duine de stiúrthóirí an Grand Canal Company. Tá an mí­litriú “Herberton” ar na hainm­chláir agus anois sa liosta oifigiúil.
Harbour CourtCúirt an Chuain“Cuan Chúirt” (!) atá ar na hainm­chláir nua. (“Cuanchúirt” a mhol coiste de chuid Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile sa bhliain 1909.)
Harbourmaster PlacePlás Mháistir an PhoirtCeann de na sráideanna nua i gceantar Dhugaí Theach an Chustaim ar tugadh ainmneacha bréag-​stairiúla orthu. Foirm lochtach, “Plás Mháistir an Chuain,” atá sa liosta oifigiúil.
Harcourt LaneLána Harcourt 
Harcourt LodgeLóiste Harcourt
Harcourt RoadBóthar Harcourt 
Harcourt StreetSráid HarcourtAs Simon Harcourt, “Earl Harcourt,” fear ionaid an rí. Ainm bréag-​Ghaeilge, “Sráid Fhearchair” (ceann de na hainmneacha a mhol Seosamh Laoide agus a chomh­ghleacaithe ón mbliain 1905 ar aghaidh), atá ar na hainm­chláir agus anois sa liosta oifigiúil.
Harcourt TerraceArdán Harcourt 
Harcourt Terrace LaneLána Ardán Harcourt 
Hardebeck AvenueAscaill HardebeckAs Carl Hardebeck; i ngrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí.
Hardiman RoadBóthar HardimanAs James Hardiman; i ngrúpa sráideanna i nDroim Conrach a ainmníodh as scríbhneoirí. “Bóthar Uí Argadáin” atá sa liosta oifigiúil.
Hardwicke LaneLána Hardwicke
Hardwicke PlacePlás HardwickeAs Philip Yorke, “Earl of Hardwicke,” fear ionaid an rí.
Hardwicke StreetSráid Hardwicke 
Harman StreetSráid Harman“Sráid Uí Argadáin” atá sa liosta oifigiúil.
Harmonstown RoadBóthar Bhaile Hearman 
Harmony AvenueAscaill an ChairdisAs teach darbh ainm Harmony House.
Harmony CourtCúirt an Chairdis 
Harmony RowSraith an Chairdis 
Harold RoadBóthar AraildAs Haraldr Ímarsson, is dócha; i ngrúpa sráideanna i mBaile na Lochlannach a ainmníodh as taoisigh Lochlannacha agus Gael-​Lochlannacha.
Harold’s Cross CottagesIostáin Chrois Araild 
Harold’s Cross RoadBóthar Chrois AraildTabhair faoi deara gurb é Haroldscross an litriú oifigiúil.
Haroldville AvenueAscaill Haroldville“Ascaill Bhailtín Araild” atá sa liosta oifigiúil.
Harrington StreetSráid HarringtonAs William Stanhope, “Earl of Harrington” (teideal a ainmníodh as sráid­bhaile i Northampton­­shire), fear ionaid an rí, 1747–1750. (Ainmníodh Stanhope Street as an duine céanna.) “Sráid Iongardail” (leagan den sloinne Ó hIongardail, a Béarlaíodh tráth mar Harrington), atá ar na hainmchláir.
Harrison RowSraith Harrison 
Harry StreetSráid HarryAs Harry Dawson. “Sráid Hearaí” atá ar na hainmchláir.
Harty AvenueAscaill Uí ÁrtaighAs (Herbert) Hamilton Harty; i ngrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí.
Harty Court [dhá cheann]Cúirt Uí Ártaigh 
Harty PlacePlás Uí ÁrtaighAs (Emanuel) Spencer Harty, innealtóir na cathrach ag deireadh an naoú haois déag.
Hastings StreetSráid Hastings 
Hatch LaneLána Hatch“Lána Haiste” atá sa liosta oifigiúil.
Hatch PlacePlás Hatch“Plás Haiste” atá sa liosta oifigiúil.
Hatch Street, LowerSráid Hatch ÍochtarachAs John Hatch, duine de stiúrthóirí an Royal Canal Company. Ainm bréag-​Ghaeilge, “Sráid Haiste Íochtarach,” atá sa liosta oifigiúil (ceann de na hainmneacha a mhol coiste de chuid Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile sa bhliain 1909).
Hatch Street, UpperSráid Hatch Uachtarach“Sráid Haiste Uachtarach” atá sa liosta oifigiúil.
Havelock PlacePlás Havelock
Havelock SquareCearnóg HavelockAs an bhfear a leag amach an chearnóg, de réir Bunbury, Dublin Docklands: An Urban Voyage (2008).
Havelock TerraceArdán Havelock 
the Havenan Tearmann 
Haverty RoadBóthar Uí Ábhartaigh 
Hawkins StreetSráid HawkinsAs William Hawkins, úinéir talún.
Hawthorn AvenueAscaill na Sceiche 
Hawthorn TerraceArdán na Sceiche 
Hawthorn ViewRadharc na Sceiche 
HaymarketMargadh an Fhéir 
Hazelbrook CourtCúirt Shruthán an Choill 
Hazelbrook DriveCéide Shruthán an Choill 
Hazelbrook RoadBóthar Shruthán an ChoillAs teach darbh ainm Hazelbrook. “Bóthar Ghlaise an Choill” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Hazelcroft GardensGairdíní Chroit an Choill 
Hazelcroft ParkPáirc Chroit an Choill 
Hazelcroft RoadBóthar Chroit an Choill 
HazeldeneFothair an Choill 
Hazel LaneLána an Choill 
Hazel ParkPáirc an Choill 
Hazel RoadBóthar an Choill 
Hazelwood CourtCúirt na Collchoille 
Hazelwood DriveCéide na Collchoille 
Hazelwood GroveGarrán na Collchoille 
Hazelwood ParkPáirc na Collchoille 
Healthfield RoadBóthar Ghort an tSláinte
Healy StreetSráid Uí Éalaithe 
Hendrick LaneLána Mhic Annraic“Lána Eanraic” atá ar an ainmchlár.
Hendrick PlacePlás Mhic Annraic“Plás Hendrick” atá sa liosta oifigiúil.
Hendrick StreetSráid Mhic AnnraicAs Robert Hendrick. “Sráid Eanraic” atá ar na hainm­chláir nua; “Sráid Hendrick” atá sa liosta oifigiúil.
Henrietta LaneLána Henrietta 
Henrietta PlacePlás Henrietta 
Henrietta StreetSráid HenriettaAs Henrietta Somerset, bean Charles Fitzroy, “Duke of Grafton,” is dócha.
Henry PlacePlás Henry 
Henry StreetSráid HenryAs Henry Moore, “Earl of Drogheda.” (Ainmníodh Moore Street agus North Earl Street as an duine céanna.) “Sráid Anraí” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Hepenstal TerraceArdán HepenstalAs scoil chailíní anseo sa naoú haois déag a bhunaigh beirt deirfiúracha dar sloinne Hepenstal. Tá ainm mí­cheart, “Hempenstal Terrace,” ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis.
Herbert AvenueAscaill Herbert 
Herbert CottagesIostáin Herbert 
Herbert LaneLána Herbert 
Herbert ParkPáirc Herbert 
Herbert Place [Sráid Bhagóid]Plás HerbertAs Sidney Herbert. “Plás Hoirbeaird” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Herbert Place [Sráid na bhFolcadán]Plás Herbert 
Herbert RoadBóthar Herbert 
Herbert StreetSráid HerbertAs Sidney Herbert.
Heuston SquareCearnóg Heuston 
Hewardine TerraceArdán HewardineAs an sloinne.
Heytesbury LaneLána Heytesbury 
Heytesbury StreetSráid HeytesburyAs William a’Court, “Baron Heytesbury,” fear ionaid an rí.
Hibernian Avenuean Ascaill Ibeirneach“Ascaill na nIbeirneach” atá sa liosta oifigiúil.
Hibernian Roadan Bóthar IbeirneachAs an Hibernian Marine School, is dócha, a bhí sa cheantar seo san ochtú agus sa naoú haois déag; ceann de na sráideanna nua i gceantar na ndugaí. Ainmníodh Marine School Walk as an scoil freisin.
Hibernian Terracean tArdán Ibeirneach
Highfield GroveGarrán an Ghoirt Aird 
Highfield RoadBóthar an Ghoirt Aird 
High Parkan Pháirc Ard 
High Road [Cill Mhaighneann]an Bóthar ArdCuid de Lána Chill Mhaighneann.
High Streetan tSráid ArdAistriú stairiúil.
Hillcrest ParkPáirc an Mhullaigh“Páirc Mhullach an Chnoic” atá sa liosta oifigiúil.
Hill StreetSráid an Chnoic 
Hoey’s CourtCúirt Uí EochaidhAs John Hoey, a thóg na tithe a bhí anseo.
Hogan AvenueAscaill Uí Ógáin 
Hogan PlacePlás Uí Ógáin 
Hole in the Wall RoadBóthar Pholl sa BhallaAinm coitianta ar áit bheag ba ea Hole in the Wall, go háirithe ar thábhairne; is dócha go raibh tábhairne beag anseo tráth nach bhfuil tásc ná tuairisc air anois. (Glaoitear Hole in the Wall ar gheata isteach i bPáirc an Fhéinics ó Ascaill an Chapaill Dhuibh, agus ar Thrá an Choinicéir i gCill Fhionntain, ach níl ceachtar den dá áit sin cóngarach don bhóthar seo.) “Bóthar Pholl an Bhalla” atá sa liosta oifigiúil.
Holles PlacePlás Holles 
Holles RowSraith Holles 
Holles StreetSráid HollesAs muintir Holles, “Earls of Clare.” (Ainmníodh Denzille Lane as duine den mhuintir chéanna.)
Hollybank Avenue, LowerAscaill Bhruach an Chuilinn Íochtarach
Hollybank Avenue, UpperAscaill Bhruach an Chuilinn Uachtarach 
Hollybank RoadBóthar Bhruach an Chuilinn 
Hollybrook Court DriveCéide Chúirt Shruthán an Chuilinn 
Hollybrook GroveGarrán Shruthán an Chuilinn 
Hollybrook ParkPáirc Shruthán an Chuilinn 
Hollybrook RoadBóthar Shruthán an ChuilinnAs teach darbh ainm Hollybrook, a ainmníodh as an sruth darb ainm Holly BrookHoly Brook.
Holly RoadBóthar an Chuilinn 
Holly Tree TerraceArdán an Chuilinn 
HollywellTobar an Chuilinn 
Holy Cross AvenueAscaill na Croise NaofaAs Coláiste na Croise Naofa anseo. “Ascaill na Croiche Naofa” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Holy Cross CottagesIostáin na Croise Naofa 
Holyrood ParkPáirc na Croise NaofaAs an teach darb ainm Holyrood House. (“An Chroch Naomh” is brí le Holy Rood; is mar “Hollyrood” a fhuaimnítear é.) “Páirc Chroich Chríost” atá ar an ainm­chlár agus sa liosta oifigiúil.
Holywell CrescentCorrán an Tobair Naofa 
Holywell RoadBóthar an Tobair NaofaAs Tobar Dhonncha anseo.
Home Farm ParkPáirc na Feirme Baile 
Home Farm RoadBóthar na Feirme BaileAs teach anseo darbh ainm Home Farm. “Bóthar na Buaile” atá ar na hainmchláir.
HomeleeBán an Bhaile 
Home VillasBailtíní an Bhaile
Hope AvenueAscaill an DóchaisFaith Avenue anseo freisin.
Hope StreetSráid HopeAs an sloinne, is dócha.
Horse FairAonach na gCapallCeann de na sráideanna nua i gceantar na ndugaí ar tugadh ainmneacha bréag-​stairiúla orthu. Foirm lochtach, “Aonach Capall,” atá ar na hainmchláir.
Horton CourtCúirt HortonAs an teach darb ainm Horton.
Hospital LaneLána an Ospidéil
Hotel YardClós an Óstáin“Clos [sic] Ostlann [sic]” atá ar an ainmchlár.
Houghton TerraceArdán Houghton
Howard StreetSráid Howard 
Howth Junction CottagesIostáin Ghabhal Bhinn Éadair 
Howth RoadBóthar Bhinn Éadair 
Howth View ParkPáirc Radharc Bhinn Éadair 
Huband RoadBóthar HubandAs Joseph Huband, duine de stiúrthóirí an Grand Canal Company. (Is mar “Hueband” a fhuaimnítear an sloinne seo.)
Hughes Road, NorthBóthar Uí Aodha ThuaidhAs Herbert Hughes, cumadóir; i ngrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí. “Bóthar Mhic Aodha” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Hughes Road, SouthBóthar Uí Aodha Theas 
Hughes Road, EastBóthar Uí Aodha Thoir 
Hume StreetSráid HumeAs Gustavus Hume agus a mhuintir.
Huxley CrescentCorrán Huxley 
Hyacinth StreetSráid HyacinthAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha. “Sráid an Bhú” atá sa liosta oifigiúil.
Imaal RoadBóthar Ghleann Ó Máil“Bóthar Ó Máil” atá sa liosta oifigiúil.
Inagh RoadBóthar EidhníAs an mbaile i gCo. an Chláir. “Bóthar Eidhneach” atá sa liosta oifigiúil.
Inchicore RoadBóthar Inse Chór 
Inchicore SquareCearnóg Inse Chór 
Inchicore Terrace, SouthArdán Inse Chór Theas 
Inchicore Terrace, WestArdán Inse Chór Thiar 
Infirmary RoadBóthar na hOtharlainneAs an Royal Mili­tary Infirmary, a bhí anseo​—​príomhoifig na Roinne Cosanta anois.
Ingram RoadBóthar IngramAs John Kells Ingram; i ngrúpa sráideanna sa cheantar darbh ainm Fairbrother’s Fields a ainmníodh den chuid is mó as scoláirí, staraithe, agus filí.
Innisfallen ParadeParáid Inis FaithleannI ngrúpa sráideanna i mBaile Phib a ainmníodh as áiteanna i gCo. Chiarraí.
Innishmaan RoadBóthar Inis MeáinI ngrúpa sráideanna ar tugadh Páirc na Gaeltachta orthu ar dtús.
InnismoreÁrainnAs “Inis Mór,” ainm neamh­stairúil a tugadh le déanaí ar an oileán; agus sin atá sa liosta oifigiúil.
Inns QuayCé na nÓstaí“Cé na gCúirteanna” atá ar na hainmchláir.
Invermore GroveGarrán an Inbhir Mhóir 
Inverness RoadBóthar Inbhir NisI ngrúpa sráideanna sa Bhaile Bocht a ainmníodh as áiteanna in Albain.
Inver RoadBóthar InbhearAs an mbaile seo i gCo. Dhún na nGall, is dócha. “Bóthar Inbhir” atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil.
Iona CrescentCorrán Oileán Í 
Iona DriveCéide Oileán Í 
Iona ParkPáirc Oileán Í 
Iona RoadBóthar Oileán Í“Bóthar Í” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Iona VillasBailtíní Oileán Í“Bailtíní Í” atá sa liosta oifigiúil.
Irishtown RoadBóthar an Bhaile Ghaelaigh“Bóthar an Bhaile Ghaedhlaigh [sic]” atá ar ainm­chlár nua amháin, “Bóthar Gaelbhaile [!]” ar ainm­chlár nua eile.
Irvine CottagesIostáin Irbhinn 
Irvine TerraceArdán Irbhinn 
Irwin CourtCúirt Irwin 
Irwin StreetSráid IrbhinnIs é Irvine Street an bhun­fhoirm, as an sloinne Albanach. “Sráid Uí Eireamhóin” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Islandbridge CourtCúirt Dhroichead na hInse
Island StreetSráid na hInseAs Usher’s Island.
Island ViewRadharc an OileáinAs an radharc ar Oileán an Bhulla. “Radharc na hInse” atá sa liosta oifigiúil.
Island VillaBailtín na hInse
Isolda RoadBóthar an IsoldaAs long a chuir fórsaí de chuid na Gearmáine go grinneall sa bhliain 1940; i ngrúpa sráideanna sa Rinn a ainmníodh as longa den tréimhse sin. Foirm mhí­cheart, “Bóthar Isolda,” atá sa liosta oifigiúil
Isolde GardensGairdíní Iosóid 
Ivar StreetSráid IvarAs Ívarr Ragnarsson, comh­thaoiseach Bhaile Átha Cliath, is dócha; i ngrúpa sráideanna i mBaile na Lochlannach a ainmníodh as taoisigh Lochlannacha agus Gael-​Lochlannacha. “Sráid Íomhair” atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil.
Iveagh GardensGairdíní Uíbh EachachAs teideal Sasanach, a ainmníodh as an gceantar i gCo. an Dúin. (Is mar “Ivy” a fhuaimnítear an t‑ainm seo i mBaile Átha Cliath.)
Iveleary RoadBóthar Uíbh LaoireAs an gceantar i gCo. Chorcaí; i ngrúpa sráideanna ar tugadh Páirc na Gaeltachta orthu ar dtús.
Iveragh CourtCúirt Uíbh Ráthach
Iveragh RoadBóthar Uíbh RáthachAs an gceantar i gCo. Chiarraí; i ngrúpa sráideanna ar tugadh Páirc na Gaeltachta orthu ar dtús.
Ivy TerraceArdán IvyAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha. “Ardán an Eidhneáin” atá sa liosta oifigiúil.
James Joyce StreetSráid James JoyceAinm nua ar an tsráid a raibh Corporation Street uirthi roimhe seo. (Tá “Corporation Street” fós sa liosta oifigiúil.)
James Larkin RoadBóthar James Larkin“Bóthar Shéamais Uí Lorcáin” atá sa liosta oifigiúil.
James’s Place (East)Plás San Séamas (Thoir) 
James’s StreetSráid San SéamasI rith na mblianta chuaigh úsáid an teidil “Saint” in ainmneacha áirithe i léig. Sa bhliain 1921 ghlac an chomhairle cathrach le rún go n‑úsáidfí i gcónaí é san ainm seo; ní úsáidtear anois é, áfach.
James’s Street, NorthSráid San Séamas Thuaidh 
James’s Street, EastSráid San Séamas Thoir 
Jamestown AvenueAscaill Bhaile Shéamais 
Jamestown CourtCúirt Bhaile Shéamais
Jamestown Road [dhá cheann]Bóthar Bhaile ShéamaisAs an mbaile fearainn.
JanevilleJaneville
Jervis Lane, LowerLána Jervis Íochtarach 
Jervis Lane, UpperLána Jervis Uachtarach 
Jervis StreetSráid JervisAs Humphrey Jervis, úinéir na talún sa seachtú haois déag. “Sráid Gearbhas” atá ar na sean-​ainmchláir.
Jetty RoadBóthar an Lamairne
John Dillon StreetSráid John DillonAs John Blake Dillon. “Sráid Sheáin Diolúin” atá sa liosta oifigiúil.
John Field RoadBóthar John Field 
John McCormack AvenueAscaill John McCormackAs an amhránaí; i ngrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí. “Ascaill Sheáin Mhic Cormaic” atá sa liosta oifigiúil.
John’s Lane, EastLána Eoin Baiste Thoir 
John’s Lane, WestLána Eoin Baiste ThiarAs Eaglais Eoin sa tsráid seo.
Johnson’s CourtCúirt JohnsonAs Thomas Johnson, tábhairneoir. “Cúirt Mhic Sheáin” (mar aon le “Johnson Court”) atá sa liosta oifigiúil.
Johnson’s PlacePlás Johnson“Plás Mhic Sheáin” (mar aon le “Johnson Place”) atá sa liosta oifigiúil.
Johnstown ParkPáirc Bhaile SheáinAs an mbaile fearainn, is dócha.
John Street, North [Cé Ellis]Sráid Eoin Thuaidh
John Street, South [Sráid Chorcaí]Sráid Eoin Theas 
John Street, West [Sráid Thomáis]Sráid Eoin Baiste (Thiar) 
Jones’s RoadBóthar JonesAs Frederick “Buck” Jones, a raibh cónaí air anseo agus a thóg an bóthar. “Bóthar Mhic Sheoin” atá sa liosta oifigiúil.
Josephine AvenueAscaill JosephineAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha. “Ascaill Sheosaimhín” atá sa liosta oifigiúil.
Joshua LaneLána JoshuaAs Joshua Dawson, gan dabht. (Tá an lána seo i leataobh ó Shráid Dawson.) “Lána Iósua” atá sa liosta oifigiúil
Joyce RoadBóthar an tSeoighighAs Patrick Weston Joyce; i ngrúpa sráideanna i nDroim Conrach a ainmníodh as scríbhneoirí.
Joy StreetSráid JoyAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha. “Sráid Seoighe” atá ar na hainm­chláir; “Sráid Sheoch” atá sa liosta oifigiúil.
Kane’s CourtCúirt Uí Chatháin
Kearns PlacePlás Uí Chiaráin“Plás Uí Chéirin” atá ar na hainm­chláir. Tá an mí­litriú “Kearn’s Place” sa liosta oifigiúil.
Keegan’s CottagesIostáin Mhic Aogáin
Keeper RoadBóthar Shliabh CoimeáltaI ngrúpa sráideanna i nDroimeanach a ainmníodh as sliabhraonta.
Kells RoadBóthar CheanannaisI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Kelly’s AvenueAscaill Uí Cheallaigh 
Kelly’s LaneLána Uí Cheallaigh
Kelly’s RowSraith Uí CheallaighTá an mí­litriú “Kellys Row” sa liosta oifigiúil.
Kempton AvenueAscaill KemptonAs an sráid­bhaile i Shrop­shire nó as Kempton Park i Surrey, is dócha.
Kempton CourtCúirt Kempton 
Kempton GreenFaiche Kempton 
Kempton GroveGarrán Kempton 
Kempton HeathFraoch Kempton 
Kempton LawnPlásóg Kempton 
Kempton ParkPáirc Kempton 
Kempton RiseArd Kempton 
Kempton ViewRadharc Kempton 
Kempton WayBealach Kempton 
Kenilworth LaneLána Kenilworth 
Kenilworth ParkPáirc Kenilworth 
Kenilworth RoadBóthar Kenilworth 
Kenilworth SquareCearnóg KenilworthAs Caisleán Kenilworth i Warwick­­shire, nó as an úrscéal Kenilworth (1821) le Walter Scott, a ainmníodh as an áit sin. (Tá Waverley Terrace sa cheantar céanna.) “Cearnóg Chineilm” srl. atá ar na sean-​ainmchláir. (Ceapadh tráth gur fréamhaíodh an log­ainm sin ó ainm an naoimh Shasanaigh Kenelm, agus is cosúil gur cruthaíodh an leath­aistriú sin dá bharr.)
Kenmare ParadeParáid NeidínI ngrúpa sráideanna i mBaile Phib a ainmníodh as áiteanna i gCo. Chiarraí. Foirm mhí­cheart, “Paráid an Neidín,” atá sa liosta oifigiúil.
Kennedy CourtCúirt Uí Chinnéide 
Kerlogue RoadBóthar an KerlogueAs long a tharrtháil 168 mairnéalach Ghearmánacha sa bhliain 1943; i ngrúpa sráideanna sa Rinn a ainmníodh as longa den tréimhse sin. (Logainm i gCo. Loch Garman, Cill Eallóg, is bunús le hainm na loinge.) Foirm mhí­cheart, “Bóthar Kerlogue,” atá sa liosta oifigiúil.
Kevin Street, LowerSráid Chaoimhín ÍochtarachAs Eaglais Chaoimhín. (Is é St Kevin’s Street an bhunfhoirm.)
Kevin Street, UpperSráid Chaoimhín Uachtarach
Kevin Street CrossCros-Sráid ChaoimhínIs é Cross-​Kevin-​Street an bhun­fhoirm, .i. sráid a théann trasna Shráid Chaoimhín.
Khyber Road [Páirc an Fhéinics]Bóthar an KhyberAs Bóthar an Khyber san India.
Kickham RoadBóthar KickhamAs Charles Kickham, úrscéalaí; i ngrúpa sráideanna i gCill Mhaighneann a ainmníodh as baill den IRB. “Bóthar Chiceam” atá sa liosta oifigiúil.
Kilbarrack AvenueAscaill Chill Bharróg 
Kilbarrack GardensGairdíní Chill Bharróg 
Kilbarrack GroveGarrán Chill Bharróg 
Kilbarrack ParadeParáid Chill Bharróg 
Kilbarrack RoadBóthar Chill Bharróg 
Kilbarrack WayBealach Chill Bharróg 
Kilbarron AvenueAscaill Chill Bharrainn 
Kilbarron CourtCúirt Chill Bharrainn
Kilbarron DriveCéide Chill Bharrainn 
Kilbarron ParkPáirc Chill Bharrainn 
Kilbarron RoadBóthar Chill Bharrainn
Kilbride RoadBóthar Chill Bhríde 
Kildare ParkPáirc Chill Dara 
Kildare RoadBóthar Chill DaraI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Kildare StreetSráid Chill DaraAs James Fitzgerald, “Earl of Kildare.”
Kildonan AvenueAscaill Chill Dónáin 
Kildonan DriveCéide Chill Dónáin 
Kildonan RoadBóthar Chill DónáinAs an mbaile fearainn.
Kilfenora DriveCéide Chill Fhionnúrach 
Kilfenora RoadBóthar Chill FhionnúrachI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Kilkieran CourtCúirt Chill Chiaráin 
Kilkieran RoadBóthar Chill Chiaráin 
Killala RoadBóthar Chill Ala 
Killann RoadBóthar Chill AnnaAs an mbaile i gCo. Loch Garman; i ngrúpa sráideanna i gceantar an Phoirt Thoir a ainmníodh as áiteanna i gCo. Loch Garman a raibh baint acu le hÉirí Amach 1798. Ainm mí­cheart, “Bóthar Uí Chilleáin,” atá sa liosta oifigiúil.
Killarney AvenueAscaill Chill Airne 
Killarney ParadeParáid Chill AirneI ngrúpa sráideanna i mBaile Phib a ainmníodh as áiteanna i gCo. Chiarraí. Tá “Parád Cill Áirne” agus “Parád Chill Áirne” ar dhá ainm­chlár éagsúla os comhair a chéile.
Killarney StreetSráid Chill Airne 
Killary GroveGarrán an Chaoláire Rua 
Killeen RoadBóthar an ChillínAs an mbaile fearainn. Ainm mí­cheart, “Bóthar Uí Chillín,” atá sa liosta oifigiúil.
Killeen Road, OldSeanbhóthar an Chillín
Killester AvenueAscaill Chill Easra 
Killester CourtCúirt Chill Easra 
Killester ParkPáirc Chill Easra 
Kilmainham, OldSean-Chill Mhaighneann 
Kilmainham LaneLána Chill Mhaighneann 
Kilmore AvenueAscaill na Coille Móire
Kilmore CloseClós na Coille Móire
Kilmore CourtCúirt na Coille Móire
Kilmore CrescentCorrán na Coille Móire
Kilmore DriveCéide na Coille Móire
Kilmore RoadBóthar na Coille MóireAs an mbaile fearainn, no as teach anseo darbh ainm Kilmore House.
Kilmorony CloseClós Chill MhaolruanaidhAs an mbaile fearainn i gCo. Laoise, is dócha.
Kilnamanagh RoadBóthar Chill na Manach 
Kilshane RoadBóthar Chill SheáinAs an mbaile fearainn.
Kilworth RoadBóthar Chill Uird 
Kimmage CourtCúirt Chamaí 
Kimmage GroveGarrán Chamaí 
Kimmage Road, LowerBóthar Chamaí Íochtarach 
Kimmage Road, WestBóthar Chamaí Thiar 
Kinahan StreetSráid Uí ChoinneacháinAs Edward Hudson Hudson-​Kinahan.
Kincora AvenueAscaill Cheann Cora 
Kincora CourtCúirt Cheann Cora 
Kincora DriveCéide Cheann Cora 
Kincora GroveGarrán Cheann Cora 
Kincora ParkPáirc Cheann Cora 
Kincora RoadBóthar Cheann CoraAs an áit i gCo. an Chláir ina gcreidtear go raibh cónaí ar Bhrian Bórú, i gcuimhne Chath Chluain Tarbh.
Kingram PlacePlás Kingram
Kings’ AvenueAscaill na RítheAs baill de chlann Dónaill, a thug an teideal Kings of Mud Island orthu féin sa seachtú haois déag, de réir Dowling agus O’Reilly, Mud Island: A History of Ballybough (2002). Tá an mí­litriú “Kings Avenue” (mar aon le “Ascaill an Rí”) sa liosta oifigiúil.
King’s Inns CourtCúirt Óstaí an Rí 
King’s Inns StreetSráid Óstaí an Rí 
Kingsland ParadeParáid KingslandAs an Kingsland Estate anseo. “Paráid Cingslan” atá ar na hainmchláir.
Kingsland Park AvenueAscaill Pháirc Kingsland 
Kingston LodgeLóiste Kingston 
King Street, NorthSráid an Rí Thuaidh 
King Street, SouthSráid an Rí Theas 
Kinvarra AvenueAscaill Chinn Mhara 
Kinvarra DriveCéide Chinn Mhara 
Kinvarra GroveGarrán Chinn Mhara 
Kinvarra ParkPáirc Chinn Mhara 
Kinvarra RoadBóthar Chinn Mhara 
Kippure ParkPáirc Chipiúr 
Kirwan StreetSráid Uí ChiardhuáinAs an Dr James Kirwan. Foirm neamh­chaighdeánach, “Uí Chiarabháin,” atá sa liosta oifigiúil.
Kirwan Street CottagesIostáin Shráid Uí Chiardhuáin 
Knight’s BridgeDroichead an RidireAithris ar ainm an cheantair i Londain, is dócha (a chiallaíonn “droichead na ngiollaí” i ndáiríre).
KnockmareeCnoc MeáraíAs an gnoc i bPáirc an Fhéinics. Níl an t‑ainm Gaeilge deimhnithe; ach féach go bhfuil ceantar i gCo. na Gaillimhe darb ainm Meáraí mar a raibh ceann Eiscir Riada (agus an ceann eile i mBaile Átha Cliath). Meancóg is ea “Cnoc Mháire,” atá ar an ainmchlár.
Knockmaroon Road [Páirc an Fhéinics]Bóthar Chnoc Mhaolruain
Knocknarea AvenueAscaill Chnoc na Riabh 
Knocknarea RoadBóthar Chnoc na RiabhI ngrúpa sráideanna i nDroimeanach a ainmníodh as sliabhraonta.
Knock RiadaCnoc RiadaAinm nua bréag-​Ghaeilge (bunaithe ar Eiscir Riada, is dócha).
Knowth CourtCúirt Chnóbha 
Kyleclare RoadBóthar an KyleclareAs long a chuir fórsaí de chuid na Gearmáine go grinneall sa bhliain 1943; i ngrúpa sráideanna sa Rinn a ainmníodh as longa den tréimhse sin. Ainm gan bhrí, “Bóthar Choill Chliara” (mar aon le hainm mí­cheart Béarla, “Kyle‑Clare Road”) atá ar an ainm­chlár; foirm mhí­cheart eile, “Bóthar Kyleclare,” atá sa liosta oifigiúil.
Kylemore AvenueAscaill na Coille Móire 
Kylemore DriveCéide na Coille Móire 
Kylemore GroveGarrán na Coille Móire 
Kylemore Park, NorthPáirc na Coille Móire Thuaidh 
Kylemore Park, SouthPáirc na Coille Móire Theas 
Kylemore Park, WestPáirc na Coille Móire Thiar 
Kylemore RoadBóthar na Coille Móire 
Labré ParkPáirc LabréAs Bénédict-​Joseph Labré, sagart Francach san ochtú haois déag. Tá an mí­litriú “Labre Park” sa liosta oifigiúil.
Lad LaneLána LadNí fios cad is brí leis​—​sloinne, b’fhéidir. (Bhí sráid darbh ainm “Lad Lane” i Londain tráth​—​truailliú de “Lady’s Lane,” deirtear.)
Lad Lane, UpperLána Lad Uachtarach 
Lady’s LaneLána Mhuire“Lána na Bantiarna” atá ar an ainm­chlár, agus sa liosta oifigiúil; ach is é “Our Lady’s Lane” an bun­ainm.
Lagan RoadBóthar Abhainn an Lagáin“Bóthar an Lagáin” atá sa liosta oifigiúil.
Lakelands ParkPáirc Fhearann an LochaAs an teach darb ainm Lakelands Park.
Lally RoadBóthar Uí MhaolalaidhAs Thomas Arthur Lally; i ngrúpa sráideanna i mBaile Formaid a ainmníodh as eachtraí agus baill de chuid Bhriogáid na nÉireannach in arm na Fraince.
Lamb AlleyScabhat an UainAs ainm tábhairne, an Holy Lamb.
Lambay RoadBóthar ReachrannI ngrúpa sráideanna a ainmníodh as oileáin.
Lambourne VillageSráidbhaile Lambourne 
Lamb’s CourtCúirt Uí Luain 
Landen RoadBóthar LandenAs Cath Landen (1693) i bhFlóndras; i ngrúpa sráideanna i mBaile Formaid a ainmníodh as áiteanna agus eachtraí a raibh baint acu le Patrick Sarsfield.
Langrishe PlacePlás LangrisheAs Hercules Langrishe.
Lansdowne CrescentCorrán Lansdowne
Lansdowne GardensGairdíní Lansdowne
Lansdowne HallHalla Lansdowne 
Lansdowne ParkPáirc Lansdowne 
Lansdowne RoadBóthar LansdowneAs Henry Petty-​Fitzmaurice, “Marquis of Lansdowne” (teideal a ainmníodh as Lansdown i Somerset). “Bóthar Lansdún” srl. atá ar na hainm­chláir agus anois sa liosta oifigiúil.
Lansdowne SquareCearnóg Lansdowne 
Lansdowne TerraceArdán Lansdowne
Lansdowne ValleyGleann Lansdowne 
Lansdowne Valley ParkPáirc Ghleann Lansdowne 
Lansdowne VillageSráidbhaile Lansdowne 
Lansdowne VillasBailtíní Lansdowne 
Laracor GardensGairdíní Láithreach CoraAs an bparóiste i gCo. na Mí ar chaith Jonathan Swift seal ann mar bhiocáire.
Laragh CloseClós Láithrigh 
Laragh GroveGarrán Láithrigh 
Larch GroveGarrán na Learóige 
Larkfield AvenueAscaill Ghort na Fuiseoige
Larkfield GardensGairdíní Ghort na FuiseoigeAs Larkfield Mills ar an bPoitéal, nó as an mbaile fearainn.
Larkfield GroveGarrán Ghort na Fuiseoige 
Larkfield ParkPáirc Ghort na FuiseoigeAs an mbaile fearainn.
Larkhill RoadBóthar Chnoc na FuiseoigeAs teach darbh ainm Lark Hill.
La Touche CourtCúirt La Touche
La Touche DriveCéide La Touche 
La Touche RoadBóthar La ToucheAs William Digges La Touche.
Lauderdale TerraceArdán Ghleanntán LabhdairAs muintir Maitland, “Earls of Lauderdale,” a bhfuil cónaí orthu i gCaisleán Thirlestane i Labhdar, Siorrachd Bhearraig. (Tá Thirlestane Terrace sa cheantar céanna.) Níl a fhios agam cathain a tógadh (nó a ainmníodh) na sráideanna seo, ach b’Fhear Ionaid an Rí é Ian Colin Maitland, “Earl of Lauderdale,” sna blianta 1915–16.
Laundry LaneLána an Níocháin 
the Laurelsna Labhrais 
LaureltonBaile an Labhrais 
Lavarna GroveGarrán LeathbhearnaAs an áit i bparóiste Bhaile Coimín, Co. Chill Mhantáin, is dócha.
Lavarna RoadBóthar Leathbhearna 
La Vista AvenueAscaill La Vista 
the Lawnan Phlásóg 
Lawrence GroveGarrán St LawrenceAs Bóthar St Lawrence (a ainmníodh as an sloinne). “Garrán Labhráis” atá sa liosta oifigiúil.
Lazar LaneLána na LobharAs an ospidéal a bhí sa cheantar seo sa Mheán­aois (féach Townsend Street); ceann de na sráideanna nua i gceantar na ndugaí. Tá an mí­litriú “Lazer” ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis agus á úsáid ag Údarás Forbartha Dhugthailte Bhaile Átha Cliath agus ag comhlachtaí éagsúla (agus, gan dabht, an t‑ainm á mhí­fhuaimniú dá réir sin). Níl aon ainm­chlár ann.
Lea CrescentCorrán an Bháin 
Leahy’s TerraceArdán Uí Laocha 
Lea RoadBóthar an Bháin 
Le Bas TerraceArdán Le BasAs an sloinne.
Lee RoadBóthar na Laoi 
Leeson CloseClós Leeson 
Leeson LaneLána Leeson 
Leeson ParkPáirc Leeson 
Leeson Park AvenueAscaill Pháirc Leeson 
Leeson PlacePlás Leeson 
Leeson Street, LowerSráid Leeson ÍochtarachAs Joseph Leeson. Ainm gan bhunús, “Sráid Chill Mochargán,” atá ar na sean-​ainmchláir (ceann de na hainmneacha a mhol coiste de chuid Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile sa bhliain 1909); “Sráid Líosain” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Leeson Street, UpperSráid Leeson Uachtarach 
Leeson VillageSráidbhaile Leeson 
Le Fanu DriveCéide Le Fanu 
Le Fanu RoadBóthar Le FanuAs J. Sheridan Le Fanu, scríbhneoir, a shuigh an t‑úrscéal The House by the Churchyard (1863) sa cheantar seo. (Is le béim ar an “Le” a fhuaimnítear an sloinne seo.)
Leicester AvenueAscaill Leicester 
Leighlin RoadBóthar LeithghlinneI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Lein GardensGairdíní Loch Léin 
Lein ParkPáirc Loch Léin 
Lein RoadBóthar Loch Léin 
Leinster AvenueAscaill Laighean 
Leinster LaneLána Laighean 
Leinster MarketMargadh Laighean 
Leinster ParkPáirc Laighean 
Leinster PlacePlás Laighean 
Leinster RoadBóthar Laighean 
Leinster Road, WestBóthar Laighean Thiar 
Leinster SquareCearnóg Laighean 
Leinster Street, NorthSráid Laighean Thuaidh 
Leinster Street, SouthSráid Laighean TheasAs James Fitzgerald, “Viscount Leinster.”
Leinster Street, EastSráid Laighean Thoir 
Leitrim PlacePlás Liatroma 
Leix RoadBóthar Laoise 
Leland PlacePlás Mhic Giolla Fhaoláin
Lemon StreetSráid LemonLittle Grafton Street cheana, ath­ainmnithe sa bhliain 1871 as Graham Lemon, déantóir milseán. “Sráid Leimion” atá ar na hainm­chláir nua.
Lennox PlacePlás Lennox 
Lennox StreetSráid LennoxAs Charles Lennox, “Duke of Richmond,” fear ionaid an rí. (Ainmníodh Richmond Street, South as an duine céanna.) Ainm bréag-​Ghaeilge, “Sráid Leamhna,” atá ar na hainmchláir.
Lennox TerraceArdán Lennox 
Lentisk LawnPlásóg an Chrann MaisteoigeCrann is ea an lentiskmastic tree a fhásann sa Ghréig agus i dtíortha eile na Meánmhara.
Leo AvenueAscaill Leo 
Leo StreetSráid LeoAs an bPápa Leo XIII.
Leslie’s BuildingsFoirgnimh Leslie“Foirgnimh Leaslaoi” atá sa liosta oifigiúil.
Leukos RoadBóthar an LeukosAs trálaer a chuir fórsaí de chuid na Gearmáine go grinneall sa bhliain 1940; i ngrúpa sráideanna sa Rinn a ainmníodh as longa den tréimhse sin. “Bóthar Liucais” atá ar an ainm­chlár; foirm mhí­cheart eile, “Sráid [sic] Leukos,” atá sa liosta oifigiúil.
Le Vere TerraceArdán Le VereI ngrúpa sráideanna i gCrois Araild a thóg Dublin Artisans’ Dwellings Company agus a ainmníodh, den chuid is mó, as stiúrthóirí an chomhlachta.
Liberty LaneLána na SaoirsíAs na Liberties. Ainm mí­cheart, “Lána na Saoirse,” atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil.
Liberty SquareCearnóg na SaoirsíAs na Liberties. Ainm mí­cheart, “Cearnóg na Saoirse,” atá ar na hainm­chláir.
Library View VillasBailtíní Radharc na Leabharlainne 
Liffey Street, LowerSráid na Life Íochtarach 
Liffey Street, UpperSráid na Life UachtarachCreid é nó ná creid, tá ainmchlár nua ar an tsráid seo a bhfuil “Liffey Street Lower,” mar aon le “Sráid na Life Íochtarach,” air (tá ainmchlár eile ann a bhfuil na hainmneacha cearta air).
Liffey Street, SouthSráid na Life Theas 
Liffey Street, WestSráid na Life Thiar 
Liffey TerraceArdán na Life 
Limekiln LaneLána na Tiníleach“Lána an Teiníolach” atá ar an ainmchlár.
Lime StreetSráid an Aoil 
Limewood AvenueAscaill Choill na Teile 
Limewood CourtCúirt Choill na Teile 
Limewood ParkPáirc Choill na Teile 
Limewood RoadBóthar Choill na Teile 
Lincoln LaneLána Lincoln 
Lincoln PlacePlás LincolnAs Abraham Lincoln.
Lindsay RoadBóthar LindsayAs muintir Lindsay, “Earls of Crawford,” úinéirí talún anseo. (Tá Crawford Avenue sa cheantar céanna.) “Bóthar Ó Loingsigh” atá ar na hainmchláir.
Linenhall ParadeParáid Halla an Línéadaigh 
Linenhall StreetSráid Halla an Línéadaigh 
Linenhall TerraceArdán Halla an Línéadaigh 
Link Roadan Bóthar CeangailCeann de na sráideanna nua i gceantar na ndugaí a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu.
Link Road [Darndál]an Bóthar Ceangail
Lisburn StreetSráid Lios na gCearrbhachI ngrúpa sráideanna gar do Halla an Lín­éadaigh a ainmníodh as bailte móra i gCúige Uladh.
Liscannor RoadBóthar Lios Ceannúir 
Lisle RoadBóthar LisleAs teach darbh ainm Lisle House.
Lismore RoadBóthar Leasa MóireI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Lissadell AvenueAscaill Lios an Daill 
Lissadell CourtCúirt Lios an Daill 
Lissadell DriveCéide Lios an Daill 
Lissadell GreenFaiche Lios an Daill 
Lissadell RoadBóthar Lios an DaillAs an mbaile i gCo. Shligigh. (Is é Lissadill foirm oifigiúil an ainm Bhéarla.)
LissenfieldLissenfieldAs teach darbh ainm Lissenfield. Comhartha i mBéarla amháin atá ar an mbealach isteach; “Gort Lisín” atá sa liosta oifigiúil.
Little Green StreetSráid na Faiche BigeAs an Little Green a bhí anseo.
Litton LaneLána LittonAs an sloinne.
Loftus LaneLána LoftusAs Dudley Loftus.
Lombard AvenueAscaill Lombard 
Lombard CourtCúirt Lombard 
Lombard Street, EastSráid Lombard Thoir 
Lombard Street, WestSráid Lombard ThiarAs James Fitzgerald Lombard, úinéir na talún sa naoú haois déag. (Is mar “Lumbard” a fhuaimnítear an sloinne seo.)
Lomond AvenueAscaill Loch LaomainnI ngrúpa sráideanna sa Bhaile Bocht a ainmníodh as áiteanna in Albain.
London Bridge DriveCéide Dhroichead Londan 
London Bridge RoadBóthar Dhroichead LondanAs an droichead trasna na Dothra anseo.
Longdale TerraceArdán an Ghleanntáin Fhada
Longdale WayBealach an Ghleanntáin Fhada
Longford LaneLána an Longfoirt
Longford Street, GreatSráid Mhór an LongfoirtAs Francis Aungier, “Earl of Longford.” (Ainmníodh Aungier Street as an duine céanna.)
Longford Street, LittleSráid Bheag an Longfoirt
Long Lane [dhá cheann]an Lána Fada 
Long Lane CloseClós an Lána Fhada
Long Mile RoadBóthar an Mhíle FhadaTá an bóthar seo beagán níos faide ná míle, agus is dócha gurb shin bunús an ainm aistigh seo.
Long’s PlacePlás an Longaigh“Plás Uí Longáin” atá ar an ainm­chlár agus sa liosta oifigiúil.
Longwood AvenueAscaill LongwoodAs an sloinne, is dócha (féach na sráideanna eile anseo), nó b’fhéidir as an mbaile i gCo. na Mí (Maigh Dearmhaí), nó as an sráid­bhaile i York­shire. “Ascal na Fadchoille” atá ar na sean-​ainmchláir; “Ascaill na Coille Fada” atá sa liosta oifigiúil.
Lorcan AvenueAscaill Lorcáin 
Lorcan CrescentCorrán Lorcáin 
Lorcan DriveCéide Lorcáin 
Lorcan GreenFaiche Lorcáin 
Lorcan GroveGarrán Lorcáin 
Lorcán O’Toole CourtCúirt Lorcáin Uí Thuathail
Lorcán O’Toole ParkPáirc Lorcáin Uí ThuathailAs Ard­easpag Bhaile Átha Cliath in aimsir na nGael-​Lochlannach.
Lorcan ParkPáirc Lorcáin 
Lorcan RoadBóthar Lorcáin 
Lorcan VillasBailtíní Lorcáin
Lord Edward StreetSráid Edward Fitzgerald“Sráid an Tiarna Éadbhard” atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil​—​cé gur thréig Fitzgerald an teideal uaslathach sin sa bhliain 1792.
Lords’ Walk [Páirc an Fhéinics]Cosán na dTiarnaí 
Loreto RoadBóthar LoretoAs an mbaile mór san Iodáil; i ngrúpa sráideanna sa Charnán a ainmníodh i “mBliain Mhuire” (1954).
Lorne TerraceArdán LatharnaAs Archibald Campbell, “Marquis of Lorne,” teideal a ainmníodh as an gceantar in Albain. “Srath Latharna” atá ar an ainm­chlár; “Ardán Lorne” atá sa liosta oifigiúil.
Lough Conn AvenueAscaill Loch Con 
Lough Conn DriveCéide Loch Con 
Lough Conn RoadBóthar Loch Con 
Lough Conn TerraceArdán Loch Con 
Lough Derg RoadBóthar Loch DeargAs an láthair i gCo. Dhún na nGall, is dócha. “Bóthar Loch Deirgirt” (.i. Deirgeirt) atá sa liosta oifigiúil, ach loch eile is ea sin.
Louis LaneLána San LouisAs Clochar agus Scoil San Louis anseo.
Lourdes RoadBóthar LourdesAs an mbaile mór sa Fhrainc; i ngrúpa sráideanna sa Charnán a ainmníodh i “mBliain Mhuire” (1954).
Love Lane (East)Lána na Suirí (Thoir)“Lána na Suiríoch” atá sa liosta oifigiúil; ach b’fhéidir gurb é an sloinne atá ann.
Lower Roadan Bóthar Íochtarach 
Luby RoadBóthar Uí LúbaighAs Thomas Clarke Luby; i ngrúpa sráideanna i gCill Mhaighneann a ainmníodh as baill den IRB.
Lucan RoadBóthar Leamhcáin“Lucan Road Old,” agus “Seanbhóthar Leamhcáin,” atá sa liosta oifigiúil.
Lucky LaneLána an ÁidhNíl a fhios agam cad is bunús leis an ainm aisteach seo.
Luke StreetSráid LukeAs Luke Gardiner.
Lullymore TerraceArdán Loilíoch MórAs an bparóiste i gCo. Chill Dara.
Lurgan StreetSráid na LorganI ngrúpa sráideanna gar do Halla an Lín­éadaigh a ainmníodh as bailte móra i gCúige Uladh.
Lynch’s LaneLána Uí Loingsigh 
Lynch’s PlacePlás Uí Loingsigh
Lyndon GateGeata Mhic Giolla Fhionndáin“Geata Lyndon” atá sa liosta oifigiúil.
Mabbot LaneLána MabbotAs Gilbert Mabbot, a raibh muileann anseo aige san ochtú haois déag. “Lána Mabóid” atá ar na hainm­chláir nua.
Mabel StreetSráid MabelAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha. “Sr. Maible” atá ar an ainm­chlár; “Sráid Mháible” atá sa liosta oifigiúil (ceann de na hainmneacha a mhol coiste de chuid Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile sa bhliain 1909).
McAuley AvenueAscaill Nic Amhalaidh 
McAuley DriveCéide Nic Amhalaidh 
McAuley ParkPáirc Nic Amhalaidh 
McAuley RoadBóthar Nic AmhalaidhAs Catherine McAuley, bean rialta, a raibh cónaí uirthi anseo. (McGauley ba shloinne dá hathair.) Foirm lochtach, “Nic Amhlaí,” atá sa liosta oifigiúil.
McCarthy TerraceArdán Mhic Carthaigh
McDowell AvenueAscaill Mhic DhúghaillAs William McDowell; i ngrúpa sráideanna i gCill Mhaighneann​—​ar tugadh Ceannt Fort air roimhe sin​—​a ainmníodh as óglaigh a maraíodh anseo sa bhliain 1916.
McKee AvenueAscaill Mhic Aoidh 
McKee ParkPáirc Mhic Aoidh 
McKee RoadBóthar Mhic AoidhAs Dick McKee, duine den triúr a dúnmharaíodh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí na Samhna 1920. (Tá Clancy Road agus Clune Road anseo freisin.)
McKelvey AvenueAscaill Mhic Giolla Bhuí 
McKelvey RoadBóthar Mhic Giolla Bhuí 
Macken StreetSráid Uí MhaicínAs Peadar Ó Maicín, ball d’Óglaigh na hÉireann a lámhachadh anseo sa bhliain 1916.
Macken VillasBailtíní Uí Mhaicín
Mackie’s PlacePlás Uí MhacaíTá an mí­litriú “Mackies Place” sa liosta oifigiúil.
McMahon StreetSráid Mhic MhathúnaAs Edward McMahon.
McMorrough RoadBóthar Mhic Mhurchú 
Macroom AvenueAscaill Mhaigh Chromtha 
Macroom RoadBóthar Mhaigh Chromtha 
Madden RoadBóthar Uí MhadáinAs R. R. Madden, staraí agus file; i ngrúpa sráideanna sa cheantar darbh ainm Fairbrother’s Fields a ainmníodh den chuid is mó as scoláirí, staraithe, agus filí.
Madden’s CourtCúirt Uí Mhadáin
Madison RoadBóthar Madison 
Magennis PlacePlás Mhic Aonghasa 
Magennis SquareCearnóg Mhic Aonghasa 
Magenta CrescentCorrán Magenta
Magenta HallHalla MagentaAs teach darbh ainm Magenta Hall, a ainmníodh as Cath Magenta (1859).
Maiden’s RowSraith na MaighdineNí fios cad is bunús leis. Tá sráid i Londain darb ainm Maiden Lane, agus deirtear fúithi gur ainmníodh í as dealbh den Mhaighdean Mhuire a bhí ann; ach bhí go leor bríonna éagsúla ag an bhfocal Béarla maiden tráth. “Rae Béithe” (chomh maith le “Maiden Row”) atá ar na hainm­chláir; tá “Maiden Row” ar léarscáileanna nua na Suirbhéireachta Ordanáis freisin agus sa liosta oifigiúil.
Main Street [dhá cheann]an tSráid Mhór 
Malachi PlacePlás Mhaolmhaodhóg 
Malachi RoadBóthar MaoileachlainnAs Maoileachlainn Mór mac Dónaill, Ard­rí. Ainm mí­cheart, “Bóthar Mhaolmhaodhóg,” atá sa liosta oifigiúil.
Malahide RoadBóthar Mhullach Íde 
Mallin AvenueAscaill Uí MhealláinAs Michael Mallin, a cuireadh chun báis i ndiaidh Éirí Amach 1916. (Tá Clarke’s Terrace in aice leis.)
Malone GardensGairdíní Uí MaoileoinAs Michael Malone, a maraíodh i gCath Dhroichead Shráid an Mhóta le linn Éirí Amach 1916, de réir Bunbury, Dublin Docklands: An Urban Voyage (2008).
Malpas CourtCúirt Malpas
Malpas PlacePlás Malpas 
Malpas StreetSráid MalpasAs an sloinne (a ainmníodh as ceann de na bailte i Sasana darb ainm Malpas, is dócha). Fir ghnó i mBaile Átha Cliath sa seachtú haois déag ba ea muintir Malpas.
Malpas TerraceArdán Malpas 
Mander’s TerraceArdán Mander 
Mangerton RoadBóthar na MangartanI ngrúpa sráideanna i nDroimeanach a ainmníodh as sliabhraonta.
Mannix RoadBóthar Uí MhainchínAs Daniel Mannix, Easpag Melbourne.
Manor DriveCéide an Mhainéir 
Manor PlacePlás an Mhainéir 
Manor StreetSráid an Mhainéir 
Maolbuille RoadBóthar MaolbhuilleNíl a fhios agam cad is bunús leis an ainm seo: ní ainm pearsanta ná ainm áite é. Mirabile dictu, i nGaeilge amháin atá na hainmchláir.
Maple DriveCéide na Mailpe 
Marewood CourtCúirt Marewood 
Marewood CrescentCorrán Marewood 
Marewood DriveCéide MarewoodNíl a fhios agam cad is brí leis.
Marewood GroveGarrán Marewood 
Margaret PlacePlás MhaighréideTá corrthagairt ann do St Margaret’s Place ó thús an fhichiú haois, agus b’fhéidir gurb shin an bhunfhoirm.
Marguerite RoadBóthar MargueriteAs duine de mhuintir an tógálaí, b’fhéidir. “Bóthar Mhaighréide” atá sa liosta oifigiúil.
Marigold AvenueAscaill an Ór Muire 
Marigold CourtCúirt an Ór Muire 
Marigold CrescentCorrán an Ór Muire
Marigold GroveGarrán an Ór Muire 
Marigold ParkPáirc an Ór Muire
Marine DriveCéide na Mara 
Mariners’ PortPort na MairnéalachCeann de na sráideanna nua i gceantar Dhugaí Theach an Chustaim ar tugadh ainmneacha bréag-​stairiúla orthu. “Port an Mhairnéalaigh” (mar aon leis an mí­litriú “Mariners Port”) atá sa liosta oifigiúil.
Marine School WalkCosán na Scoile MairnéalachtaCosán nua san áit a raibh an Hibernian Marine School san ochtú agus sa naoú haois déag. (Ainmníodh Hibernian Road as an scoil freisin.)
Marino AvenueAscaill Marino 
Marino CourtCúirt Marino
Marino CrescentCorrán Marino“An Corrán,” mar aon le “the Crescent,” atá ar an ainmchlár.
Marino GreenFaiche Marino 
Marino MartMarglann Marino 
Marino ParkPáirc MarinoAs an teach mór anseo darbh ainm Marino House.
Marino Park AvenueAscaill Pháirc Marino 
Marion VillasBailtíní MarionSraith tithe a thóg William Spence and Son, comhlacht innealtóireacht shibhialta, dá bhfostaithe agus a ainmníodh as bean an úinéara. Meancóg is ea “Bailtíní Mhuire,” atá sa liosta oifigiúil.
Market Street (South)Sráid an Mhargaidh Theas
Mark’s AlleyScabhat Mharcais
Mark’s LaneLána Mharcais 
Mark StreetSráid MharcaisIs é St Mark’s Street an bhun­fhoirm, as Eaglais agus Paróiste Mharcais.
Marlborough MewsEachlann Marlborough“Clós Maoilbhríde” atá ar an ainmchlár.
Marlborough PlacePlás Maoilbhríde 
Marlborough Road [an Chabrach]Bóthar MarlboroughAs Marlborough Barracks anseo (Dún Mhic Aoidh anois).
Marlborough Road [Domhnach Broc]Bóthar Marlborough 
Marlborough StreetSráid MarlboroughAs John Churchill, “Duke of Marlborough” (teideal a ainmníodh as an mbaile mór i Sasana; is mar “mawl–” a fhuaimnítear é). Ainm bréag-​Ghaeilge, “Sráid Maoilbhríde,” atá ar na hainm­chláir agus anois sa liosta oifigiúil.
Marne VillasBailtíní an MarneAs an abhainn sa Fhrainc, nó as na cathanna ansin sa Chéad Chogadh Domhanda. Foirm mhí­cheart, “Bailtíní Marne,” atá sa liosta oifigiúil.
Marrowbone LaneLána MhuireIs dócha gur aithris é an t‑ainm seo ar ainm an cheantair i Londain agus Marylebone Lane ansin. Truailliú de St Mary atte Bourne, .i. Séipéal Mhuire in aice na Glaise, is ea an t‑ainm sin. Creideadh tráth gurbh as “Marie la Bonne” a dhíorthaigh sé, agus is léir gurb shin bunús an ainm aistigh “Lána Mhuire Mhaith,” atá sa liosta oifigiúil (nó “Lana Muire Maith,” mar atá ar na hainmchláir).
Marrowbone Lane CloseClós Lána Mhuire 
Marshal LaneLána an MharascailAs an Marshalsea Prison, a bhí anseo. (Truailliú de marshalcy is ea marshalsea.) “Robert Emmet Court” (gan aon Ghaeilge) atá ar an ainm­chlár, ach is dócha go mbaineann an t‑ainm sin leis na hárasáin anseo seachas leis an tsráid. Foirm lochtach, “Lána Mharascail,” atá sa liosta oifigiúil.
Martello MewsEachlann MartelloAs na túir martello (truailliú de Mortella, ainm áit i gCorsica).
Martello ViewRadharc Martello 
Martello WoodCoill Martello 
Martin GroveGarrán MartinAs duine de mhuintir an tógálaí, b'fhéidir, nó as an sloinne. “Garrán Mháirtín” atá sa liosta oifigiúil.
Martin Savage ParkPáirc Martin Savage“Páirc Mháirtín Sabhaois” atá sa liosta oifigiúil.
Martin’s RowSraith an Mháirtínigh
Martin’s TerraceArdán an Mháirtínigh
Martin StreetSráid an MháirtínighAs Richard Martin. “Sr. San Mártan” atá ar an ainmchlár.
Maryfield AvenueAscaill Maryfield 
Maryfield CrescentCorrán Maryfield 
Maryfield DriveCéide MaryfieldAs teach darbh ainm Maryfield, b’fhéidir. “Céide Ghort Mhuire” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Maryfield WoodsCoillte Maryfield 
Mary’s AbbeyMainistir Mhuire 
Mary’s LaneLána Mhuire 
Mary StreetSráid MhuireAs Mainistir agus Paróiste Mhuire.
Mary Street, LittleSráid Bheag Mhuire“Sráid Mhuire Beag” atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil.
Maryville RoadBóthar MaryvilleAs teach darbh ainm Maryville.
Mask AvenueAscaill Loch Measca 
Mask CrescentCorrán Loch Measca 
Mask DriveCéide Loch Measca 
Mask GreenFaiche Loch Measca 
Mask RoadBóthar Loch Measca 
Matt Talbot CourtCúirt Matt Talbot
Maunsell PlacePlás Maunsell
Maxwell CourtCúirt Maxwell 
Maxwell LaneLána Maxwell 
Maxwell RoadBóthar Maxwell 
Maxwell StreetSráid Maxwell 
May Cottages Iostáin MayAs an sloinne, is dócha. “Iostáin Mac Maighe” (sloinne nach bhfuil ann) atá ar an ainmchlár.
MayfieldMayfieldAs teach darbh ainm Mayfield. “Gort na Bealtaine” atá sa liosta oifigiúil.
Mayfield Road [dhá cheann]Bóthar Ghort na Sceiche Gile 
May LaneLána MayAs Charles May. “Lána Mhic Maighe” (sloinne nach bhfuil ann) atá ar an ainm­chlár nua.
Mayne River AvenueAscaill Abhainn na Maighne
Mayne River RoadBóthar Abhainn na Maighne
Mayne River StreetSráid Abhainn na Maighne
Mayne River WayBealach Abhainn na Maighne
Mayor SquareCearnóg an MhéaraCeann de na sráideanna nua i gceantar Dhugaí Theach an Chustaim ar tugadh ainmneacha bréag-​stairiúla orthu.
Mayor Street, LowerSráid an Mhéara ÍochtarachI ngrúpa sráideanna a ainmníodh as baill shean-​Bhardas Bhaile Átha Cliath. (Féach Commons Street, Guild Street, agus Sheriff Street.)
Mayor Street, UpperSráid an Mhéara Uachtarach
May StreetSráid MayAs an sloinne, is dócha.
Maywood AvenueAscaill MaywoodAs May Catherwood, bean an fhorbróra.
Maywood CloseClós Maywood 
Maywood CrescentCorrán Maywood 
Maywood DriveCéide Maywood 
Maywood GroveGarrán Maywood 
Maywood LawnPlásóg Maywood 
Maywood ParkPáirc Maywood 
Maywood RoadBóthar Maywood
Meade’s TerraceArdán an Mhiaigh“Ardán an Mhígh” atá sa liosta oifigiúil.
Meadow BankBruach na CluanaAs teach darbh ainm Meadow Bank.
Meath MarketMargadh na Mí 
Meath PlacePlás na Mí 
Meath SquareCearnóg na Mí 
Meath StreetSráid na MíAs William Brabazon, “Earl of Meath.”
Meath TerraceArdán na Mí
Meathville TerraceArdán MeathvilleAs an Meath Hospital anseo, is dócha. “Ardán Ville na Mí” atá ar na hainmchláir.
Meeting-House LaneLána Theach an TionóilAs teach Preispitéarach a bhí anseo. “Lána na Tionóla” atá ar na hainmchláir.
Meeting-House SquareCearnóg Theach an TionóilCearnóg nua a cruthaíodh ag deireadh an fhichiú haois agus a ainmníodh as teach tionóil Chumann na gCairde i Sráid an Iústásaigh.
Mellows AvenueAscaill Mellows
Mellows CourtCúirt Mellows
Mellows CrescentCorrán Mellows
Mellows ParkPáirc Mellows
Mellows RoadBóthar MellowsAs Liam Mellows. “Bóthar Uí Mhaoilíosa” srl. (sloinne nach bhfuil ann), mar aon leis an mí­litriú “Mellowes,” atá sa liosta oifigiúil.
Melrose AvenueAscaill MhaolrosaI ngrúpa sráideanna sa Bhaile Bocht a ainmníodh as áiteanna in Albain.
Melrose CourtCúirt Mhaolrosa
Melvin RoadBóthar Loch MeilbheI ngrúpa sráideanna i gCamaigh a ainmníodh as lochanna.
Memorial Road [dhá cheann]Bóthar an Chuimhneacháin 
Mercer Street, LowerSráid Mercer ÍochtarachAs Mary Mercer, a bhunaigh Ospidéal Mercer anseo. Is é Mercer’s Street an bhunfhoirm.
Mercer Street, UpperSráid Mercer Uachtarach
Merchants’ ArchÁirse na gCeannaitheTá ceithre ainm­chlár ar an bpasáiste beag seo, “Áirse na gCeannaidhe” ar cheann amháin acu agus “Airse [sic] na gCeannaí” ar dhá cheann eile (mar aon leis an mí­litriú “Merchant’s Arch”). Tá mí­litriú eile, “Merchants Arch,” sa liosta oifigiúil.
Merchants’ QuayCé na gCeannaitheAinm gan bhrí, “Cé Ceannaigh,” atá ar roinnt de na hainm­­chláir (ceann de na hainmneacha a mhol coiste de chuid Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile sa bhliain 1909). Tá an mí­litriú “Merchant’s Quay” ar na hainm­chláir nua, agus mí­litriú eile, “Merchants Quay,” sa liosta oifigiúil.
Merchants’ RoadBóthar na gCeannaitheAs an Merchants’ Ware­housing Company, a raibh tithe dá fhostaithe anseo aige ag tús an fhichiú haois. An mí­litriú “Merchants Road” atá sa liosta oifigiúil.
Merchants’ SquareCearnóg na gCeannaithe
Merlyn DriveCéide Merlyn 
Merlyn ParkPáirc Merlyn 
Merlyn RoadBóthar Merlyn 
Merrion CloseClós Mhuirfean 
Merrion CourtCúirt Mhuirfean
Merrion PlacePlás Mhuirfean 
Merrion RoadBóthar Mhuirfean 
Merrion RowSraith Mhuirfean 
Merrion SquareCearnóg MhuirfeanAs Oliver Fitzwilliam, “Viscount Fitzwilliam of Merrion” (teideal a ainmníodh as an gceantar i gCo. Bhaile Átha Cliath).
Merrion StrandTrá Mhuirfean 
Merrion Street, LowerSráid Mhuirfean Íochtarach 
Merrion Street, UpperSráid Mhuirfean Uachtarach 
Merrion View AvenueAscaill Radharc Mhuirfean 
Merton AvenueAscaill Merton 
Merton DriveCéide MertonAs teach darbh ainm Merton.
Merton ParkPáirc Merton 
Merton RoadBóthar Merton 
Merville AvenueAscaill MervilleAs teach darbh ainm Merville.
Mespil RoadBóthar an MheispilAs teach darbh ainm Mespil House, a ainmníodh as an gcrann. “Bóthar Mespil” atá sa liosta oifigiúil.
the Mews [trí cinn]an Eachlann 
Middle Thirdan Trian Meánach 
Military Road [trí cinn]an Bóthar Míleata 
Millbourne AvenueAscaill Ghlaise an MhuilinnAs teach darbh ainm Mill Bourne (a ainmníodh as tarae agus muilte a bhí anseo). “Ascaill Shruth an Mhuilinn” atá sa liosta oifigiúil.
Millbrook AvenueAscaill Shruthán an Mhuilinn 
Millbrook DriveCéide Shruthán an Mhuilinn 
Millbrook GroveGarrán Shruthán an Mhuilinn 
Millbrook RoadBóthar Shruthán an Mhuilinn 
Millbrook TerraceArdán Shruthán an Mhuilinn 
Mill LaneLána an Mhuilinn
Millmount AvenueAscaill Chnocán an Mhuilinn 
Millmount PlacePlás Chnocán an Mhuilinn 
Millmount TerraceArdán Chnocán an Mhuilinn 
Millmount VillasBailtíní Chnocán an Mhuilinn 
Millrose EstateEastát Rós an Mhuilinn 
Mill StreetSráid na MuilteAs na muilte a bhí anseo. “Sráid an Mhuilinn” atá sa liosta oifigiúil.
Milltown PathCosán Bhaile an Mhuilinn 
Milltown RoadBóthar Bhaile an Mhuilinn 
Millview CottagesIostáin Radharc an Mhuilinn 
Millwood ParkPáirc Choill an Mhuilinn 
Millwood VillasBailtíní Choill an Mhuilinn
Misery Hill Cnoc na hAinnise
Moatfield AvenueAscaill Ghort an Mhóta 
Moatfield ParkPáirc Ghort an Mhóta 
Moatfield RoadBóthar Ghort an MhótaAs teach darbh ainm Moatfield House.
Moatview AvenueAscaill Radharc an Mhóta 
Moatview CourtCúirt Radharc an Mhóta 
Moatview DriveCéide Radharc an Mhóta 
Moatview GardensGairdíní Radharc an Mhóta 
Moeran RoadBóthar Uí MhóráinAs E. J. Moeran; i ngrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí.
Moira RoadBóthar Mhaigh Rath
Moira VillasBailtíní Mhaigh Rath
Moland PlacePlás MolandAs an sloinne (John Moland agus a mhuintir, b’fhéidir).
Molesworth PlacePlás Theach Laighean 
Molesworth StreetSráid Theach LaigheanCeann de na hainmneacha a mhol Seosamh Laoide agus a chomh­ghleacaithe ón mbliain 1905 ar aghaidh a bhfuil taithí ag an bpobal air. As sloinne a ainmníodh an tsráid i mBéarla.
Molyneux YardClós MolyneuxAs an sloinne. “Macha Ó Maol an Mhuaidh” atá ar an ainmchlár.
Monasterboice RoadBóthar Mhainistir BhuitheI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Monck PlacePlás MonckAs muintir Monck, úinéirí talún anseo. “Plás Uí Mhanacháin” atá ar na hainmchláir.
Montague CourtCúirt Montague 
Montague LaneLána Montague 
Montague PlacePlás Montague
Montague StreetSráid MontagueAs George Montague. “Sráid Mhic Thaidh” atá ar na hainmchláir, agus foirm lochtach eile, “Sráid Mhic Thaidge,” ar an oifig phoist.
Montpellier CourtCúirt Montpellier
Montpellier DriveCéide Montpellier 
Montpellier GardensGairdíní Montpellier 
Montpellier HillCnoc MontpellierAs an gcathair sa Fhrainc, is dócha. Tá cnoc i Sléibhte Bhaile Átha Cliath darb ainm Mountpelier Hill, a ainmníodh, is cosúil, as teach ansin darbh ainm Mountpelier House.
Montpellier ParkPáirc Montpellier 
Montrose AvenueAscaill Mhon RoisAs an mbaile mór in Albain. “Ascaill Mhonadh Rois” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Montrose CloseClós Mhon Rois 
Montrose CourtCúirt Mhon Rois 
Montrose CrescentCorrán Mhon Rois 
Montrose DriveCéide Mhon Rois 
Montrose GroveGarrán Mhon Rois 
Montrose ParkPáirc Mhon Rois 
Moore LaneLána Uí Mhórdha 
Moore StreetSráid Uí MhórdhaAs Henry Moore, “Earl of Drogheda.” (Ainmníodh Henry Street agus North Earl Street as an duine céanna.) “Sráid an Mhúraigh” atá sa liosta oifigiúil ach “Sráid Uí Mhórdha” ar na hainm­chláir nua.
the Mooringsan tIonad Feistithe 
Moracrete CottagesIostáin MoracreteAs Moracrete Ltd, déantóirí earraí coincréite.
Moran’s CottagesIostáin Uí Mhóráin
Morehampton LaneLána Morehampton 
Morehampton RoadBóthar Morehampton 
Morehampton SquareCearnóg Morehampton 
Morehampton TerraceArdán Morehampton 
Morgan PlacePlás Morgan 
Morning Star AvenueAscaill Réalta na Maidine 
Morning Star RoadBóthar Réalta na MaidineI ngrúpa sráideanna sa Charnán a ainmníodh i “mBliain Mhuire” (1954).
Mornington GroveGarrán Bhaile Uí Mhornáin 
Mornington ParkPáirc Bhaile Uí Mhornáin 
Mornington RoadBóthar Bhaile Uí Mhornáin 
Morrogh TerraceArdán MhurchaAs Murchadh, mac Bhriain Bhórú. (Tá Brian Road anseo freisin.) “Ardán Murchaidh” atá ar na hainm­chláir. “Morroch Terrace” atá sa liosta oifigiúil.
Moss StreetSráid MossAs an sloinne, is dócha. “Sráid Mhaolmóna” (.i. Uí Mhaolmóna) atá ar ainm­chlár amháin; “Sráid Moss” atá ar dhá ainm­chlár eile.
Mountain View AvenueAscaill Radharc an tSléibhe
Mountain View CottagesIostáin Radharc an tSléibhe 
Mountain View RoadBóthar Radharc an tSléibhe
Mount Argus AvenueAscaill Chnocán Argos 
Mount Argus CloseClós Chnocán Argos 
Mount Argus CourtCúirt Chnocán Argos 
Mount Argus CrescentCorrán Chnocán Argos 
Mount Argus GreenFaiche Chnocán Argos 
Mount Argus GroveGarrán Chnocán Argos 
Mount Argus ParkPáirc Chnocán Argos 
Mount Argus RoadBóthar Chnocán ArgosAs an teach darb ainm Mount Argos (a ainmníodh, is dócha, as an gcathair sa Ghréig). Úsáidtear an litriú Argus go coitianta, ach is é Argos ainm an bhaile fearainn agus Mount Argos Road ainm oifigiúil an bhóthair seo.
Mount Argus TerraceArdán Chnocán Argos 
Mount Argus ViewRadharc Chnocán Argos 
Mount Argus WayBealach Chnocán Argos 
Mount BrownCnocán an Bhrúnaigh“Cnocán Bhrúin” atá ar na sean-​ainmchláir.
Mount Dillon CourtCúirt Chnocán an Diolúnaigh
Mount Drummond AvenueAscaill Chnocán an DruiminighAs an sloinne Albanach. “Ascaill Chnocán Drummond” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Mount Drummond CourtCúirt Chnocán an Druiminigh
Mount Drummond SquareCearnóg Chnocán an Druiminigh 
Mount Eden RoadBóthar Chnocán Eden“Bóthar Chnocán Éidin” atá sa liosta oifigiúil.
Mount Harold TerraceArdán Chnocán AraildAs teach darbh ainm Mount Harold.
Mountjoy ParadeParáid Mhuinseo 
Mountjoy PlacePlás Mhuinseo 
Mountjoy SquareCearnóg MhuinseoAs Luke Gardiner, “Baron Mountjoy.” Foirm thraidisiúnta Gaeilge is ea “Muinseo.” (Ainmníodh Gardiner Street as an duine céanna.)
Mountjoy Street, MiddleSráid Mhuinseo Láir 
Mountjoy StreetSráid Mhuinseo 
Mountolive GroveGarrán Chnocán na hOlóige 
Mountolive ParkPáirc Chnocán na hOlóige 
Mountolive RoadBóthar Chnocán na hOlóigeAs an mbaile fearainn.
Mount Pleasant, Oldan Seanchnocán Aoibhinn 
Mount Pleasant Avenue, LowerAscaill an Chnocáin Aoibhinn Íochtarach
Mount Pleasant Avenue, UpperAscaill an Chnocáin Aoibhinn Uachtarach“Ascaill Chnocán Aoibhinn Uachtarach” atá sa liosta oifigiúil.
Mount Pleasant ParadeParáid an Chnocáin Aoibhinn 
Mount Pleasant PlacePlás an Chnocáin Aoibhinn 
Mount Pleasant SquareCearnóg an Chnocáin AoibhinnAinm faiseanta tráth ar eastáit agus áiteanna eile i Sasana, in Éirinn agus i Meiriceá ba ea Mount Pleasant​—​as ceann de na háiteanna sa Fhrainc darb ainm Montplaisant, b’fhéidir.
Mount Pleasant TerraceArdán an Chnocáin Aoibhinn 
Mount Pleasant Terrace, UpperArdán an Chnocáin Aoibhinn Uachtarach 
Mount Pleasant VillasBailtíní an Chnocáin Aoibhinn
Mount Prospect AvenueAscaill Chnocán an RadhaircAs an teach darb ainm Mount Prospect. “Ascaill Ard na Teamhrach” atá ar na hainm­chláir (ceann de na hainmneacha a mhol coiste de chuid Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile sa bhliain 1909).
Mount Prospect DriveCéide Chnocán an Radhairc 
Mount Prospect GroveGarrán Chnocán an Radhairc 
Mount Prospect LawnsPlásóga Chnocán an Radhairc
Mount Prospect ParkPáirc Chnocán an Radhairc 
Mount SandfordCnocán SandfordAs Henry Sandford, “Baron Mount Sandford.” (Tá Sandford Road srl. sa cheantar seo freisin.)
Mountshannon RoadBóthar Bhaile Uí BheoláinAs teach darbh ainm Mount Shannon (a ainmníodh as an mbaile i gCo. an Chláir, is dócha).
Mount Street, LowerSráid an Mhóta ÍochtarachAs croch a bhí anseo.
Mount Street, UpperSráid an Mhóta Uachtarach
Mount Street CrescentCorrán Shráid an Mhóta 
Mount Tallant AvenueAscaill Chnocán an TallúnaighAs teach darbh ainm Mount Tallant. “Ascaill Áird Tallant” atá ar na hainm­chláir; “Ascaill Chnocán Tallant” atá sa liosta oifigiúil.
Mount Temple RoadBóthar Chnocán an Teampaill 
Mourne RoadBóthar Bheanna BoircheI ngrúpa sráideanna i nDroimeanach a ainmníodh as sliabhraonta.
Moycullen RoadBóthar Mhaigh Cuilinn 
Moy Elta RoadBóthar Mhaigh nEaltaAs seanainm ar an machaire cósta i dtuaisceart Cho. Bhaile Átha Cliath. “Bóthar Mhaigh Ealta” atá sa liosta oifigiúil.
Moyle RoadBóthar Shruth na Maoile“Bóthar na Maoile” atá sa liosta oifigiúil.
Moyne CourtCúirt na Maighne 
Moyne RoadBóthar na Maighne 
Muckross ParadeParáid MhucroisI ngrúpa sráideanna i mBaile Phib a ainmníodh as áiteanna i gCo. Chiarraí.
Muirfield DriveCéide MuirfieldAs an sráid­bhaile in Albain; is cosúil nach bhfuil ainm Gaeilge ann.
Mullingar TerraceArdán an Mhuilinn Chearr
Mulroy RoadBóthar na Maoile Rua 
Munster StreetSráid na Mumhan 
Murray’s CottagesIostáin Uí Mhuirí 
Murtagh RoadBóthar MhuircheartaighAs Muircheartach mac Néill (Muircheartach na gCochall Craicinn), a throid in aghaidh na Lochlannach sa deichiú haois. Ainm mí­cheart, “Bóthar Uí Mhuircheartaigh,” atá sa liosta oifigiúil.
Muskerry RoadBóthar Mhúscraí 
Myra CloseClós MyraAs an áit stairiúil sa Tuirc, is dócha, nó as San Nioclás Myra. Ainm mícheart, “Clós Mháire,” atá ar an ainm­chlár agus sa liosta oifigiúil.
Myrtle StreetSráid MyrtleAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha. “Sráid na Miortaile” atá ar an ainm­chlár; “Sráid an Mhiortail” atá sa liosta oifigiúil.
Naas RoadBóthar an Náis 
Naas Road, OldSeanbhóthar an Náis 
Nanikin AvenueAscaill an NainicínAs an sruth anseo darb ainm Nanniken River.
Nash StreetSráid an Naisigh
Nassau StreetSráid Thobar PhádraigLeagan den ainm is sine ar an tsráid seo, St Patrick’s Well Lane; ceann de na hainmneacha a mhol Seosamh Laoide agus a chomh­ghleacaithe ón mbliain 1905 ar aghaidh, atá ar na hainm­chláir agus a bhfuil taithí ag an bpobal air. As William Nassau Molesworth a ainmníodh an tsráid i mBéarla. “Sráid Nassau” atá sa liosta oifigiúil.
Navan RoadBóthar na hUaimhe“Bóthar na hUaime [sic]” atá ar roinnt ainm­chláir nua.
Neagh RoadBóthar Loch nEathachI ngrúpa sráideanna i gCamaigh a ainmníodh as lochanna. Tá mí­litriú iontach, “Loch Neathach,” sa liosta oifigiúil.
Nelson StreetSráid NelsonAs an Aimiréal Horatio Nelson.
Nephin RoadSráid NéifinneAs an sliabh i gCo. Mhaigh Eo.
Nerney’s CourtCúirt Mhic an Airchinnigh“Cúirt Airchinnigh” atá ar ainm­­chlár amháin, “Cúirt Nerney” ar ainm­chlár eile (díreach os a chomhair), agus “Cúirt an Airchinnigh” ar dhá cheann eile.
Neville RoadBóthar Neville“Br. Ó Niadh” atá ar na sean-​ainmchláir.
New Bridge AvenueAscaill an Droichid NuaAs an droichead trasna na Dothra anseo. Foirm mhí­cheart Bhéarla, “Newbridge,” atá sa liosta oifigiúil.
New Bridge DriveCéide an Droichid NuaFoirm mhí­cheart Bhéarla, “Newbridge,” atá sa liosta oifigiúil.
Newbrook AvenueAscaill an tSrutháin Nua 
Newbrook RoadBóthar an tSrutháin NuaAs an mbaile fearainn.
Newbury AvenueAscaill Newbury 
Newbury DriveCéide Newbury 
Newbury GroveGarrán Newbury 
Newbury HeightsArda Newbury 
Newbury LawnsPlásóga Newbury 
Newbury ParkPáirc Newbury 
Newbury TerraceArdán Newbury 
Newcomen AvenueAscaill NewcomenAs Newcomen Bridge, a ainmníodh as William Newcomen, duine de stiúrthóirí an Royal Canal Company. “Ascal Niúcomain” atá ar an ainmchlár.
Newcomen CourtCúirt Newcomen
Newgrange RoadBóthar Shí an Bhrú“Bóthar Nua Ghráinse”​—​leagan lochtach d’ainm an bhaile fearainn (an Ghráinseach Nua) ina bhfuil an tuama pasáiste seo​—​atá ar na sean-ainmchláir; “Bóthar Chaiseal Aonghusa”—ainm malartach ar an tuama—atá ar na hainmchláir nua.
Newgrove AvenueAscaill an Gharráin Nua 
New Grove EstateEastát an Gharráin Nua 
New Ireland CourtCúirt na Nua-Éireann“Cúirt Éireann Nua” atá sa liosta oifigiúil.
New Ireland RoadBóthar na Nua-Éireann“Bóthar Nua‑Éireann” atá ar na hainmchláir.
New Marketan Margadh NuaFoirm mhí­cheart Bhéarla, “Newmarket,” atá sa liosta oifigiúil.
New Market StreetSráid an Mhargaidh NuaFoirm mhí­cheart Bhéarla, “Newmarket Street,” atá sa liosta oifigiúil.
New Port StreetSráid an Phoirt NuaAs Port na Canála Móire. Foirm mhí­cheart Bhéarla, “Newport Street,” atá sa liosta oifigiúil.
New Roadan Bóthar Nua 
New Rowan tSraith Nua 
New Row, Southan tSraith Nua Theas 
New Street, Northan tSráid Nua Thuaidh 
New Street, Southan tSráid Nua Theas
New Street GardensGairdíní na Sráide Nua 
Newtown AvenueAscaill an Bhaile Nua 
Newtown CloseClós an Bhaile Nua 
Newtown CottagesIostáin an Bhaile Nua 
Newtown DriveCéide an Bhaile Nua
Newtown ParkPáirc an Bhaile Nua
Newtown RoadBóthar an Bhaile NuaAs an mbaile fearainn.
Newtown WayBealach an Bhaile Nua
New Wapping StreetSráid Nua WappingAithris ar shráid i Londain, is dócha. “Nua‑Shráid Apain” atá ar na hainm­chláir; “Sráid Wapping Nua” atá sa liosta oifigiúil.
Niall StreetSráid NéillAs Niall Glúndubh, rí na Teamhrach sa deichiú haois.
Nicholas AvenueAscaill San Nioclás 
Nicholas StreetSráid San Nioclás“Sráid Niocláis” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Noel Purcell WalkCosán Noel Purcell“Siúlán Nollaig Puirséil” atá ar na hainmchláir.
Nore RoadBóthar na Feoire 
Norfolk RoadBóthar Norfolk 
Norseman PlacePlás an Lochlannaigh 
Northbrook AvenueAscaill Northbrook
Northbrook Avenue, LowerAscaill Northbrook Íochtarach“Ascal Nortbroc Íochtarach” atá ar na hainmchláir.
Northbrook Avenue, UpperAscaill Northbrook Uachtarach 
Northbrook LaneLána Northbrook 
Northbrook RoadBóthar NorthbrookAs muintir Baring, “Earls of Northbrook” (teideal a ainmníodh as sráid­bhaile i Hamp­shire), is dócha. “Bóthar Nortbruc” atá ar na hainmchláir.
Northbrook TerraceArdán Northbrook 
Northbrook VillasBailtíní Northbrook
Northbrook WalkCosán Northbrook 
Northern CrossCros an Tuaiscirt 
Northland DriveCéide NorthlandAs muintir Knox, “Viscounts Northland.” Is é “Céide an Fhearainn Thuaidh” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Northland GroveGarrán Northland 
North Lotsna Lotaí ThuaidhAs plotaí talún a bhí anseo. “Lotaí” (mar aon leis an litriú mí-​aimseartha “Lotts”) atá ar ainm­chlár amháin, “Na Scair [sic] Thuaidh” (mar aon le “North Lotts”) ar cheann amháin eile. Tá an litriú céanna Béarla sa liosta oifigiúil.
North Road [Páirc an Fhéinics]an Bóthar Thuaidh 
North Strand RoadBóthar na Trá Thuaidh“Bóthar na Trághach” atá ar roinnt de na sean-​ainm­chláir; “Bóthar Trá Thuaidh” atá ar na hainm­chláir nua.
Northumberland PlacePlás Northumberland 
Northumberland RoadBóthar NorthumberlandAs Hugh Percy, “Duke of Northumberland,” fear ionaid an rí.
Northumberland SquareCearnóg NorthumberlandAs Hugh Percy, “Duke of Northumberland,” fear ionaid an rí, nó as Northumberland Buildings (29–31 Cé Eden), Northumberland House agus an Northumberland Hotel (Halla na Saoirse níos déanaí).
North Wall QuayCé an Phoirt Thuaidh 
Northway EstateEastát an Bhealaigh Thuaidh 
Norton’s AvenueAscaill Uí Neachtain 
Norwood ParkPáirc Norwood 
Nottingham StreetSráid NottinghamAs teach anseo darbh ainm Nottingham House, de réir Dowling agus O’Reilly, Mud Island: A History of Ballybough (2002).
No. 1 Branch Road, SouthCraobh-Bhóthar Uimhir 1 TheasCeann de na sráideanna nua i gceantar na ndugaí a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu.
No. 2 Branch Road, SouthCraobh-Bhóthar Uimhir 2 TheasCeann de na sráideanna nua i gceantar na ndugaí a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu.
No. 3 Branch Road, SouthCraobh-Bhóthar Uimhir 3 TheasCeann de na sráideanna nua i gceantar na ndugaí a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu.
Nunciature Road [Páirc an Fhéinics]Bóthar na Nuinteasachta 
Nurney LawnPlásóg na hUrnaí 
Nutley AvenueAscaill Nutley 
Nutley LaneLána NutleyAs teach darbh ainm Nutley. “Lána Nothaile” atá ar na hainmchláir.
Nutley ParkPáirc Nutley 
Nutley RoadBóthar Nutley“Bóthar Nothaile” atá ar na hainmchláir.
Nutley SquareCearnóg Nutley
Oak-Apple GreenFaiche na nGál Darach“Faiche Ghál Darach” atá sa liosta oifigiúil.
Oakfield PlacePlás Ghort na Darach 
Oaklands CrescentCorrán an Fhearainn Dairigh“Corrán Fearainn Dara,” mar aon le “Oaklands Cresent [sic],” atá ar an ainm­chlár; “Corrán Fhearann Dara” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Oaklands Drive [dhá cheann]Céide an Fhearainn Dairigh 
Oaklands ParkPáirc an Fhearainn Dairigh 
Oaklands TerraceArdán an Fhearainn Dairigh 
Oakley Park [Cluain Tarbh]Páirc OakleyAs teach darbh ainm Oakley.
Oakley Park [Raghnallach]Páirc Oakley 
Oakley RoadBóthar Oakley“Ascaill Fhiodh Cuillinn” atá ar na sean-​ainmchláir (as sean­ainm ar an gceantar seo). (Féach freisin Cullenswood Road.)
Oakley SquareCearnóg Oakley 
Oakpark AvenueAscaill Pháirc na Darach
Oakpark CloseClós Pháirc na Darach 
Oakpark DriveCéide Pháirc na Darach 
Oakpark GroveGarrán Pháirc na Darach 
Oak RoadBóthar na Darach 
the Oaksna Daracha 
Oakwood AvenueAscaill na Coille Darach“Ascaill Choill Darach” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Oakwood CloseClós na Coille Darach 
Oakwood ParkPáirc na Coille Darach 
Oakwood RoadBóthar na Coille Darach 
Oblate DriveCéide na nOblátach 
O’Brien RoadBóthar Uí BhriainAs Vincent O’Brien; i ngrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí.
O’Brien’s Place (North)Plás Uí Bhriain (Thuaidh)Níl a fhios agam cé as ar ainmníodh an tsráid seo (i ngrúpa sráideanna i nDroim Conrach a ainmníodh as scríbhneoirí agus scoláirí).
O’Brien’s TerraceArdán Uí Bhriain 
Observatory LaneLána na Réadlainne 
O’Carolan RoadBóthar Uí ChearúlláinAs Toirealach Ó Cearúlláin; i ngrúpa sráideanna sa cheantar darbh ainm Fairbrother’s Fields a ainmníodh den chuid is mó as scoláirí, staraithe, agus filí.
O’Connell AvenueAscaill Uí Chonaill 
O’Connell GardensGairdíní Uí ChonaillAs Daniel O’Connell. (Tá Gairdíní Dhoire Fhionnáin sa cheantar céanna.)
O’Connell Street, LowerSráid Uí Chonaill ÍochtarachAs Daniel O’Connell.
O’Connell Street, UpperSráid Uí Chonaill Uachtarach
O’Curry AvenueAscaill Uí Chomhraí 
O’Curry RoadBóthar Uí ChomhraíAs Eoghan Ó Comhraí, scoláire; i ngrúpa sráideanna sa cheantar darbh ainm Fairbrother’s Fields a ainmníodh den chuid is mó as scoláirí, staraithe, agus filí.
O’Daly RoadBóthar Uí DhálaighAs Seán Ó Dálaigh; i ngrúpa sráideanna i nDroim Conrach a ainmníodh as scríbhneoirí agus scoláirí.
Odd Lamp Road [Páirc an Fhéinics]Bóthar an Chorrlampa 
O’Devanney GardensGáirdíní Uí DhuibheannaighAs an Easpag Conchúr Ó Duibheannaigh, a crochadh, a tarraingíodh agus a ndearnadh ceathrúna de sa bhliain 1612.
O’Donoghue StreetSráid Uí Dhonnchú 
O’Donovan RoadBóthar Uí DhonnabháinAs John O’Donovan, scoláire; i ngrúpa sráideanna sa cheantar darbh ainm Fairbrother’s Fields a ainmníodh den chuid is mó as scoláirí, staraithe, agus filí.
O’Dwyer RoadBóthar Uí DhuibhirAs Robert O’Dwyer; i ngrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí.
Offaly RoadBóthar Uíbh Fhailí 
O’Hara AvenueBóthar Uí Eára 
O’Hogan RoadBóthar Uí ÓgáinAs Mícheál Ó hÓgáin (“Galloping Hogan”); i ngrúpa sráideanna i mBaile Formaid a ainmníodh as áiteanna agus eachtraí a raibh baint acu le Patrick Sarsfield.
Olaf RoadBóthar San OlafAs Eaglais San Olaf, a bhí i Sráid Sheamlas an Éisc sa Mheán­aois (a ainmníodh as Óláfr Haraldsson, naomh Lochlannach). Ainm mí­cheart, “Bóthar San Amhlaoibh,” atá sa liosta oifigiúil.
Old County GlenSeanghleann an Chontae 
Old County RoadSeanbhóthar an Chontae 
Old Kilmainham VillageSean-Sráidbhaile Chill Mhaighneann 
Old Mill CourtCúirt an tSeanmhuilinn
Old Naas Road CottagesIostáin Sheanbhóthar an Náis
Oldtown AvenueAscaill an tSeanbhaile
Oldtown ParkPáirc an tSeanbhaile 
Oldtown RoadBóthar an tSeanbhaileAs an mbaile fearainn.
O’Leary RoadBóthar Uí LaoireAs John O’Leary; i ngrúpa sráideanna i gCill Mhaighneann a ainmníodh as baill den IRB.
Oliver Bond StreetSráid Oliver BondAs rúnaí Chumann Éireannaigh Aontaithe Bhaile Átha Cliath.
Oliver Plunkett AvenueAscaill Oilibhéir PluincéidAs Ardeaspag Ard Mhacha a céasadh agus a crochadh sa bhliain 1584; i ngrúpa sráideanna sa Bhaile Gaelach darb ainm Stella Gardens a ainmníodh den chuid is mó as naoimh de chuid na hEaglaise Caitlicí.
Olney CrescentCorrán OlneyAs teach darbh ainm Olney (a ainmníodh, is dócha, as an mbaile mór i mBuckinghamshire).
Olney GroveGarrán Olney 
O’Moore RoadBóthar Uí MhórdhaAs Muircheartach Ó Mórdha; i ngrúpa sráideanna i mBaile Formaid a ainmníodh as áiteanna agus eachtraí a raibh baint acu le Patrick Sarsfield. Foirm mhí­cheart, “Bóthar Uí Mhóra,” atá sa liosta oifigiúil.
Ó Neachtain RoadBóthar Uí NeachtainAs Seán Ó Neachtain; i ngrúpa sráideanna i nDroim Conrach a ainmníodh as scríbhneoirí.
O’Neill’s BuildingsFoirgnimh Uí Néill
Ontario TerraceArdán Ontario 
O’Rahilly ParadeParáid Uí RathailleAs Michael O’Rahilly, laoch 1916, a d’éag sa tsráid seo. “Páraid [sic] Rathallaigh [sic]” atá ar an ainm­chlár nua.
Oranmore CloseClós Órán Mór 
Oranmore RoadBóthar Órán Mór 
the Orchardan tÚllord 
Orchard LaneLána an Úlloird 
Orchard LawnsPlásóga an Úlloird 
Orchard ParkPáirc an Úlloird 
Orchard Road [Cluain Life]Bóthar an ÚlloirdAs Donnelly’s Orchard, an t‑ainm a bhí ar an gceantar seo tráth.
Orchard Road [Ráth Eanaigh]Bóthar an Úlloird 
Orchard Road, SouthBóthar an Úlloird Theas 
Orchard TerraceArdán an Úlloird
Ordnance Survey Road [Páirc an Fhéinics]Bóthar na Suirbhéireachta Ordanáis 
O’Reilly AvenueAscaill Uí RaghallaighAs John O’Reilly; i ngrúpa sráideanna i gCill Mhaighneann​—​ar tugadh Ceannt Fort air roimhe sin​—​a ainmníodh as óglaigh a maraíodh anseo sa bhliain 1916.
Oriel HallHalla Oiriall 
Oriel Street, LowerSráid Oiriall ÍochtarachAs John Foster, “Baron Oriel,” teideal a ainmníodh as an dúiche stairiúil (Oirialla) in oirthuaisceart na hÉireann. (Ainmníodh Foster Place as an duine céanna.)
Oriel Street, UpperSráid Oiriall Uachtarach
Ormeau StreetSráid OrmeauNíl a fhios agam cad is bunús leis. (Leamhán is ea ormeau i bhFraincis.)
Ormonde TerraceArdán Urumhan
Ormond MarketMargadh Urumhan
Ormond PlacePlás Urumhan 
Ormond Quay, LowerCé Urumhan ÍochtarachAs James Butler, “Duke of Ormonde,” fear ionaid an rí.
Ormond Quay, UpperCé Urumhan Uachtarach
Ormond RoadBóthar Urumhan 
Ormond Road, SouthBóthar Urumhan Theas 
Ormond SquareCearnóg Urumhan 
Ormond StreetSráid Urumhan 
Orwell BankBruach Orwell 
Orwell MewsEachlann Orwell 
Orwell ParkPáirc Orwell 
Orwell RoadBóthar OrwellAs an abhainn i Sasana, is dócha. “Bóthar Oruel” atá ar na hainmchláir.
Orwell WoodsCoillte Orwell 
Osborne TerraceArdán Osborne
Oscar SquareCearnóg OscairAs Oscar, mac Oisín, i miotas na hÉireann
Oscar Traynor RoadBóthar Oscar TraynorAs polaiteoir de chuid Fhianna Fáil. “Bóthar Oscair Mhic Thréinir” atá sa liosta oifigiúil.
Ossory RoadBóthar Osraí 
Ostman PlacePlás na Lochlannach 
O’Sullivan AvenueAscaill Uí ShúileabháinÚsáidtear litriú neamh­stairiúil den sloinne seo, agus dhá ⟨l⟩ ann, go coitianta. “Ascaill Uí Shuilleabháin [sic]” atá sa liosta oifigiúil.
Oswald RoadBóthar Oswald 
Oulton RoadBóthar OultonAs muintir Oulton, úinéirí eastát Vernon ag an am (1932). (Is mar “Oolton” a fhuaimnítear an sloinne seo de ghnáth.)
Our Lady’s CloseClós Mhuire
Our Lady’s RoadBóthar MhuireI ngrúpa sráideanna sa Charnán a ainmníodh i “mBliain Mhuire” (1954).
Ovoca RoadBóthar AbhócaAs an abhainn darb ainm Oboka i dtíreolaíocht Ptolemy (dara haois), ainm a tugadh níos déanaí ar chuid den Abhainn Mhór i gCo. Chill Mhantáin. “Bóthar Tráigh Dá Abhann” atá ar na hainmchláir.
Owens AvenueAscaill OwensAs Seán Owens; i ngrúpa sráideanna i gCill Mhaighneann​—​ar tugadh Ceannt Fort air roimhe sin​—​a ainmníodh as óglaigh a maraíodh anseo sa bhliain 1916. Meancóg is ea “Ascaill Eoghain” (mar aon le “Owen’s Avenue”) atá ar na hainm­chláir agus anois sa liosta oifigiúil.
OwensillaAbhainn SaileachNíl aon abhainn den ainm sin ann.
Owensilla TerraceArdán Abhainn Saileach 
Oxford RoadBóthar Oxford 
Oxford Terrace [dhá cheann]Ardán Oxford
Oxmantown LaneLána Bhaile na Lochlannach 
Oxmantown RoadBóthar Bhaile na Lochlannach 
the Paddockan Bhanrach“An Peadac” atá sa liosta oifigiúil.
the Paddocks [dhá cheann]na Banracha“Na Peadaic” atá sa liosta oifigiúil.
Palace StreetSráid an Pháláis 
Palmerston CloseClós Bhaile Phámar 
Palmerston CourtCúirt Bhaile Phámar 
Palmerston GardensGairdíní Bhaile Phámar 
Palmerston GroveGarrán Bhaile Phámar 
Palmerston LaneLána Bhaile Phámar 
Palmerston ParkPáirc Bhaile Phámar 
Palmerston PlacePlás Bhaile Phámar 
Palmerston RoadBóthar Bhaile PhámarAs Henry Temple, “Viscount Palmerston” (teideal a ainmníodh as an mbaile fearainn i gCo. Bhaile Átha Cliath darb ainm Palmerstown).
Palmerston VillasBailtíní Bhaile Phámar
Paradise PlacePlás Pharthais 
Park AvenueAscaill na Páirce 
Park Avenue, WestAscaill na Páirce Thiar 
Park CourtCúirt na Páirce 
Park CrescentCorrán na Páirce 
Park DriveCéide na Páirce 
Parker HillCnoc Parker“Cnoc Pháircéir” atá sa liosta oifigiúil.
Parkgate StreetSráid Gheata na Páirce 
Parkhill HeightsArda Chnoc na Páirce 
Park Lane [trí cinn]Lána na Páirce 
Park Lane, EastLána na Páirce Thoir“Páirclána Thoir” atá ar an ainmchlár.
Park LawnPlásóg na Páirce 
Parkmore DriveCéide na Páirce Móire 
Park PlacePlás na Páirce 
Park RoadBóthar na Páirce 
Park Street [dhá cheann]Sráid na Páirce 
Park TerraceArdán na Páirce 
Park ViewRadharc na Páirce 
Parkview AvenueAscaill Radharc na Páirce 
Parkview CourtCúirt Radharc na Páirce 
Parkview CloseClós Radharc na Páirce 
Parkview DriveCéide Radharc na Páirce 
Parkview GroveGarrán Radharc na Páirce 
Parkview PlacePlás Radharc na Páirce 
Parkview RoadBóthar Radharc na Páirce 
Parkview SquareCearnóg Radharc na Páirce 
Parliament RowSraith na ParlaiminteTá “Rae na Feise” ar na hainmchláir nua.
Parliament StreetSráid na ParlaiminteAs acht de chuid Pharlaimint na hÉireann sa bhliain 1757 faoinar ceannaíodh an talamh anseo leis an tsráid a thógáil. “Sráid na Feise” atá ar na hainm­chláir (ceann de na hainmneacha a mhol coiste de chuid Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile sa bhliain 1909).
Parnell AvenueAscaill Parnell 
Parnell CourtCúirt Parnell 
Parnell PlacePlás Parnell 
Parnell RoadBóthar ParnellAs Droichead Parnell ar an gCanáil Mhór, a ainmníodh as John Parnell (1720–1782), ball de Pharlaimint na hÉireann agus sin-sin-seanathair Charles Stewart Parnell.
Parnell SquareCearnóg ParnellAs Charles Stewart Parnell. (Tá an bhéim ar an gcéad siolla sa sloinne seo.)
Parnell StreetSráid Parnell
Partridge TerraceArdán PartridgeAs William Partridge, ceannaire de chuid an lucht oibre, a raibh post aige sna hoibreacha iarnróid anseo.
Patrick StreetSráid PhádraigAs Ardeaglais Phádraig.
Patrickswell CourtCúirt Thobar Phádraig
Patrickswell PlacePlás Thobar Phádraig
Paul StreetSráid Phóil 
Pearse GroveGarrán an Phiarsaigh 
Pearse SquareCearnóg an Phiarsaigh 
Pearse StreetSráid an PhiarsaighAs Patrick Pearse, a rugadh anseo.
Pelletstown AvenueAscaill Bhaie PheiléidAs an mbaile fearainn.
Pembroke Cottages [dhá cheann]Iostáin Penfro 
Pembroke GardensGairdíní Penfro 
Pembroke Lane [dhá cheann]Lána Penfro 
Pembroke ParkPáirc Penfro 
Pembroke Place [dhá cheann]Plás Penfro 
Pembroke RoadBóthar PenfroAs George Herbert, “Earl of Pembroke” (teideal a ainmníodh as an mbaile mór sa Bhreatain Bheag). “Sráid Pheambróg” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Pembroke RowSraith Penfro 
Pembroke StreetSráid PenfroAs George Herbert, “Earl of Pembroke,” tiarna talún anseo.
Pembroke Street, LowerSráid Penfro Íochtarach 
Pembroke Street, UpperSráid Penfro Uachtarach 
Penrose StreetSráid Penrose 
Percy French RoadBóthar Percy FrenchAs William Percy French, scríbhneoir amhrán; i ngrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí. (Sloinne a mháthar seachas réamh­­ainm ba ea Percy; ainm stáitse aige ba ea “Percy French.”)
Percy LaneLána Percy 
Percy PlacePlás PercyAs muintir Percy, “Dukes of Northumberland.”
Peter PlacePlás Mhic PheadairAs an sloinne. “Peter Place” agus “Peter’s Place” atá ar dhá ainm­chlár éagsúla. Mí­thuiscint is cúis le “Plás Pheadair,” atá sa liosta oifigiúil.
Peterson’s CourtCúirt Peterson“Cúirt Mhic Pheadair” atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiuil.
Peter’s RowSraith PheadairAs Eaglais Pheadair. Is é “St Peter’s Row” an bhunfhoirm.
Peter StreetSráid PheadairAs Eaglais Pheadair anseo. Is é “St Peter’s Street” an bhunfhoirm.
Petrie RoadBóthar PetrieAs George Petrie, scoláire; i ngrúpa sráideanna sa cheantar darbh ainm Fairbrother’s Fields a ainmníodh den chuid is mó as scoláirí, staraithe, agus filí.
Phelan AvenueAscaill Uí Fhaoláin 
PhibsboroughBaile Phib 
Phibsborough AvenueAscaill Bhaile Phib 
Phibsborough PlacePlás Bhaile Phib 
Phibsborough RoadBóthar Bhaile Phib 
Philipsburg AvenueAscaill Bhaile PhilibAs ainm a bhí ar an gceantar seo sular cruthaíodh an t‑ainm Fairview san ochtú haois déag. Meancóg is ea “Ascaill Bhaile Phib” (.i. Phibsborough), atá ar na hainm­chláir agus anois sa liosta oifigiúil.
Philipsburg TerraceArdán Bhaile Philib 
Philomena TerraceArdán San FilimínI ngrúpa sráideanna sa Bhaile Gaelach darb ainm Stella Gardens a ainmníodh den chuid is mó as naoimh de chuid na hEaglaise Caitlicí. “Ardán San Filomena” atá ar an ainmchlár.
Phoenix Court [Ascaill an Chapaill Dhuibh]Cúirt an Fhéinics 
Phoenix Court [Baile na Lochlannach]Cúirt an FhéinicsI ngrúpa sráideanna nua i mBaile na Lochlannach darb ainm Palatine Square (a ainmníodh as cuid de Dhún Uí Choileáin) a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu.
Phoenix ManorMainéar an Fhéinics 
Phoenix Street, North [taobh thiar de Ché Árann]Sráid an Fhéinics ThuaidhAs an mbealach chun Pháirc an Fhéinics, is dócha, sular críochnaíodh na céanna, a deir Clerkin (Dublin Street Names, 2001).
Phoenix Street, West [i leataobh ó Bhóthar Sarsfield]Sráid an Fhéinics ThiarAs an Phoenix Park. Ón mbliain 1611 nó mar sin bhí mainéar ar Chnoc Thomáis, i gceann thoir-theas na páirce, agus ón mbliain 1618 ar a dhéanaí The Phoenix ab ainm dó (leagadh é sa bhliain 1734 chun Dún na hArmlainne a thógáil). Is é is dóichí gurbh é cruth an tí ar bharr an chnoic ba bhunús le hainm an tí, agus gur ainmníodh an pháirc as an teach. Deirtear go coitianta gur ainmníodh an pháirc (nó an teach) as fuarán nó sruth darbh ainm Fionnuisce,Finisk Stream, ach níl a leithéid ann; níos deireanaí tugadh “Finisk Stream” ar an Viceregal Stream chun stair oiriúnach a chruthú.
Pigeon House RoadBóthar Theach PigeonAs an teach darb ainm Pigeon House, a ainmníodh as John Pigeon. Mí-​aistriú amaideach, “Bóthar Theach na gColúr,” atá sa liosta oifigiúil​—​cé go luaitear teach John Pigeon (nó Pidgeon) ar shuíomh oifigiúil Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. “Teach Mhic Cholaim” atá ag Bus Átha Cliath.
Pig LaneLána na Muc“Lána na Muice” atá sa liosta oifigiúil.
PimlicoPimlicoAithris ar shráid i Londain (a ainmníodh as tábhairneoir de shliocht Iodálach).
Pimlico CottagesIostáin Pimlico 
Pim StreetSráid PimAs an sloinne.
Pinebrook AvenueAscaill Shruthán an Phéine 
Pinebrook CrescentCorrán Shruthán an Phéine 
Pinebrook DriveCéide Shruthán an Phéine 
Pinebrook GroveGarrán Shruthán an Phéine 
Pinebrook RiseArd Shruthán an Phéine 
Pinebrook RoadBóthar Shruthán an Phéine“Bóthar Shruthán na Giúise” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Pine HurstRosán an Phéine“Rosán na Giúise” atá sa liosta oifigiúil.
Pine RoadBóthar an PhéineAs long, an Irish Pine, a chuir fórsaí de chuid na Gearmáine go grinneall sa bhliain 1942; i ngrúpa sráideanna sa Rinn a ainmníodh as longa den tréimhse sin. “Bóthar na Giuise [sic]” atá ar ainm­chlár amháin, “Bóthar Pine” ar an ainm­chlár eile agus sa liosta oifigiúil.
the Pinesna Péiní“Na Giúiseanna” atá sa liosta oifigiúil.
Pinewood AvenueAscaill Choill na Péine“Ascaill Choill na Giúise” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Pinewood CrescentCorrán Choill na Péine 
Pinewood DriveCéide Choill na Péine 
Pinewood GreenFaiche Choill na Péine 
Pinewood GroveGarrán Choill na Péine 
Pinewood VillasBailtíní Choill na Péine“Bailtíní Choill na Giúise” atá sa liosta oifigiúil.
Pleasants LaneLána Pleasants 
Pleasants PlacePlás Pleasants 
Pleasants StreetSráid PleasantsAs Thomas Pleasants.
Plunkett AvenueAscaill an Phluincéadaigh“Ascaill Phluincéid” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Plunkett CrescentCorrán an Phluincéadaigh 
Plunkett DriveCéide an Phluincéadaigh 
Plunkett GreenFaiche an Phluincéadaigh 
Plunkett GroveGarrán an Phluincéadaigh 
Plunkett RoadBóthar an Phluincéadaigh 
Poddle ParkPáirc an PhoitéilAs an abhainn (atá faoi thalamh anois).
Polo Road [Páirc an Fhéinics]Bóthar an Phóló 
Poolbeg StreetSráid an Phoill Bhig 
Poole StreetSráid PooleAs an sloinne, is dócha.
Poplar RowSraith na Poibleoige 
Poppintree LaneLána Chrann Phapáin 
Poppintree Park LaneLána Pháirc Chrann Phapáin 
Poppintree Park Lane, WestLána Pháirc Chrann Phapáin Thiar 
Poppintree TerraceArdán Chrann Phapáin 
Portland CloseClós Portland“Clós Phortlainn” atá ar an ainmchlár.
Portland CourtCúirt Portland 
Portland PlacePlás Portland 
Portland RowSraith Portland 
Portland SquareCearnóg Portland
Portland Street, NorthSráid Portland Thuaidh 
Portland Street, WestSráid Portland ThiarAs William Bentinck, “Duke of Portland,” fear ionaid an rí.
Portmahon DriveCéide PortmahonAs Portmahon House anseo (a ainmníodh, is dócha, as an gcuan i Menorca a bhí i seilbh na Sasanach san ochtú haois déag).
Portobello HarbourCuan Porto Bello
Portobello PlacePlás Porto Bello 
Portobello RoadBóthar Porto BelloAs an bport i bPanamá a ndearna an tAimiréal Edward Vernon ionsaí air sa bhliain 1739. (Féach freisin Vernon Street.)
Power’s CourtCúirt an Phaoraigh 
Power’s SquareCearnóg an PhaoraighAs James Talbot Power.
Prebend StreetSráid na Preibinde
Preston StreetSráid PrestonAs muintir Preston, a raibh cónaí orthu sa cheantar seo. “Sráid Phreastúin” atá ar na hainm­chláir (sean agus nua); “Sráid an Phriostúnaigh” atá sa liosta oifigiúil.
Price’s LaneLána Price“Lána an Phrísigh” atá sa liosta oifigiúil.
Price’s PlacePlás Price“Plás an Phrísigh” atá sa liosta oifigiúil.
Priestfield CottagesIostáin Ghort an tSagairt 
Priestfield DriveCéide Ghort an tSagairt 
Primrose AvenueAscaill an tSabhaircín 
Primrose GroveGarrán an tSabhaircín 
Primrose StreetSráid an tSabhaircín 
Prince Arthur TerraceArdán an Phrionsa Artúr
Prince of Wales TerraceArdán Phrionsa na Breataine Bige“Ardán an Rídhamhna” atá ar na hainmchláir.
Prince’s Street, NorthSráid an Phrionsa Thuaidh
Prince’s Street, SouthSráid an Phrionsa Theas 
Priorswood RoadBóthar Choill an PhrióraAs an mbaile fearainn.
the Prioryan Phrióireacht 
Priory Eastan Phrióireacht Thoir 
Priory Northan Phrióireacht Thuaidh 
Priory RoadBóthar na Prióireachta 
Priory Westan Phrióireacht Thiar 
Proby’s LaneLána Proby
Promenade RoadBóthar an PhromanáidCeann de na sráideanna nua i gceantar na ndugaí a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu.
Prospect AvenueAscaill an Radhairc“Ascaill na Teamhrach” atá ar na hainm­chláir; “Ascaill na Radharc” srl. atá sa liosta oifigiúil. Cemetery Road ab ainm don bhóthar níos luaithe. (Is é Prospect Cemetery ainm oifigiúil Reilig Ghlas Naíon, as ainm an bhaile fearainn.)
Prospect LaneLána an Radhairc
Prospect RoadBóthar an Radhairc
Prospect SquareCearnóg an Radhairc
Prospect Terrace [Cill Mhaighneann]Ardán an Radhairc“Ardán na Radharc” atá ar an ainm­chlár.
Prospect Terrace [Dumhach Thrá]Ardán an Radhairc“Ardán na Radharc” atá ar an ainmchlár.
Prospect WayBealach an Radhairc
Protestant RowSraith na bProtastúnach 
Proud’s LaneLána an Phrútaigh
Provost RowSraith an PhropaistI ngrúpa sráideanna nua i mBaile na Lochlannach darb ainm Palatine Square (a ainmníodh as cuid de Dhún Uí Choileáin) a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu.
Prussia StreetSráid na PrúiseAs Frederick II Hohenzollern, Rí na Prúise. “Sráid Phrúise” atá ar na hainm­­chláir nua (ceann de na hainmneacha a mhol coiste de chuid Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile sa bhliain 1909).
Purser GardensGairdíní Purser 
Pyro VillasBailtíní PyroNíl a fhios agam cad is brí leis an ainm seo​—​as an monarcha tinte ealaíne a bhí sa cheantar seo tráth, b’fhéidir.
Quarry CottagesIostáin an Chairéil 
Quarry RoadBóthar an Chairéil“Bóthar an Choiréil” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Queen StreetSráid na BanríonaAs Catarina Bragança, bean Rí Charles II Shasana.
Quinn AvenueAscaill Uí ChuinnAs James Quinn; i ngrúpa sráideanna i gCill Mhaighneann​—​ar tugadh Ceannt Fort air roimhe sin​—​a ainmníodh as óglaigh a maraíodh anseo sa bhliain 1916. Foirm mhí­cheart, “O’Quinn Avenue,” atá sa liosta oifigiúil.
Quinn’s LaneLána Uí Chuinn
Rafter’s AvenueAscaill Uí Reachtúir 
Rafter’s LaneLána Uí Reachtúir 
Rafter’s RoadBóthar Uí Reachtúir 
Raglan LaneLána Rhaglan 
Raglan RoadBóthar RhaglanAs Fitzroy Somerset, “Baron Raglan” (teideal a ainmníodh as an sráid­bhaile sa Bhreatain Bheag), ginearál in arm Shasana a ghlac páirt i gCogadh na Crimé.
Raheen DriveCéide an Ráithín 
Raheen ParkPáirc an RáithínAs an mbaile fearainn.
Raheny ParkPáirc Ráth Eanaigh 
Raheny RoadBóthar Ráth Eanaigh 
Railway AvenueAscaill an Iarnróid 
Railway CottagesIostáin an Iarnróid“Iostáin an Iarróid [sic]” atá ar na hainm­chláir nua.
Railway CourtCúirt an Iarnróid
Railway MewsEachlann an Iarnróid
Railway RoadBóthar an Iarnróid
Railway StreetSráid an Iarnróid 
Railway TerraceArdán an Iarnróid 
Rainsford AvenueAscaill Rainsford“Ascaill Rainsfort” atá ar an ainmchlár.
Rainsford StreetSráid RainsfordAs Mark Rainsford, bunaitheoir na grúdlainne i Sráid San Séamas a cheannaigh Arthur Guinness ní ba dhéanaí. “Sráid Rainsfort” atá ar na hainm­chláir oifigiúla; “Sráid Marcus Rainsford” atá ar an ainm­chlár nua a chuir comhlacht príobháideach suas.
Raleigh SquareCearnóg RaleighThóg W. D. and H. O. Wills Ltd, déantóirí toitíní ar an gCuar­bhóthar Theas, na tithe seo dá bhfostaithe. As Walter Ralegh (a litriú féin), gan dabht, a scaip faisean an tobac i Sasana, a ainmníodh an chearnóg. (Bhí Raleigh Road cheana ar bhóthar i mBriostó mar a raibh monarcha toitíní ag an gcomhlacht céanna.) Is mar “Rawley” a fhuaimnítear an sloinne seo.
Ramillies RoadBóthar RamilliesAs Cath Ramillies (1706) i mBrabant; i ngrúpa sráideanna i mBaile Formaid a ainmníodh as eachtraí agus baill de chuid Bhriogáid na nÉireannach in arm na Fraince.
Ramleh CloseClós Ramlah 
Ramleh ParkPáirc RamlahAs an mbaile mór sa Phalaistín (al-Ramlah), is dócha.
Rampart LaneLána an Rampair 
RanelaghRaghnallachSeanainm na críche seo; truailliú den ainm Gaeilge is ea an t‑ainm Béarla. (Is mar “Rennala” a fhuaimnítear an t‑ainm Béarla.)
Ranelagh AvenueAscaill Raghnallach 
Ranelagh RoadBóthar Raghnallach 
Raphoe RoadBóthar Ráth BhothI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Rathborne AvenueAscaill RathborneAs muintir Rathborne, déantóirí coinnle, a raibh oibreacha acu sa cheantar ón mbliain 1764 go dtí 1925.
Rathborne CourtCúirt Rathborne
Rathborne DriveCéide Rathborne
Rathborne PlacePlás Rathborne
Rathborne WayBealach Rathborne
Rathdown AvenueAscaill Ráth an Dúin 
Rathdown CourtCúirt Ráth an Dúin 
Rathdown CrescentCorrán Ráth an Dúin 
Rathdown DriveCéide Ráth an Dúin 
Rathdown ParkPáirc Ráth an Dúin 
Rathdown RoadBóthar Ráth an DúinAs muintir Monck, “Earls of Rathdown,” úinéirí talún anseo. “Bóthar Ráth Oinn” (as sean­ainm ar an gceantar seo) atá ar na sean-​ainmchláir; “Bóthar Oinn” (!) atá ar na hainm­chláir nua.
Rathdown SquareCearnóg Ráth an Dúin 
Rathdown VillasBailtíní Ráth an Dúin
Rathdrum RoadBóthar Ráth Droma 
Rathfarnham RoadBóthar Ráth Fearnáin 
Rathgar AvenueAscaill Ráth Garbh 
Rathgar ParkPáirc Ráth Garbh 
Rathgar PlacePlás Ráth Garbh
Rathgar RoadBóthar Ráth Garbh 
Rathgar VillasBailtíní Ráth Garbh
Rathlin RoadBóthar ReachlainnI ngrúpa sráideanna a ainmníodh as oileáin.
Rathmines AvenueAscaill Ráth Maonais 
Rathmines CloseClós Ráth Maonais 
Rathmines ParkPáirc Ráth Maonais 
Rathmines Road, LowerBóthar Ráth Maonais Íochtarach 
Rathmines Road, UpperBóthar Ráth Maonais Uachtarach 
Rathmore ParkPáirc na Rátha Móire 
Rathmore VillasBailtíní na Rátha Móire
Rathvale AvenueAscaill Ghleanntán an Rátha“Ascaill Ghleann na Rátha” atá sa liosta oifigiúil.
Rathvale DriveCéide Ghleanntán an RáthaAistriú droim ar ais, “Céide Ráth an Ghleanna,” atá sa liosta oifigiúil.
Rathvale GroveGarrán Ghleanntán an RáthaAistriú droim ar ais, “Garrán Ráth an Ghleanna,” atá sa liosta oifigiúil.
Rathvale ParkPáirc Ghleanntán an RáthaAistriú droim ar ais, “Páirc Ráth an Ghleanna,” atá sa liosta oifigiúil.
Rathvilly DriveCéide Ráth Bhile 
Rathvilly ParkPáirc Ráth Bhile 
Rathvilly RoadBóthar Ráth Bhile 
Ratoath AvenueAscaill Ráth Tó 
Ratoath DriveCéide Ráth Tó 
Ratoath EstateEastát Ráth Tó 
Ratoath RoadBóthar Ráth TóAs an mbaile i gCo. na Mí. “Bóthar Ráth Tábhachta” (leagan den ainm atá san Onomasticon Goedelicum) atá ar na hainmchláir.
Ratra ParkPáirc Ráth an tSratha 
Ratra RoadBóthar Ráth an tSrathaAs an mbaile fearainn i gCo. Ros Comáin, in onóir an Dr Dubhghlas de hÍde, a raibh cónaí air ansin. (Tá an tsráid seo i gcóngar Lóiste an Rúnaí Phríobháidigh, ar chaith de hÍde deireadh a shaoil ann agus ar thug sé “Little Ratra” air.)
Ravensdale CloseClós Ghleann na bhFiach 
Ravensdale DriveCéide Ghleann na bhFiach 
Ravensdale ParkPáirc Ghleann na bhFiach
Ravensdale RoadBóthar Ghleann na bhFiachAs an mbaile i gCo. Lú, is dócha. “Bóthar an Bhranchumair” atá ar na hainmchláir.
Ravens’ CourtCúirt na bhFiach 
Raymond StreetSráid RaymondAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha. “Sráid Réamainn” atá sa liosta oifigiúil.
Rectory GreenFaiche Theach an Reachtaire
Red Cow LaneLána na DeirgeAs ainm tábhairne, is dócha. “Lána na Bó Deirge” atá sa liosta oifigiúil.
Redmond’s CourtCúirt an Réamannaigh“Cúirt Mhic Réamainn” atá sa liosta oifigiúil.
Redmond’s HillCnoc an Réamannaigh“Cnoc Réamainn” atá sa liosta oifigiúil.
Regal ParkPáirc Ionadaí an RíAr an ainm­chlár; is léir go raibh “Viceregal Park” ar intinn ag lucht a hainmnithe. (Tá an tsráid seo in aice Pháirc an Fhéinics, suíomh Lóiste Ionadaí an Rí.)
Reginald SquareCearnóg ReginaldAs Reginald Brabazon.
Reginald StreetSráid ReginaldAs Reginald Brabazon, “Earl of Meath”; ceann de na sráideanna sa cheantar seo a ainmníodh as muintir Brabazon, úinéirí talún anseo.
Rehoboth AvenueAscaill Rehoboth 
Rehoboth PlacePlás RehobothAs teach darbh ainm Rehoboth, a ainmníodh as áit a luaitear sa Bhíobla. (Tá an bhéim ar an dara siolla.) “Rachóbót” atá i leagan Gaeilge an Bhíobla; tá “Plás Rehobath” ar an ainm­chlár nua.
Reilly’s AvenueAscaill Uí Raghallaigh
Reuben AvenueAscaill Reuben 
Reuben StreetSráid Reuben 
RhodavilleRhodaville
Rialto CottagesIostáin Rialto 
Rialto DriveCéide Rialto 
Rialto ParkPáirc Rialto
Rialto StreetSráid RialtoDeirtear gur ainmníodh an ceantar seo as an droichead (Harcourt Bridge) trasna na Canála Móire anseo, agus go ndeirtí faoi go bhfuil sé cosúil leis an Rialto i Venezia—cé nach bhfuil. Ach i ndáiríre ba é Sarah Bridge ar an Life (Island Bridge anois) a ndeirtí sin faoi, cé nach léir cén chaoi ar tugadh an t‑ainm sin ar an gceantar seo.
Ríbh AvenueAscaill Loch Rí 
Ríbh RoadBóthar Loch RíAs Loch Rí ar an tSionainn; sean­fhoirm ba ea “Loch Ríbh.”
Richelieu ParkPáirc RichelieuAs an gCairdinéal Armand du Plessis de Richelieu, is dócha.
Richmond AvenueAscaill Richmond 
Richmond Avenue, SouthAscaill Richmond Theas 
Richmond CottagesIostáin Richmond 
Richmond Cottages, NorthIostáin Richmond Thuaidh 
Richmond CrescentCorrán Richmond 
Richmond EstateEastát Richmond 
Richmond HillCnoc RichmondAs an gceantar gar do Londain, b’fhéidir. “Cnoc Risteamain” atá ar an ainmchlár.
Richmond LaneLána Richmond 
Richmond MewsEachlann Richmond 
Richmond ParadeParáid Richmond 
Richmond PlacePlás Richmond 
Richmond Place, SouthPlás Richmond Theas 
Richmond RoadBóthar Richmond 
Richmond RowSraith Richmond 
Richmond Street, NorthSráid Richmond Thuaidh 
Richmond Street, SouthSráid Richmond TheasAs Charles Lennox, “Duke of Richmond,” fear ionaid an rí. (Ainmníodh Lennox Street as an duine céanna.)
Richview ParkPáirc RichviewAs an teach darb ainm Richview House (i dtailte na hOll­scoile Náisiúnta anois).
Ringsend ParkPáirc na Rinne 
Ringsend RoadBóthar na Rinne 
Ring StreetSráid Uí Rinn 
Ring TerraceArdán Uí RinnAs an Athair William Ring. “Ardán Ó Rinn” atá ar na hainmchláir.
Rinn na MaraRinn na Mara
the Risean tArd 
River GardensGairdíní na hAbhann 
River RoadBóthar na hAbhann 
Riversdale AvenueAscaill Ghleanntán na hAbhann 
Riversdale GroveGarrán Ghleanntán na hAbhann 
Riverside AvenueAscaill Cois Abhann 
Riverside CrescentCorrán Cois Abhann 
Riverside DriveCéide Cois Abhann
Riverside GroveGarrán Cois Abhann 
Riverside ParkPáirc Cois Abhann 
Riverside RoadBóthar Cois Abhann 
Riverview CourtCúirt Radharc na hAbhann
Robert PlacePlás RobertAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha. “Plás an Riobardaigh” atá sa liosta oifigiúil.
Roberts Street (South) [láimh le Lána Mhuire]Sráid an Riobardaigh (Theas)As an sloinne. Tá foirm mhí­cheart, “Robert Street,” sa liosta oifigiúil.
Robert Street [Droim Conrach]Sráid RobertAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha. “Sráid Riobard” atá ar na hainm­chláir; “Sráid an Riobardaigh” atá sa liosta oifigiúil.
Rock LaneLána na Carraige
Rogers’ LaneLána RogersAs Andrew Rogers. “Lána Mhic Ruaidhrí” (mar aon leis an mí­litriú “Roger’s Lane”) atá ar an ainm­chlár; tá an mí­litriú céanna sa liosta oifigiúil.
Roosevelt CottagesIostáin RooseveltIs dócha gur ainmníodh an tsraith tithe seo as Theodore Roosevelt, uachtarán na Stát Aontaithe ó 1901 go dtí 1909. “Iostáin Rúsabheilt” atá ar an ainm­chlár (cé gur mar “Rozavelt” a fhuaimnítear an sloinne seo).
Ropewalk PlacePlás na RópadóireachtaPáirc ina ndéantaí rópaí ba ea ropewalk; meancóg is ea “Plás na Rópaí,” atá sa liosta oifigiúil.
Rosary RoadBóthar na Corónach MuireI ngrúpa sráideanna sa Charnán a ainmníodh i “mBlia­in Mhuire” (1954).
Rosary TerraceArdán na Corónach MuireI ngrúpa sráideanna sa Bhaile Gaelach darb ainm Stella Gardens a ainmníodh den chuid is mó as naoimh de chuid na hEaglaise Caitlicí.
Rosedale TerraceArdán Ghleanntán na Rósanna“Ardán Cúlnarós” atá ar an sean-ainmchlár, “Ardán Cúrnalós” (!) ar an ainmchlár nua.
Roseglen AvenueAscaill Ghleann na Rósanna 
Roseglen RoadBóthar Ghleann na Rósanna“Bóthar Ghleann na Rós [sic]” atá sa liosta oifigiúil.
Rosemount AvenueAscaill Chnocán na Rósanna“Ascaill Chnocán na Rós [sic]” atá sa liosta oifigiúil.
Rosemount RoadBóthar Chnocán na Rósanna“Bóthar Árd na Rós [sic]” agus “Bóthar Ard na Rós” atá ar na hainmchláir.
Rosemount TerraceArdán Chnocán na Rósanna
Rosevale CourtCúirt Ghleann na Rósanna
Rossmore AvenueAscaill an Rosa Mhóir 
Rossmore DriveCéide an Rosa Mhóir 
Rossmore RoadBóthar an Rosa Mhóir 
Ross RoadBóthar an Rosaigh“Bóthar an Rosa” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Ross StreetSráid an RosaighAs ceann éigin de na bailte den ainm seo, is dócha. “Sráid Ros” atá ar an ainm­chlár; “Sráid an Rosa” atá sa liosta oifigiúil.
Rostrevor RoadBóthar Ros Treabhair 
Rostrevor Terrace [dhá cheann]Ardán Ros Treabhair 
Rothe AbbeyMainistir Rothe 
Rowserstown LaneLána Bhaile RowserSráidbhaile ba ea Rowserstown (sloinne is ea Rowser), agus sin an t‑ainm a bhí ar an lána seo go dtí gur cuireadh Lane leis le déanaí. “Lána Bhaile Rabhsair” atá ar an ainm­chlár.
Royal Canal AvenueAscaill na Canála Ríoga 
Royal Canal Bank [dhá cheann]Bruach na Canála Ríoga 
Royal Canal CourtCúirt na Canála Ríoga 
Royal Canal TerraceArdán na Canála Ríoga 
Royse RoadBóthar RoyseAs muintir Royse, úinéirí talún anseo. “Bóthar Rís” atá ar na hainmchláir.
RoystonRoyston 
Royston VillageSráidbhaile Royston 
Rugby RoadBóthar Rugby 
Rugby VillasBailtíní Rugby
Russell AvenueAscaill an RuiséalaighAs John Russell, an tógálaí.
Russell Avenue, EastAscaill an Ruiséalaigh ThoirAs Thomas Russell, is cosúil, ceannaire de chuid na nÉireannach Aontaithe.
Russell StreetSráid an Ruiséalaigh 
Rutland AvenueAscaill RutlandAs teach darbh ainm Rutland House.
Rutland CottagesIostáin Rutland 
Rutland GroveGarrán Rutland 
Rutland PlacePlás Rutland 
Rutland Place, NorthPlás Rutland Thuaidh 
Rutland Place, WestPlás Rutland Thiar 
Rutland Street (Lower)Sráid Rutland (Íochtarach)As Charles Manners, “Duke of Rutland.”
Rutledge’s TerraceArdán Rutledge 
Ryan’s CottagesIostáin Uí Riain 
Ryder’s RowSraith Ryder“Rae Uí Mharcaigh” atá sa liosta oifigiúil.
Sackville AvenueAscaill SackvilleAs Sackville Ussher Lee, eaglaiseach Sasanach, a raibh maoin anseo aige, de réir Dowling agus O’Reilly, Mud Island: A History of Ballybough (2002)
Sackville GardensGairdíní Sackville 
Sackville PlacePlás SackvilleAs Lionel Cranfield Sackville. (Ainmníodh Dorset Street as an duine céanna.) “Plás Saicbhil” atá ar na hainmchláir.
Saddler’s CourtCúirt SaddlerAs an sloinne, is dócha. “Cúirt an Diallatóra” (mar aon leis an mí­litriú “Saddlers Court”) atá sa liosta oifigiúil.
St Agatha’s CourtCúirt San Agata
St Agnes’ ParkPáirc San Aignéas 
St Agnes’ RoadBóthar San Aignéas 
St Agnes’ TerraceArdán San Aignéas 
St Aidan’s ParkPáirc Aodháin 
St Aidan’s Park AvenueAscaill Pháirc Aodháin 
St Aidan’s Park RoadBóthar Pháirc Aodháin 
St Alban’s ParkPáirc San Albán 
St Alban’s RoadBóthar San Albán 
St Alphonsus’ AvenueAscaill San Alfonsas 
St Alphonsus’ RoadBóthar San AlfonsasAs Mainistir San Alfonsas anseo.
St Andrew’s LaneLána San AindriasTá “St Andrew Lane” ar na hainmchláir.
St Andrew’s StreetSráid San AindriasAs Eaglais agus Paróiste San Aindrias. I rith na mblianta chuaigh úsáid an teidil “Saint” in ainmneacha áirithe i léig; sa bhliain 1921 ghlac an chomhairle cathrach le rún go n‑úsáidfí i gcónaí é san ainm seo.
St Anne’s [Cnocán Doirinne]San AnnaAs teach darbh ainm St Anne’s.
St Anne’s [Camaigh]San Anna
St Anne’s AvenueAscaill San Anna
St Anne’s CourtCúirt San Anna
St Anne’s DriveCéide San Anna 
St Anne’s Road [Droim Conrach]Bóthar San AnnaTá “Bóthar Anna” agus “Bóthar Áine Naomhtha” ar dhá ainm­chlár éagsúla os comhair a chéile.
St Anne’s Road, SouthBóthar San Anna Theas 
St Anne’s Terrace [dhá cheann] Ardán San Anna 
St Anthony’s RoadBóthar San Antaine 
St Assam’s AvenueAscaill San Asam 
St Assam’s DriveCéide San Asam 
St Assam’s ParkPáirc San Asam 
St Assam’s Road, EastBóthar San Asam Thoir 
St Assam’s Road, WestBóthar San Asam Thiar 
St Attracta RoadBóthar San Athracht“Bóthar Athracht” atá sa liosta oifigiúl.
St Audoën’s TerraceArdán San AudoënAs Eaglais agus Paróiste San Audoën (Saint‑Ouen sa Nua-​Fhraincis), a ainmníodh as ardeaspag Rouen sa seachtú haois. Tá an mí­litriú “Saint Audeon’s Terrace” sa liosta oifigiúil.
St Augustine StreetSráid San Agaistín 
St Barnabas’ GardensGairdíní San BarnabasSráid a thóg St Barnabas’ Public Utility Society (comhar­chumann tithíochta a ainmníodh as Paróiste San Barnabas), mar aon le roinnt sráideanna eile sa cheantar.
St Benedict’s GardensGairdíní San BeinidictTá “St Benedict’s Gardens” agus “Benedict’s Gardens” ar dhá ainm­chlár éagsúla os comhair a chéile, agus “Gairdíní Maoilbheannachta” ar an dá cheann (ceann de na hainmneacha a mhol coiste de chuid Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile sa bhliain 1909).
St Berach’s PlacePlás Bhearaigh
St Brendan’s AvenueAscaill Bhréanainn 
St Brendan’s CottagesIostáin Bhréanainn 
St Brendan’s DriveCéide Bhréanainn 
St Brendan’s ParkPáirc Bhréanainn 
St Brendan’s RoadBóthar Bhréanainn 
St Brendan’s TerraceArdán Bhréanainn 
St Bricin’s ParkPáirc Bhricín 
St Bridget’s AvenueAscaill Bhríde“Saint Brigid’s Avenue” atá sa liosta oifigiúil.
St Brigid’s CottagesIostáin Bhríde 
St Brigid’s CourtCúirt Bhríde
St Brigid’s CrescentCorrán Bhríde 
St Brigid’s DriveCéide Bhríde 
St Brigid’s GreenFaiche Bhríde 
St Brigid’s GroveGarrán Bhríde 
St Brigid’s LawnPlásóg Bhríde 
St Brigid’s RoadBóthar Bhríde 
St Brigid’s Road, LowerBóthar Bhríde Íochtarach 
St Brigid’s Road, UpperBóthar Bhríde Uachtarach 
St Broc’s CottagesIostáin Bhroc 
St Canice’s ParkPáirc Chainnigh 
St Canice’s RoadBóthar Chainnigh 
St Catherine’s AvenueAscaill San Caitríona 
St Catherine’s Lane (West) [Sráid San Tomás]Lána San Caitríona (Thiar) 
St Clare’s AvenueAscaill San Clár 
St Clare’s TerraceArdán San ClárI mBéarla amháin atá an t‑ainmchlár sean-chaite.
St Clement’s RoadBóthar San Cléimeans“Bóthar San Cleimint” atá sa liosta oifigiúil.
St Columba’s Road, LowerBóthar Cholm Cille ÍochtarachAs Paróiste Cholm Cille.
St Columba’s Road, UpperBóthar Cholm Cille Uachtarach 
St David’sSan Dáibhí 
St David’s ParkPáirc San Dáibhí 
St David’s Terrace [dhá cheann]Ardán San Dáibhí 
St David’s WoodCoill San Dáibhí 
St Declan’s RoadBóthar Dhéagláin 
St Declan’s TerraceArdán Dhéagláin 
St Donagh’s CrescentCorrán Dhonncha“Corrán Domhnaigh” (ainm nach bhfuil ann) atá sa liosta oifigiúil.
St Donagh’s ParkPáirc Dhonncha“Páirc Dhomhnaigh” atá sa liosta oifigiúil.
St Donagh’s RoadBóthar Dhonncha“Bóthar Dhomhnaigh” atá sa liosta oifigiúil.
St Eithne’s RoadBóthar Eithne 
St Enda’s RoadBóthar Éanna 
St Finbarr’s CourtCúirt Fhionnbhairr 
St Finbarr’s RoadBóthar FhionnbhairrFoirm mhí­cheart, “Bóthar Fhionnbharra” srl., atá sa liosta oifigiúil.
St Fintan RoadBóthar Fhiontain
St Fintan TerraceArdán Fhiontain 
St Francis’ SquareCearnóg San Proinsias 
St Gabriel’s CourtCúirt Ghaibriéil
St Gabriel’s RoadBóthar Ghaibriéil“Bóthar Naomh Gaibréal” srl. atá sa liosta oifigiúil.
St George’s AvenueAscaill San Seoirse 
St George’s VillasBailtíní San Seoirse
St Helena’s DriveCéide San Eiléana 
St Helena’s RoadBóthar San EiléanaAs teach darbh ainm St Helena.
St Helen’s TerraceArdán San Eiléana
St Ignatius’ AvenueAscaill San Iognáid 
St Ignatius’ RoadBóthar San Iognáid“Bóthar San Lognáid” atá ar na hainm­chláir nua.
St Ita’s RoadBóthar Íde 
St James’s Avenue [dhá cheann]Ascaill San Séamas 
St James’s Place [dhá cheann]Plás San Séamas 
St James’s Terrace [dhá cheann]Ardán San Séamas 
St James’s WalkCosán San Séamas 
St Jarlath RoadBóthar Iarlatha 
St John’sSan Eoin“Arasáin [sic] Eoin” atá sa liosta oifigiúil.
St John’s AvenueAscaill Eoin 
St John’s CottagesIostáin EoinI mBéarla amháin atá an t‑ainmchlár sean-chaite.
St John’s CourtCúirt Eoin 
St John’s RoadBóthar EoinAs tailte anseo a bhronn an grabálaí Richard fitz Gilbert de Clare (“Strongbow”) ar Ridirí Spidiléirí Eoin Iarúsailéime.
St John’s TerraceArdán Eoin 
St John’s WoodCoill Eoin 
St Joseph’s Avenue [dhá cheann]Ascaill Iósaf 
St Joseph’s CottagesIostáin Iósaf
St Joseph’s CourtCúirt Iósaf 
St Joseph’s ParadeParáid Iósaf 
St Joseph’s Place [dhá cheann]Plás Iósaf 
St Joseph’s RoadBóthar Iósaf“Bóthar San Seosaph” atá ar na hainm­chláir. “Bóthar Iósaif” srl. atá sa liosta oifigiúil.
St Joseph’s SquareCearnóg Iósaf 
St Joseph’s StreetSráid Iósaf“Sráid San Seosaph” atá ar na hainm­chláir. “Saint Joseph Street” atá sa liosta oifigiúil.
St Joseph’s Terrace [trí cinn]Ardán Iósaf 
St Joseph’s VillasBailtíní Iósaf“Bailtíní Iósaif” atá sa liosta oifigiúil.
St Joseph’s WayBealach Iósaf
St Kevin’s AvenueAscaill Chaoimhín 
St Kevin’s CottagesIostáin Chaoimhín 
St Kevin’s CourtCúirt Chaoimhín
St Kevin’s GardensGairdíní Chaoimhín 
St Kevin’s ParadeParáid Chaoimhín 
St Kevin’s ParkPáirc Chaoimhín 
St Kevin’s RoadBóthar Chaoimhín 
St Kevin’s TerraceArdán Chaoimhín 
St Laurence BrookSruthán San Labhrás“Laurence Brook” atá sa liosta oifigiúil.
St Laurence GroveGarrán San Labhrás 
St Laurence Place [Baile Phib]Plás San Lorcán“Plás San Labhrás” atá sa liosta oifigiúil.
St Laurence Place, East [an Port Thiar]Plás San Lorcán ThoirAs Eaglais agus Paróiste San Lorcán Ó Tuathail, a ainmníodh as Ard­easpag Bhaile Átha Cliath sa dóú haois déag. Meancóg is ea “Plás San Labhrás Thoir,” atá sa liosta oifigiúil.
St Laurence Road [Séipéal Iosóid]Bóthar San LabhrásAs máirtíreach Luath-​Chríostaí a cuireadh chun báis sa Róimh sa tríú haois.
St Laurence TerraceArdán San Labhrás
St Lawrence Road [Cluain Tarbh]Bóthar St LawrenceAs an sloinne (muintir St Lawrence, tiarnaí talún sa cheantar seo). Meancóg is ea “Bóthar San Labhrás,” atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil.
St Magdalen TerraceArdán Mháire MhaigdiléanaI ngrúpa sráideanna sa Bhaile Gaelach darb ainm Stella Gardens a ainmníodh den chuid is mó as naoimh de chuid na hEaglaise Caitlicí. Ainm mí­cheart is ea “St Magdalen,” mar aon le “Naomh Maigdiléana,” mar atá sa liosta oifigiúil: aidiacht is ea Magdalene, a chiallaíonn duine as Magdala (áit sa Phalaistín); is é “Mary (the) Magdalene” an t‑ainm ceart Béarla.
St Maighneann’s TerraceArdán Mhaighneann“St Maignenns Tce” (i mBéarla amháin) atá ar an ainmchlár sean-chaite.
St Malachy’s RoadBóthar Maolmhaodhóg“Saint Malachy Road” atá sa liosta oifigiúil.
St Margaret’s Avenue [dhá cheann]Ascaill San Maighréad 
St Margaret’s Avenue, NorthAscaill San Maighréad Thuaidh 
St Margaret’s CourtCúirt San Maighréad Thuaidh 
St Margaret’s RoadBóthar Theampall MhaighréideAs an mbaile fearainn.
St Margaret’s TerraceArdán San Maighréad
St Martin’s DriveCéide San Mártan 
St Martin’s ParkPáirc San Mártan 
St Mary’s Avenue [dhá cheann]Ascaill Mhuire 
St Mary’s CrescentCorrán Mhuire 
St Mary’s DriveCéide Mhuire 
St Mary’s LaneLána Mhuire 
St Mary’s ParkPáirc Mhuire (Thuaidh) 
St Mary’s Place (North)Plás Mhuire (Thuaidh) 
St Mary’s Road [trí cinn]Bóthar Mhuire 
St Mary’s Terrace [ceithre cinn]Ardán Mhuire 
St Michael’s CloseSráid Ghiolla MocholmógLeagan den ainm is sine ar an tsráid seo, Gilleholmoc Street, as an sloinne Mac Giolla Mocholmóg. “Clós Mhichíl” atá sa liosta oifigiúil.
St Michael’s CottagesIostáin Mhichíl 
St Michael’s HillCnoc Mhichíl
St Michael’s PlacePlás Mhichíl 
St Michael’s RoadBóthar Mhichíl 
St Michael’s TerraceArdán Mhichíl 
St Michan’s PlacePlás MhichinAs an eaglais agus an paróiste. Eaglais Ghael-​Lochlannach a bhí ann san aonú haois déag; dar le foinse amháin is truailliú Lochlainnise de Mocheanóg é an t‑ainm seo.
St Michan’s StreetSráid Mhichin
St Mobhí AvenueAscaill Mobhí
St Mobhí BóithrínBóithrín Mobhí 
St Mobhí DriveCéide Mobhí 
St Mobhí GroveGarrán Mobhí 
St Mobhí RoadBóthar MobhíDéantar foirmeacha mí­chearta ar nós “Móbhí” nó “Móibhí” uaireanta den ainm seo. Sampla is ea é d’ainmneacha ceana ón Ré Luath-​Chríostaí ar comh­fhocail iad den aidiacht shealbhach “mo” agus foirm ghearr den bhun­ainm. Bíonn an bhéim ar an dara siolla, agus ní shéimhítear iad: féach Mochuda (Cill Mochuda), Mocholmóg (Sráid Ghiolla Mocholmóg), Molúra (Gleann Molúra).
St Mura’s TerraceArdán Mhura
St Nicholas’ PlacePlás San NioclásAs Eaglais San Nioclás anseo. “Plás Nioclás” atá ar na hainmchláir.
St Pappin’s GreenFaiche Phapáin“Saint Pappin Green” atá sa liosta oifigiúil.
St Pappin’s RoadBóthar PhapáinAs naomh Éireannach den Ré Luath-​Chríostaí. “Saint Pappin Road” atá sa liosta oifigiúil.
St Patrick’s AvenueAscaill Phádraig 
St Patrick’s CloseClós Phádraig 
St Patrick’s ParadeParáid Phádraig 
St Patrick’s PlacePlás Phádraig 
St Patrick’s RoadBóthar Phádraig 
St Patrick’s Terrace [trí cinn]Ardán Phádraig 
St Patrick’s VillasBailtíní Phádraig
St Paul’s StreetSráid Phóil“Paul Street” atá ar an ainm­chlár agus sa liosta oifigiúil.
St Peter’s AvenueAscaill Pheadair 
St Peter’s CloseClós Pheadair
St Peter’s CourtCúirt Pheadair“Cúirt Naomh Peadar” atá ar na hainmchláir.
St Peter’s RoadBóthar Pheadair 
St Philomena’s RoadBóthar San Filimín 
St Stephen’s GreenFaiche StiofáinAs Eaglais agus Paróiste Stiofáin. I rith na mblianta chuaigh úsáid an teidil “Saint” in ainmneacha áirithe i léig; sa bhliain 1921 ghlac an chomhairle cathrach le rún go n-úsáidfí i gcónaí é san ainm seo. “Faiche Stiabhna”—foirm chanúint na Mumhan (is mar “Stiana” a fhuaimnítear é)—atá ar na hainmchláir agus anois sa liosta oifigiúil.
St Teresa’s GardensGairdíní San TreasaAs an bparóiste Caitliceach.
St Teresa’s PlacePlás San Treasa“Saint Teresa Place” atá sa liosta oifigiúil.
St Teresa’s Road [dhá cheann]Bóthar San Treasa“Saint Teresa Road” atá sa liosta oifigiúil.
St Thomas’s RoadBóthar San TomásAs Mainistir Thomáis
St Vincent’s CottagesIostáin San UinseannI mBéarla amháin atá an t‑ainmchlár sean-chaite.
St Vincent’s CourtCúirt San Uinseann 
St Vincent Street [Cuarbhóthar Theas]Sráid San UinseannAs an Aimiréal John Jervis, “Earl St Vincent,” b’fhéidir. (Féach freisin Curzon Street.) “Saint Vincent Street South,” agus “Sráid Naomh Uinseann Theas,” atá sa liosta oifigiúil.
St Vincent Street, West [Cill Mhaighneann]Sráid San Uinseann Thiar“Sráid Naomh Uinseann Thiar,” atá sa liosta oifigiúil.
St Vincent Street, NorthSráid San Uinseann Thuaidh 
Sallowood ViewRadharc Choill na Saileach
Sallymount AvenueAscaill Ard SaileachAs an mbaile fearainn.
Sallymount GardensGairdíní Ard Saileach 
Sallymount TerraceArdán Ard Saileach 
Sampson’s LaneLána Sampson 
Sandford Avenue [dhá cheann]Ascaill Sandford 
Sandford CloseClós Sandford 
Sandford Gardens [dhá cheann]Gairdíní Sandford 
Sandford ParkPáirc Sandford 
Sandford RoadBóthar SandfordAs sráidbhaile atá slogtha sa chathair anois, a ainmníodh as an sloinne. Is dócha gur ainmníodh na sráideanna i gceantar Ascaill Dhún Uabhair as an muintir chéanna. (Tá sráid darb ainm Mount Sandford i nDomhnach Broc freisin.)
Sandford TerraceArdán Sandford 
Sandwith Street, LowerSráid Sandwith ÍochtarachAs Joseph Sandwith, ceannaí, is dócha.
Sandwith Street, UpperSráid Sandwith Uachtarach
Sandyhill AvenueAscaill Chnoc an Ghainimh 
Sandyhill CourtCúirt Chnoc an Ghainimh 
Sandyhill GardensGairdíní Chnoc an Ghainimh 
Sandymount AvenueAscaill Dhumhach Thrá 
Sandymount Castle DriveCéide Chaisleán Dhumhach Thrá 
Sandymount Castle ParkPáirc Chaisleán Dhumhach Thrá 
Sandymount Castle RoadBóthar Chaisleán Dhumhach Thrá 
Sandymount CourtCúirt Dhumhach Thrá 
Sandymount GreenFaiche Dhumhach Thrá 
Sandymount RoadBóthar Dhumhach Thrá 
Santry AvenueAscaill Sheantraibh 
Santry CloseClós Sheantraibh
Santry CourtCúirt Sheantraibh 
Santry VillasBailtíní Sheantraibh
Santry WayBealach Sheantraibh
Sarah PlacePlás SarahAs Sarah Fane, “Countess Westmorland.”
Sarsfield QuayCé an tSáirséalaigh 
Sarsfield RoadBóthar an tSáirséalaighAs Patrick Sarsfield.
Sarsfield StreetSráid an tSáirséalaigh 
Saul RoadBóthar ShabhaillAs an sráid­bhaile i gCo. an Dúin; i ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Scarlett RowSraith Scarlett 
School AvenueAscaill na Scoile 
Schoolhouse LaneLána Theach na Scoile 
Schoolhouse Lane, EastLána Theach na Scoile Thoir 
School StreetSráid na ScoileAs an scoil anseo a bhunaigh Cumann na gCarad ag deireadh an naoú haois déag.
Scribblestown AvenueAscaill Bhaile Scriobail
Scribblestown CloseClós Bhaile Scriobail
Scribblestown GroveGarrán Bhaile Scriobail
Scribblestown LaneLána Bhaile Scriobail
Scribblestown ParkPáirc Bhaile Scriobail
Scribblestown PlacePlás Bhaile Scriobail
Scribblestown RoadBóthar Bhaile ScriobailAs an mbaile fearainn.
SeaburySeabury 
SeacourtCúirt na Mara 
Seafield AvenueAscaill Ghort na Mara 
Seafield DownsMulláin Ghort na Mara 
Seafield GroveGarrán Ghort na Mara 
Seafield RoadBóthar Ghort na MaraAs teach darbh ainm Seafield.
Seafort AvenueAscaill Dhún na Mara“Ascal Muirdúna” atá ar ainm­chlár amháin, “Ascaill Muirdhún” ar an gceann eile.
Seafort CrescentCorrán Dhún na Mara“Corrán Muirdhún” atá ar an ainmchlár.
Seafort GardensGairdíní Dhún na Mara“Gairdíní Muirdúna” atá ar an ainmchlár.
Seafort TerraceArdán Dhún na Mara“Ardán Muirdhún” atá ar an ainmchlár.
Seafort VillasBailtíní Dhún na Mara“Bailtín Muirdhún” atá ar an ainmchlár.
Séamus Ennis RoadBóthar Shéamuis EnnisAs an gceoltóir. “Bóthar Shéamais Mhic Aonghasa” atá sa liosta oifigiúil.
Seán MacDermott [sic] Street, LowerSráid Sheáin Mhic Dhiarmada Íochtarach 
Seán MacDermott [sic] Street, UpperSráid Sheáin Mhic Dhiarmada Uachtarach 
Seán Moore RoadBóthar Sheáin MooreAs polaiteoir de chuid Fhianna Fáil, a rugadh sa Rinn.
Seán O’Casey AvenueAscaill Sheáin O’CaseyUpper Rutland Street ab ainm don tsráid seo níos luaithe (ath­ainmníodh í sa bhliain 1986). “Ascaill Sheáin Uí Chathasaigh” atá sa liosta oifigiúil.
Seapark DriveCéide Pháirc na Mara 
Seapark RoadBóthar Pháirc na MaraAs teach darbh ainm Sea Park agus roimhe sin Dollymount.
Seapoint TerraceArdán Rinn na Mara 
Seaview AvenueAscaill Radharc na Mara 
Seaview TerraceArdán Radharc na Mara  
Second AvenueAscaill a Dó 
Selskar TerraceArdán SelskarAs teach darbh ainm Selskar House, a ainmníodh as an bparóiste i Loch Garman. Log­ainm Lochlainnise is ea Selskar, a chiallaíonn “Cnoc an Róin” nó “Cnoc na Rónta,” de réir dealraimh​—​cé go bhfuil “St Selskar’s” déanta as sa cheantar! “Ardán Selscir” atá ar na hainm­chláir; “Ardán Sheilsceire” atá sa liosta oifigiúil.
Serpentine AvenueAscaill na Lúb
Serpentine MewsEachlann na Lúb 
Serpentine ParkPáirc na Lúb 
Serpentine RoadBóthar na Lúb 
Serpentine TerraceArdán na Lúb 
Setanta PlacePlás ShéadantaAinm mí­cheart, “Plás Shéanna,” atá sa liosta oifigiúil.
Seven Oaksna Seacht nDair 
Seville PlacePlás SevillaAs gabháil Sevilla (1812) i gCogadh na Leithinse, is dócha. (Cuirtear an bhéim ar an gcéad siolla san fhocal “Seville” in ainm Béarla na sráide seo.)
Seville TerraceArdán Sevilla 
Shamrock CottagesIostáin na Seamróige 
Shamrock PlacePlás na Seamróige 
Shamrock StreetSráid na Seamróige 
Shamrock TerraceArdán na Seamróige 
Shamrock VillasBailtíní na Seamróige
Shanard AvenueAscaill Sheanaird 
Shanard RoadBóthar Sheanaird 
Shanboley RoadBóthar na SeanbhuaileAs an mbaile fearainn i gCo. na Gaillimhe, is dócha.
Shandon CrescentCorrán an tSeandúin 
Shandon DriveCéide an tSeandúin 
Shandon GardensGairdíní an tSeandúin 
Shandon GreenFaiche an tSeandúin 
Shandon ParkPáirc an tSeandúin 
Shandon RoadBóthar an tSeandúin 
Shanganagh RoadBóthar Sheangánaí 
Shangan AvenueAscaill na Seangán 
Shangan CrescentCorrán na Seangán 
Shangan GardensGairdíní na Seangán 
Shangan GreenFaiche na Seangán 
Shangan ParkPáirc na Seangán 
Shangan RoadBóthar na Seangán 
Shanglas RoadBóthar na Seanghlaise 
Shanid RoadBóthar Sheanaid 
Shanliss AvenueAscaill an tSeanleasa 
Shanliss DriveCéide an tSeanleasa 
Shanliss GardensGairdíní an tSeanleasa 
Shanliss GroveGarrán an tSeanleasa 
Shanliss ParkPáirc an tSeanleasa 
Shanliss RoadBóthar an tSeanleasaAs an bparóiste (Shanlis) i gCo. Lú, is dócha.
Shanliss WalkCosán an tSeanleasa 
Shanliss WayBealach an tSeanleasa 
Shannon TerraceArdán na Sionainne“Ardán Sionna” atá ar an ainmchlár.
Shanowen AvenueAscaill na Seanabhann 
Shanowen CrescentCorrán na Seanabhann 
Shanowen DriveCéide na Seanabhann 
Shanowen GroveGarrán na Seanabhann 
Shanowen ParkPáirc na Seanabhann 
Shanowen RoadBóthar na SeanabhannSa liosta oifigiúil.
Shanrath RoadBóthar an tSeanrátha“Bóthar na Seanrátha” atá sa liosta oifigiúil.
Shantalla AvenueAscaill Sheantalaimh 
Shantalla DriveCéide Sheantalaimh 
Shantalla ParkPáirc Sheantalaimh 
Shantalla RoadBóthar Sheantalaimh 
Shanvarna RoadBóthar Sheanbhearna 
Shaw’s LaneLána ShawTá an mí­litriú “Shaws Lane” sa liosta oifigiúil.
Shaw StreetSráid ShawAs Robert Shaw.
Shea’s CourtCúirt Uí Shé
Shea’s LaneLána Uí Shé
Shelburne AvenueAscaill Shíol Bhroin 
Shelburne LaneLána Shíol Bhroin 
Shelburne RoadBóthar Shíol BhroinAs William Petty-Fitzmaurice, “Viscount Shelburne” (teideal a ainmníodh as an mbaile i gCo. Loch Garman). Is cosúil gurbh é Samuel Lewis, ina Topographical Dictionary of Ireland (1837), a d’úsáid an ­mí­litriú “Shelbourne” den chéad uair.
Shelly Banks RoadBóthar Phort na Sliogán
Shelmalier RoadBóthar Shíol MaoluírAs an mbaile i gCo. Loch Garman; i ngrúpa sráideanna i gceantar an Phoirt Thoir a ainmníodh as áiteanna i gCo. Loch Garman a raibh baint acu le hÉirí Amach 1798.
Shelmartin AvenueAscaill Shíol Mhártain“Ascaill Shliabh Mhártain” atá sa liosta oifigiúil.
Shelmartin TerraceArdán Shíol Mhártain“Ardán Shliabh Mhártain” atá sa liosta oifigiúil.
Sheriff Street, LowerSráid an tSirriam ÍochtarachI ngrúpa sráideanna a ainmníodh as baill shean-​Bhardas Bhaile Átha Cliath. (Féach Commons Street, Guild Street, agus Mayor Street.)
Sheriff Street, UpperSráid an tSirriam Uachtarach
Sherkin GardensGairdíní Inis ArcáinI ngrúpa sráideanna a ainmníodh as oileáin.
Sherrard AvenueAscaill Sherrard 
Sherrard CourtCúirt Sherrard 
Sherrard Street, LowerSráid Sherrard ÍochtarachAs Thomas Sherrard, suirbhéir agus rúnaí Choimisinéirí na Sráideanna Leathana.
Sherrard Street, UpperSráid Sherrard Uachtarach
Ship Street, GreatSráid Mhór na gCaorachAistriú stairiúil is ea “Sráid na gCaorach”: tá tagairt don ainm in Annála na gCeithre Máistrí (1632–36). Truailliú den ainm Sheep Street is ea an t‑ainm Béarla.
Ship Street, LittleSráid Bheag na gCaorach 
ShrewsburyShrewsbury 
Shrewsbury ParkPáirc Shrewsbury 
Shrewsbury RoadBóthar ShrewsburyIs é “Shrows–” fuaimniú ainm an bhaile mhóir i Sasana, ach “Shrews–” a deirtear i mBaile Átha Cliath.
Sibthorpe LaneLána SibthorpeBhí cónaí ar mhuintir Sibthorpe, daoine mór gnó, sa cheantar seo sa naoú haois déag agus san fhichiú haois.
Sibyl Hill AvenueAscaill Chnoc Sibéal 
Sibyl Hill RoadBóthar Chnoc SibéalAs an mbaile fearainn (Sibylhill) nó as an teach darbh ainm Sibyl Hill House. Tá an mí­litriú “Sybil” sa liosta oifigiúil.
Sigurd RoadBóthar ShigurdAs Sigurðr Hlöðvisson nó Sigurðr Digri (Sigurd Téagartha), a maraíodh i gCath Chluain Tarbh (1014); i ngrúpa sráideanna i mBaile na Lochlannach a ainmníodh as taoisigh Lochlannacha agus Gael-​Lochlannacha. “Bóthar Shiochraidh” atá sa liosta oifigiúil.
Silloge AvenueAscaill Shaileoige 
Silloge CloseClós Shaileoige 
Silloge GardensGairdíní Shaileoige 
Silloge GreenFaiche Shaileoige 
Silloge ParkPáirc Shaileoige 
Silloge PlacePlás Shaileoige 
Silloge RoadBóthar ShaileoigeAs an mbaile fearainn.
Silloge WayBealach Shaileoige
Simmons CourtCúirt Shíomóin
Simmons Court, WestCúirt Shíomóin Thiar 
Simmonscourt AvenueAscaill Chúirt Shíomóin 
Simmonscourt RoadBóthar Chúirt ShíomóinAs an mbaile fearainn.
Simmonscourt SquareCearnóg Chúirt Shíomóin 
Simmonscourt TerraceArdán Chúirt Shíomóin 
Simmonscourt ViewRadharc Chúirt Shíomóin 
Simmons PlacePlás an tSíomónaigh“Plás Shíomoinn [sic]” atá ar an ainm­chlár; “Plás Mhic Shíomóin” (mar aon leis an mí­litriú “Simmon’s Place”) atá sa liosta oifigiúil.
Simpson’s LaneLána SimpsonAs George Simpson. “Lána Mhic Shim” (sloinne nach bhfuil ann) atá sa liosta oifigiúil.
Sion Hill AvenueAscaill Chnoc Sión 
Sion Hill RoadBóthar Shliabh SióinFoirm thraidisiúnta an ainm seo i nGaeilge. “Bóthar Chnoc Shióin” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Sir John Rogerson’s QuayCé Sir John Rogerson 
Sitric PlacePlás Shitric 
Sitric RoadBóthar ShitricAs Sigtryggr Óláfsson nó Sigtryggr Silkiskeggi (Sitric na Féasóige Síoda); i ngrúpa sráideanna i mBaile na Lochlannach a ainmníodh as taoisigh Lochlannacha agus Gael-​Lochlannacha.
Skelly’s LaneLána Mhic Scalaí“Lána Uí Scalaí” (sloinne nach bhfuil ann) atá sa liosta oifigiúil.
Skreen RoadBóthar na ScríneAs an sráid­bhaile agus an séad­chomhartha i gCo. na Mí; i ngrúpa sráideanna sa Chabrach a ainmníodh as láithreacha mainistreach den Ré Luath-​Chríostaí nó áiteanna a gcreideadh tráth go raibh baint acu le Pádraig Naofa.
Slademore AvenueAscaill an tSláid MhóirAs an mbaile fearainn.
Slademore CloseClós an tSláid Mhóir 
Slademore CourtCúirt an tSláid Mhóir 
Slademore DriveCéide an tSláid Mhóir 
Slade RowSraith an tSláidAs an sloinne, b’fhéidir, nó as slád (gleann); i ngrúpa sráideanna nua i mBaile na Lochlannach darb ainm Palatine Square (a ainmníodh as cuid de Dhún Uí Choileáin) a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu.
Slane RoadBóthar Bhaile ShláineI ngrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí agus suíomhanna eaglasta.
Slaney CloseClós na Sláine 
Slemish RoadBóthar Shliabh MisAs an sliabh i gCo. Aontroma; i ngrúpa sráideanna sa Chabrach a ainmníodh as láithreacha mainistreach den Ré Luath-​Chríostaí nó áiteanna a gcreideadh tráth go raibh baint acu le Pádraig Naofa.
Slievebloom ParkPáirc Shliabh Bladhma 
Slievebloom RoadBóthar Shliabh Bladhma 
Slievemore RoadBóthar an tSléibhe MhóirI ngrúpa sráideanna i nDroimeanach a ainmníodh as sliabhraonta.
Slievenamon RoadBóthar Shliabh na mBanI ngrúpa sráideanna i nDroimeanach a ainmníodh as sliabhraonta.
SmithfieldMargadh na FeirmeAithris ar ainm an mhargaidh i Londain is ea an t‑ainm Béarla (truailliú de Smēþe Feld, .i. smooth field).
Smithfield TerraceArdán Mhargadh na Feirme
Smith’s CottagesIostáin Mhic Gabhann 
Snowdrop WalkCosán an Phlúirín Sneachta 
Somerset StreetSráid Somerset 
Somerville AvenueAscaill SomervilleAs Edith Somerville, scríbhneoir, is dócha.
Somerville DriveCéide Somerville 
Somerville GreenFaiche Somerville 
Somerville ParkPáirc Somerville 
South Bank RoadBóthar an Phoirt Theas 
South City MarketsMargaí Dheisceart na CathrachGlaoitear idir “George’s Street Arcade” agus “Market Arcade” ar an stuara seo freisin. “Margaí na Cathrach Theas” atá sa liosta oifigiúil.
South Dock PlacePlás an Duga Theas 
South Docks RoadBóthar na nDugaí Theas“Bóthar an Duga Theas” (mar aon le “South Dock Road”) atá sa liosta oifigiúil; tá “South Dock Road” ar an ainm­chlár freisin.
South Dock StreetSráid an Duga Theas 
Southern Cross AvenueAscaill Chros an DeiscirtAs an nuachtán Éireannach san Airgintín a raibh William Bulfin ina eagarthóir air. (Tá Bulfin Road agus Bulfin Gardens sa cheantar céanna.)
South Hillan Cnoc Theas 
South Lots RoadBóthar na Lotaí TheasAs an mbaile fearainn (a ainmníodh as plotaí talún a bhí anseo). “Bóthar na Scar [sic] Theas” atá ar na hainm­chláir (mar aon leis an litriú mí-​aimseartha “Lotts,” atá sa liosta oifigiúil freisin).
Southview TerraceArdán Radharc an Deiscirt 
Spafield TerraceArdán Ghort an SpáAs teach darbh ainm Spa Field. “Ardán Thuar an Spá” atá ar na hainmchláir.
Spa Road [Páirc an Fhéinics]Bóthar an SpáAs spá iarnach a bhí anseo.
Spencer DockDuga SpencerAs John Poyntz Spencer, “Earl Spencer,” fear ionaid an rí.
Spencer PlacePlás Spencer 
Spencer RowSraith SpencerIs é “Spencer’s Row” an bun­ainm. “Raedh Spionsair” atá ar an ainmchlár.
Spencer Street, NorthSráid Spencer ThuaidhAs John Poyntz Spencer, “Earl Spencer,” fear ionaid an rí.
Spencer Street, SouthSráid Spencer Theas“Sráid Spionsair” atá ar na hainmchláir.
Spence’s TerraceArdán SpenceSraith tithe a thóg William Spence and Son, comhlacht innealtóireacht shibhialta, dá bhfostaithe
Sperrin RoadBóthar Shliabh SpeirínI ngrúpa sráideanna i nDroimeanach a ainmníodh as sliabhraonta.
Spiddal ParkPáirc an Spidéil 
Spiddal RoadBóthar an Spidéil 
Spire ViewRadharc na Spuaice 
Spire View LaneLána Radharc na Spuaice 
SpitalfieldsBánta an SpidéilAs Ospidéal San Nioclás, a bunaíodh anseo timpeall na bliana 1752, de réir McCready (Dublin Street Names, 1892).
Springdale RoadBóthar Ghleanntán an Tobair 
SpringfieldAchadh na Tiobraide 
Spring Garden Lane [Sráid an Phiarsaigh]Lána Ghairdín an EarraighBhí gairdín maisiúil anseo tráth; agus b’fhéidir go raibh tionchar ag an gcéad Spring Garden, i Londain sa seachtú haois déag, ar an ainm freisin. “Lána Gort Earraigh” atá ar na hainm­chláir. Mí­thuiscint is cúis leis an ainm “Lána Ghairdín an Tobair,” atá sa liosta oifigiúil.
Spring Garden StreetSráid Ghairdín an Earraigh“Sráid Ghairdíní an Earraigh” (mar aon leis an mí­litriú iontach “Springarden”!) atá ar na hainm­chláir. Mí­thuiscint is cúis leis an ainm “Sráid Ghairdín an Tobair,” atá sa liosta oifigiúil.
the Squarean Chearnóg 
Stable Lane [ceithre cinn]Lána na Stáblaí 
Stamer StreetSráid StamerAs William Stamer, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath sa naoú haois déag.
Stanford GreenFaiche StanfordAs Charles Villiers Stanford; i ngrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí.
Stanhope StreetSráid StanhopeAs William Stanhope, fear ionaid an rí, 1747–1750. (Ainmníodh Harrington Street as an duine céanna.) Is mar “Stannup” a fhuaimnítear é.
Stanhope TerraceArdán Stanhope 
Stanley StreetSráid Stanley
Stannaway AvenueAscaill Bhealach na gCloch“Ascaill Bhóthar na gCloch” atá sa liosta oifigiúil.
Stannaway CourtCúirt Bhealach na gCloch
Stannaway DriveCéide Bhealach na gCloch“Céide Bhóthar na gCloch” atá sa liosta oifigiúil.
Stannaway RoadBóthar Bhealach na gClochAs an mbaile fearainn (Meán-​Bhéarla Stony Wey). “Bóthar na Stainge” atá ar na hainm­chláir. Ainm dochreidte, “Bóthar Bhóthar na gCloch,” atá sa liosta oifigiúil, toisc “Bóthar na gCloch” a bheith glactha mar ainm Gaeilge an bhaile fearainn.
Station HillCnoc an Stáisiúin 
Station Road [dhá cheann]Bóthar an Stáisiúin 
Station WayBealach an Stáisiúin 
the Steeplesna Spuaiceanna
Steevens’ LaneLána SteevensAs Dr Steevens’ Hospital, a ainmníodh as an Dr Richard Steevens. Ainmneacha thar a bheith lochtach, “Lána na Stiabhnach” agus “Lána Stiabhnach” (mar aon leis an mí­litriú “Steeven’s Lane”), atá ar dhá ainm­chlár éagsúla (an fhoirm cheart ar ainmchlár eile); tá an mí­litriú céanna sa liosta oifigiúil.
Stella AvenueAscaill Stella
Stephen’s LaneLána Stiofáin 
Stephen’s PlacePlás Stiofáin 
Stephens RoadBóthar Mhic Giolla StiofáinAs James Stephens (1824–1901); i ngrúpa sráideanna i gCill Mhaighneann a ainmníodh as baill den IRB. Mí­thuiscint is cúis le “Bóthar Stiabhna,” atá sa liosta oifigiúil.
Stephen Street, LowerSráid Stiofáin ÍochtarachIs é St Stephen’s Street an bhunfhoirm.
Stephen Street, UpperSráid Stiofáin Uachtarach
Stiles RoadBóthar na StrapaíAs na strapaí a bhí anseo ar an gcosán idir Ascaill an Chaisleáin agus Bóthar Bhinn Éadair.
Stillorgan RoadBóthar Stigh Lorgan 
Stirrup LaneLána StirrupAs an sloinne. “Lána an Stioróp [sic]” atá ar an ainm­chlár; “Lána na Stíoróipe” atá sa liosta oifigiúil.
Stoney RoadBóthar StoneyAs an Dr Bindon Blood Stoney, príomh­innealtóir Chalafort Bhaile Átha Cliath, 1862–1898. Tá “Bóthar Maolchluiche” ar thrí ainm­chlár (sean agus nua), “Bóthar na Maolchloch” ar cheann amháin eile. (Féach freisin Blood Stoney Road.)
StonybatterBóthar na gClochTruailliú den ainm Gaeilge is ea an t‑ainm Béarla. Tá an litriú mí-​aimseartha “Stoneybatter” (agus “Stoney Batter”) ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil.
Store StreetSráid an StóraisAs stóras custaim a bhí anseo. Tá “Sráid na Stór” ar ainm­chlár amháin, “Sráid an Stórais” ar an ainm­chlár eile.
Stormanstown RoadBóthar Bhaile StoirmínAs an mbaile fearainn.
Strand RoadBóthar na Trá 
Strand StreetSráid na Trá 
Strand Street, GreatSráid Mhór na Trá“Sráid na Trá Mhór” atá sa liosta oifigiúil.
Strand Street, LittleSráid Bheag na Trá“Sráidín na Trágha” atá ar na hainm­chláir; “Sráid na Trá Bheag” atá sa liosta oifigiúil.
Strand TerraceArdán na Trá 
Strandville AvenueAscaill Bhaile na Trá“Ascal Bhailtín na Trá” atá ar na hainmchláir.
Strandville Avenue, EastAscaill Bhaile na Trá ThoirAs teach darbh ainm Strand Ville.
Strandville PlacePlás Bhaile na Trá 
Strangford GardensGairdíní Loch Cuan 
Strangford RoadBóthar Loch Cuan 
Strasbourg TerraceArdán StrasbourgAs an gcathair sa Fhrainc. “Strasburg Terrace” agus “Ardán Strasburg” atá sa liosta oifigiúil.
Streamville RoadBóthar Bhaile an tSrutha 
Strong’s CourtCúirt Strong 
Suffolk StreetSráid Suffolk 
Sugar House LaneLána Theach an tSiúcraSeanainm is ea Sugar House Lane ar Belview, agus cuid den tsráid sin é de réir léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis.
Suir RoadBóthar na Siúire 
Sullivan StreetSráid Uí ShúileabháinAs T. D. Sullivan. (Úsáidtear litriú neamh­stairiúil den sloinne seo, le dhá ⟨l⟩, go coitianta.)
Summer ArchÁirse an tSamhraidh 
Summer HillCnoc an tSamhraidhIs dócha gur ainmníodh an tsráid seo as duine dar shloinne Summer, ach b’fhéidir gur chóir duinn glacadh leis an bhfoirm seo, mar atá ar na hainm­chláir. “Cnoc Chríonáin” atá ar na sean-​ainmchláir (ceann de na hainmneacha a mhol Seosamh Laoide agus a chomh­ghleacaithe ón mbliain 1905 ar aghaidh), ainm a cruthaíodh as Crinan, a bhí mar ainm ar chuid de thailte Mhainistir Mhuire sa Mheánaois.
Summer Hill ParadeParáid Chnoc an tSamhraidh 
Summer Hill PlacePlás Chnoc an tSamhraidh 
Summer PlacePlás an tSamhraidh 
Summer RowSraith an tSamhraidh 
Summer Street, NorthSráid an tSamhraidh Thuaidh
Summer Street, SouthSráid an tSamhraidh Theas 
SummervilleSummerville“Bailtín Summerville” atá sa liosta oifigiúil.
Summerville ParkPáirc SummervilleAs teach darbh ainm Summerville.
Sunbury GardensGairdíní Sunbury 
Sundrive ParkPáirc Ghrianréime 
Sundrive RoadBóthar GhrianréimeAr na hainm­chláir. Dark Lane ab ainm don bhóthar a bhí anseo sular tógadh an bóthar nua timpeall na bliana 1935; b’fhéidir gur cruthaíodh an t‑ainm nua d’aon ghnó chun malairt brí a chur in iúl. (Tá sráid darb ainm Sundrive Park i gCorcaigh freisin agus “Páirc Chéide na Gréine” mar ainm oifigiúil Gaeilge uirthi.)
Sunnyside MewsEachlann Aghaidh na Gréine 
Susan TerraceArdán SusanAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha. “Ardán Shiobhán” atá sa liosta oifigiúil.
Susanville RoadBóthar Susanville“Bóthar Bhaile Shiobhán” atá sa liosta oifigiúil.
Sussex RoadBóthar Sussex 
Sussex TerraceArdán Sussex 
Swan AlleyScabhat na hEalaAs ainm tábhairne, is dócha.
Swan GroveGarrán Abhainn na nEalaíAs an Swan Water, is dócha, sruth anseo ar séarach anois é. “Garrán na hEala” atá sa liosta oifigiúil.
Swan PlacePlás Abhainn na nEalaíAs an Swan Water, is dócha. “Plás na hEala” atá sa liosta oifigiúil.
Swansnest AvenueAscaill Nead na hEalaAs an mbaile fearainn.
Swansnest RoadBóthar Nead na hEala 
Swanville PlacePlás SwanvilleAs an Swan Water, b’fhéidir, sruth anseo atá faoi thalamh anois. “Plás Bhaile na hEala” atá sa liosta oifigiúil.
Swan YardClós na hEalaAs ainm tábhairne, is dócha.
Sweeney’s TerraceArdán Mhic Shuibhne 
Swift’s AlleyScabhat SwiftAs Goodwin Swift.
Swift’s GroveGarrán Swift
Swift’s RowSraith SwiftAs Thomas Swift (nia Jonathan Swift).
Swilly RoadBóthar Loch Súilí 
Swords RoadBóthar Shoird
Swords StreetSráid Shoird 
Sycamore ParkPáirc an tSeiceamair 
Sycamore RoadBóthar an tSeiceamair 
Sycamore StreetSráid an tSeiceamair 
Sydenham RoadBóthar Sydenham 
Sydney Parade AvenueAscaill Pharáid SydneyAs an teach darbh ainm Sydney Cottage, is dócha.
Synge LaneLána Synge 
Synge PlacePlás Synge 
Synge StreetSráid Synge 
Synnott LaneLána an tSionóidigh“Lana [sic] Shionoid [sic]” atá ar an ainm­chlár nua.
Synnott PlacePlás an tSionóidighAs muintir Synnott, úinéirí talún anseo. “Plás Shionóid” atá sa liosta oifigiúil.
Synnott RowSraith an tSionóidigh“Rae Shionóid” atá sa liosta oifigiúil.
Taaffe’s PlacePlás TathAs úinéirí talún anseo, de réir Dowling agus O’Reilly, Mud Island: A History of Ballybough (2002). Tá an mí­litriú “Taaffes Place” ar an ainmchlár.
Talbot LaneLána Talbot“Plás [sic] Talbóid” atá ar ainm­chlár amháin, “Lána Talbóid” ar an gceann eile.
Talbot PlacePlás Talbot 
Talbot StreetSráid TalbotAs Charles Chetwynd Talbot, “Earl Talbot,” fear ionaid an rí. (Is mar “Tawlbot” a fhuaimnítear an sloinne seo.) “Sráid Thalbóid” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Tangier LaneLána TanjahAs an gcathair agus calafort san Afraic Thuaidh, cuid de spré Catarina Bragança, bean Rí Charles II Shasana, a bhunaigh calafort saor ann (agus a chuir an costas ar chiste na hÉireann).
Tara LawnsPlásóga na Teamhrach 
Tara StreetSráid na TeamhrachCruthaíodh an tsráid seo sa bhliain 1885 agus ainmníodh í as Teamhair, Co. na Mí. Foirm mhí­cheart, “Sráid Teamhrach,” atá ar na hainm­chláir (ceann de na hainmneacha a mhol coiste de chuid Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile sa bhliain 1909).
Taylor’s LaneLána an Táilliúraigh“Lána Chailiúir [sic]” atá ar an ainmchlár.
Teeling WayLána ThaoilinnAs Joe Teeling, bunaitheoir eagraíochtaí spóirt sa cheantar, de réir Bunbury, Dublin Docklands: An Urban Voyage (2008). I mBéarla amháin atá an comhartha mór.
Temple BarBarra TempleAs William Temple agus a mhuintir, agus faoi thionchar ainm na sráide Temple Bar i Londain, gan dabht. Mí-​aistriú amaideach, “Barra an Teampaill,” atá sa liosta ofigiúil.
Temple CottagesIostáin Temple 
Temple CourtCúirt TempleI ngrúpa sráideanna nua i mBaile na Lochlannach darb ainm Palatine Square (a ainmníodh as cuid de Dhún Uí Choileáin) a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu.
Temple GardensGairdíní Temple 
Temple Lane, NorthLána Temple Thuaidh 
Temple Lane, SouthLána Temple Theas 
Templemore AvenueAscaill an Teampaill Mhóir 
Templeogue RoadBóthar Theach Mealóg 
Temple ParkPáirc Temple 
Temple PlacePlás Temple 
Temple RoadBóthar TempleAs Henry Temple.
Temple SquareCearnóg Temple 
Temple StreetSráid Temple 
Temple Street, WestSráid Temple Thiar 
Temple View AvenueAscaill Radharc an Teampaill 
Temple View CloseClós Radharc an Teampaill 
Temple View CopseRosán Radharc an Teampaill 
Temple View CourtCúirt Radharc an Teampaill 
Temple View CrescentCorrán Radharc an Teampaill 
Temple View DownsMulláin Radharc an Teampaill 
Temple View DriveCéide Radharc an Teampaill 
Temple View GreenFaiche Radharc an Teampaill 
Temple View GroveGarrán Radharc an Teampaill 
Temple View LawnPlásóg Radharc an Teampaill 
Temple View ParkPáirc Radharc an Teampaill 
Temple View PlacePlás Radharc an Teampaill 
Temple View RiseArd Radharc an Teampaill 
Temple View RowSraith Radharc an Teampaill 
Temple View SquareCearnóg Radharc an Teampaill 
Temple View ValeGleanntán Radharc an Teampaill 
Temple View WalkCosán Radharc an Teampaill 
Temple View WayBealach Radharc an Teampaill 
Temple Villas [dhá cheann]Bailtíní Temple
Terenure ParkPáirc Thír an Iúir 
Terenure PlacePlás Thír an Iúir 
Terenure Road, NorthBóthar Thír an Iúir Thuaidh 
Terenure Road, EastBóthar Thír an Iúir Thoir“Bóthar Thiorfhionnabhair” atá ar roinnt de na hainm­chláir (iarracht ar “Thor Fhionnabhra,” is dócha​—​ainm mí­cheart a tugadh ar an gceantar tráth).
Terenure Road, WestBóthar Thír an Iúir Thiar 
Terminal Road, NorthBóthar an Chríochfoirt ThuaidhCeann de na sráideanna nua i gceantar na ndugaí a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu.
Terminal Road, SouthBóthar an Chríochfoirt TheasCeann de na sráideanna nua i gceantar na ndugaí a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu.
Termon CourtCúirt an Tearmainn 
Terrace PlacePlás an Ardáin 
Thatch RoadBóthar na TuíAs an teach tábhairne darbh ainm The Thatch.
Third AvenueAscaill a Trí 
Thirlestane TerraceArdán ThirlestaneAs Caisleán Thirlestane i Labhdar, Siorrachd Bhearraig, áit chónaithe mhuintir Maitland, “Earls of Lauderdale.” (Tá Lauderdale Terrace sa cheantar céanna.)
Thomas CourtCúirt San Tomás 
Thomas Court BawnBábhún Chúirt San Tomás 
Thomas Davis Street, SouthSráid Thomas Davis Theas“Sráid Thomáis Dáibhis Theas” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Thomas Davis Street, WestSráid Thomas Davis Thiar 
Thomas Moore RoadBóthar Thomas MooreAs an bhfile; i ngrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí. “Bóthar Thomáis Uí Mhóra [sic]” atá sa liosta oifigiúil.
Thomas’s LaneLána Mhic ThomáisAs duine den sloinne seo, is dócha. “Thomas Lane” atá sa liosta oifigiúil.
Thomas StreetSráid San TomásAs Prióireacht San Tomás anseo sa Mheánaois.
Thomas Street, WestSráid San Tomás Thiar 
Thomond RoadBóthar Thuamhan 
Thompson’s CottagesIostáin ThompsonTá an mí­litriú “Thompsons Cottages” sa liosta oifigiúil.
Thorncastle StreetSráid Chaisleán DraighinAs mainéar agus eastát i gceantar Mhuirfean agus na Carraige Duibhe, a ainmníodh as caisleán a bhí ann sa Mheán­aois (mar a raibh Scoil na nDall, Bóthar Mhuirfean, níos déanaí). Níl a fhios agam cad is bunús le “Sráid Chláir Fhada,” atá ar an ainm­chlár nua agus sa liosta oifigiúil; ní logainm é (níl sé le fáil in Onomasticon Goedelicum ná in aon fhoinse eile go bhfios dom)—agus is foirm lochtach é. “Sráid Thorncastle” atá ar an ​ainm­chlár eile.
Thorndale AvenueAscaill Ghleanntán na SceicheAs teach darbh ainm Thorndale.
Thorndale CrescentCorrán Ghleanntán na Sceiche
Thorndale DriveCéide Ghleanntán na Sceiche 
Thorndale GroveGarrán Ghleanntán na Sceiche 
Thorndale LawnPlásóg Ghleanntán na Sceiche 
Thorndale ParkPáirc Ghleanntán na Sceiche 
Thornton HeightsArda ThorntonIonad nua san áit a raibh St Michael’s Estate (Keogh Square roimhe sin, Keogh Barracks roimhe sin, agus Richmond Barracks roimhe sin); as an Dr Brigid Lyons Thornton, ball de Chumann na mBan a chaith seal mar chime sa bheairic i ndiaidh Éirí Amach 1916.
Thornville AvenueAscaill Bhaile na Sceiche 
Thornville DriveCéide Bhaile na Sceiche 
Thornville ParkPáirc Bhaile na Sceiche 
Thornville RoadBóthar Bhaile na Sceiche 
Thornville TerraceArdán Bhaile na Sceiche 
Thor PlacePlás ThorAs an dia Lochlannach (Þórr); i ngrúpa sráideanna i mBaile na Lochlannach a ainmníodh as taoisigh Lochlannacha agus Gael-​Lochlannacha.
Thunder Cut AlleyScabhat an TundaraighIs é Thunder Alley an fhoirm is sine dá bhfuil againn, agus bhí “Scabhat Tundair” ar an ainm­chlár tráth. (Níl aon ainm­chlár ann anois.) Sloinne is ea Thunder (bhí grúdlann ag Andrew Thunder i Sráid Nua an Teampaill sa naoú haois déag), agus aicearra nó cóngar is ea cut.
Tir Connell GroveGarrán Thír Chonaill 
Tivoli AvenueAscaill TivoliAs teach anseo darbh ainm Tivoli, a ainmníodh, is dócha, as an mbaile mór san Iodáil, nó as ceann éigin de na háiteanna eile a ainmníodh as sin.
Tolka CottagesIostáin na Tulchann 
Tolka Estate RoadBóthar Eastát na Tulchann 
Tolka Quay RoadBóthar Ché na TulchannCeann de na sráideanna nua i gceantar na ndugaí a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu.
Tolka RoadBóthar na Tulchann 
Tolka Valley RoadBóthar Ghleann na Tulchann 
Tolka Valley ViewRadharc Ghleann na Tulchann 
Toll Bridge RoadBóthar an Droichid Chustaim 
Tomar CourtCúirt ThomhairSean-leagan Gaelach den ainm Þórr, dia Lochlannach, is ea Tomhar (is cosúil gur creideadh tráth gur duine ar leith a bhí ann); i ngrúpa sráideanna nua i mBaile na Lochlannach a bhfuil ainm­chláir i mBéarla amháin orthu. (Tá Thor Place sa cheantar seo freisin.)
Tom Kelly RoadBóthar Tom KellyAs polaiteoir de chuid Shinn Féin agus tionscnóir réiteach slumaí i dtús an fhichiú haois. “Bóthar Thomáis Uí Cheallaigh” atá sa liosta oifigiúil.
Tonguefield RoadBóthar na TeangaAs an mbaile fearainn, a ainmníodh, is dócha, as an stráice talún anseo darbh ainm “the Tongue” a roinn an Poitéal ina dhá shruth.
Tonlegee AvenueAscaill Thóin le Gaoith 
Tonlegee DriveCéide Thóin le Gaoith 
Tonlegee RoadBóthar Thóin le GaoithAs an mbaile fearainn. Ainm coitianta is ea Tóin le Gaoith ar áiteanna timpeall na tíre, a chiallaíonn talamh íseal os comhair stráice uisce. (Féach Art Ó Maolfabhail, “An logainm Tóin re Gaoith,” Seanchas Ard Mhacha, iml. 10 (1982), lch 366–379.)
Torlogh GardensGairdíní ThoirealaighAs Tairdhealbhach, garmhac Bhriain Bhórú, i gcuimhne Chath Chluain Tarbh.
Torlogh ParadeParáid Thoirealaigh 
Tourmakeady RoadBóthar Thuar Mhic ÉadaighI ngrúpa sráideanna ar tugadh Páirc na Gaeltachta orthu ar dtús.
Tower AvenueAscaill an Túir 
Tower TerraceArdán an TúirI mBéarla amháin atá an t‑ainmchlár.
Tower View CottagesIostáin Radharc an Túir 
Townsend StreetSráid Chnoc na LobharLeagan den ainm is sine ar an tsráid seo, Lazars’ Hill, a ainmníodh as ospidéal a bunaíodh sa cheantar seo sa Mheán­aois i gcomhair oilithrigh. “Sráid Cnoc Lobhar” atá ar na hainmchláir. (Féach freisin Lazar Lane.) Ní léir cad as, nó cé as, a ainmníodh an tsráid i mBéarla.
Tranquillity GroveGarrán an tSuaimhnisAs Muir an tSuaimhnis ar an nGealach; i ngrúpa sráideanna sa Chúlóg a ainmníodh as spásairí Meiriceánacha.
Traynor PlacePlás Mhic ThréinirAs John Traynor; i ngrúpa sráideanna i gCill Mhaighneann​—​ar tugadh Ceannt Fort air roimhe sin​—​a ainmníodh as óglaigh a maraíodh anseo sa bhliain 1916.
Trim RoadBóthar Bhaile Átha Troim 
Trinity StreetSráid na TríonóideAs Trinity Hall, halla cónaithe le haghaidh mic léinn de chuid Choláiste na Tríonóide, a bhí anseo.
Trinity TerraceArdán na Tríonóide 
Tritonville AvenueAscaill Tritonville 
Tritonville CloseClós Tritonville 
Tritonville CourtCúirt Tritonville 
Tritonville CrescentCorrán Tritonville 
Tritonville RoadBóthar TritonvilleAs teach darbh ainm Tritonville Lodge.
Tudor RoadBóthar na dTúdarach 
Tulip CourtCúirt na dTiúilipí 
Turvey AvenueAscaill ThuirbheAs an mbaile fearainn.
Tuscany DownsMulláin Toscana 
Tyrconnell ParkPáirc Thír Chonaill 
Tyrconnell RoadBóthar Thír Chonaill 
Tyrconnell StreetSráid Thír Chonaill 
Tyrone PlacePlás Thír Eoghain
Tyrrell’s LaneLána an Tirialaigh
Tyrrell’s PlacePlás an Tirialaigh
Ulster StreetSráid Uladh 
Ulster TerraceArdán Uladh
Uppercross RoadBóthar na Croise UachtaraíAs an mbarúntacht. Trí ainm éagsúla​—​“Bóthar Uachtarchros,” “Bóthar Uachtar Croise” agus “Bóthar na Croise Uachtaraí”​—​atá ar na trí ainm­chlár. Foirm eile den ainm Béarla, “Upper Cross Road,” atá sa liosta oifigiúil.
Usher’s IslandOileán an UiséaraighAs an oileán a bhí sa Life anseo, a ainmníodh níos déanaí as John Usher. “Oileán Uiséir” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Usher’s QuayCé an Uiséaraigh 
Usher StreetSráid an Uiséaraigh 
Valencia ParadeParáid DhairbhreI ngrúpa sráideanna i mBaile Phib a ainmníodh as áiteanna i gCo. Chiarraí. Tá an mí­litriú “Valentia” sa liosta oifigiúil.
Valencia RoadBóthar DhairbhreI ngrúpa sráideanna a ainmníodh as oileáin. Tá an mí­litriú “Valentia” sa liosta oifigiúil.
Valeview CrescentCorrán Radharc an Ghleanntáin 
Valeview DriveCéide Radharc an Ghleanntáin“Céide Radharc an Ghleanna” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Valeview GardensGairdíní Radharc an Ghleanntáin 
Valley Park AvenueAscaill Pháirc an Ghleanna 
Valley Park DriveCéide Pháirc an Ghleanna 
Valley Park RoadBóthar Pháirc an Ghleanna 
Vauxhall AvenueAscaill Vauxhall
Vavasour SquareCearnóg VavasourAs William Vavasour.
Venetian Hallan Halla VeinéiseachAs teach darbh ainm Venetian Hall.
Ventry DriveCéide Fhionntrá 
Ventry ParkPáirc Fhionntrá 
Ventry RoadBóthar Fhionntrá 
Vera TerraceArdán VeraAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha.
Vergemount HallHalla Vergemount“Halla Bruach-Chnoic” atá ar an ainmchlár.
Vergemount ParkPáirc VergemountAs teach darbh ainm Vergemount House (Vergemount Hospital anois). “Páirc Bruachnuic” atá ar an ainm­chlár; “Páirc Chnocán an Imill” atá sa liosta oifigiúil.
Vernon AvenueAscaill VernonAs John Vernon agus a mhuintir.
Vernon Court [dhá cheann]Cúirt Vernon
Vernon DriveCéide Vernon 
Vernon GardensGairdíní Vernon 
Vernon Grove [dhá cheann]Garrán Vernon 
Vernon HeathFraoch Vernon 
Vernon ParkPáirc Vernon 
Vernon RiseArd Vernon 
Vernon StreetSráid VernonAs an Aimiréal Edward Vernon, b’fhéidir. (Féach freisin Curzon Street.)
Vernon WoodCoill Vernon
Veronica TerraceArdán San VeronicaI ngrúpa sráideanna sa Bhaile Gaelach darb ainm Stella Gardens a ainmníodh den chuid is mó as naoimh de chuid na hEaglaise Caitlicí. “Ardán Veronica” atá ar an ainm­chlár agus sa liosta oifigiúil.
Verschoyle CourtCúirt Verschoyle
Verschoyle PlacePlás Verschoyle 
Vicar StreetSráid an Bhiocáire
Victoria AvenueAscaill Victoria 
Victoria Lane [dhá cheann]Lána Victoria 
Victoria QuayCé VictoriaAinm bréag-Ghaeilge, “Cé Buaidhe,” atá ar na hainm­chláir nua.
Victoria Road [dhá cheann]Bóthar Victoria 
Victoria StreetSráid VictoriaAinm bréag-Ghaeilge, “Sráid na Buaidhe,” atá ar na hainmchláir.
Victoria TerraceArdán Victoria 
Victoria VillageSráidbhaile Victoria 
Victoria Villas [dhá cheann]Bailtíní Victoria
Viking PlacePlás na nUigingeach 
Viking RoadBóthar na nUigingeach 
Villa BankBruach an Bhailtín
the Village [dhá cheann]an Sráidbhaile 
Villa Park AvenueAscaill Pháirc an Bhailtín 
Villa Park DriveCéide Pháirc an Bhailtín 
Villa Park GardensGairdíní Pháirc an Bhailtín 
Villa Park RoadBóthar Pháirc an Bhailtín 
Villiers RoadBóthar Villiers“Bóthar Bhilliar” atá ar na hainmchláir.
Violethill DriveCéide Chnoc na SailchuachAs an mbaile fearainn.
Violethill ParkPáirc Chnoc na Sailchuach 
Violethill RoadBóthar Chnoc na Sailchuach 
Virginia DriveCéide Achadh an Iúir 
Virginia ParkPáirc Achadh an Iúir 
Wadelai GreenFaiche Wadelai 
Wadelai RoadBóthar WadelaiÁit sa tSúdáin (i Uganda anois) is ea Wadelai mar ar bhuail H. M. Stanley, taiscéalaí Meiriceánach, le hEmin Pasha (Eduard Schnitzer) sa bhliain 1888 le linn éirí amach an Mahdī. B’fhéidir gur ainmníodh na sráideanna seo as Abhainn an Bhaid (Wad River) anseo, nó as an mbaile fearainn, WadWadland, agus ansin gur cruthaíodh leagan níos galánta den ainm, cé nach bhfuil aon bhunús leis.
Wade’s AvenueAscaill Wade 
Walker’s CottagesIostáin Walker 
Walker’s CourtCúirt Walker
Walkinstown AvenueAscaill Bhaile BhailcínIs é Wilkinstown ainm stairiúil agus ainm oifigiúil an bhaile fearainn seo.
Walkinstown CrescentCorrán Bhaile Bhailcín 
Walkinstown DriveCéide Bhaile Bhailcín 
Walkinstown GreenFaiche Bhaile Bhailcín 
Walkinstown ParadeParáid Bhaile Bhailcín 
Walkinstown ParkPáirc Bhaile Bhailcín 
Walkinstown RoadBóthar Bhaile Bhailcín 
Wallace RoadBóthar an BhailisighAs William Vincent Wallace, cumadóir; i ngrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí.
Walnut AvenueAscaill an Chrann Gallchnó 
Walnut CloseClós an Chrann Gallchnó 
Walnut LawnPlásóg an Chrann Gallchnó 
Walnut ParkPáirc an Chrann Gallchnó 
Walnut RiseArd an Chrann Gallchnó“Ard an Ghallchnó” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Walsh RoadBóthar an BhreatnaighAs Edward Walsh, file, b’fhéidir; i ngrúpa sráideanna i nDroim Conrach a ainmníodh as scoláirí.
Walworth RoadBóthar Walworth 
Ward’s HillCnoc Mhic an Bhaird
Warner’s LaneLána Warner 
Warrenmount PlacePlás WarrenmountAs teach darbh ainm Warrenmount, a ainmníodh as Nathaniel Warren.
Warren StreetSráid WarrenAs Robert Warren.
Warrington LaneLána Warrington
Warrington PlaceePlás Warrington
Wasdale GroveGarrán Wasdale 
Wasdale ParkPáirc WasdaleAs teach darbh ainm Wasdale, a ainmníodh as an ngleann i gCumberland.
Washington StreetSráid WashingtonAs an gcathair i Meiriceá.
Waterfall AvenueAscaill an Easa 
Waterfall RoadBóthar an Easa 
Waterloo AvenueAscaill Waterloo 
Waterloo LaneLána Waterloo 
Waterloo RoadBóthar WaterlooAs Cath Waterloo (1815) sa Bheilg.
Watermill AvenueAscaill an Mhuilinn Uisce 
Watermill DriveCéide an Mhuilinn Uisce 
Watermill LawnPlásóg an Mhuilinn Uisce 
Watermill ParkPáirc an Mhuilinn Uisce 
Watermill RoadBóthar an Mhuilinn Uisce 
Watkins’ BuildingsFoirgnimh WatkinsAs grúdlann Watkins anseo.
Watkins SquareCearnóg Watkins
Watling StreetSráid WatlingAithris ar an tsráid i Londain, is dócha.
Waverley AvenueAscaill WaverleyAs an úrscéal le Walter Scott, is dócha (i ngrúpa sráideanna sa Bhaile Bocht a ainmníodh as áiteanna in Albain).
Waverley TerraceArdán WaverleyAs an úrscéal le Walter Scott, is dócha. (Tá Kenilworth Square sa cheantar céanna.)
Weaver LaneLána WeaverAs an sloinne, is dócha. Tá geataí ag barr an lána anois ar nós bealach isteach príobháideach, cé go bhfuil ainmchlár de chuid na comhairle cathrach ann. (“Lána na bhFigheadóirí” atá ar an ainmchlár.)
Weavers’ CloseClós na bhFíodóiríTá an mí­litriú “Weavers Close” sa liosta oifigiúil.
Weavers’ SquareCearnóg na bhFíodóirí 
Weavers’ StreetSráid na bhFíodóiríTá an mí­litriú “Weavers Street” sa liosta oifigiúil.
Wellesley PlacePlás Wellesley
Wellington LaneLána Wellington 
Wellington PlacePlás Wellington 
Wellington Place, NorthPlás Wellington Thuaidh 
Wellington QuayAs Arthur Wellesley, “Duke of Wellington.” Cé Wellington 
Wellington Road [Páirc an Fhéinics]Bóthar Wellington 
Wellington StreetSráid Wellington 
Wellmount AvenueAscaill Chnocán an Tobair 
Wellmount CourtCúirt Chnocán an Tobair 
Wellmount CrescentCorrán Chnocán an Tobair 
Wellmount DriveCéide Chnocán an Tobair 
Wellmount GreenFaiche Chnocán an Tobair 
Wellmount ParadeParáid Chnocán an Tobair“Paráid Chnoc an Tobair” atá ar na hainmchláir.
Wellmount ParkPáirc Chnocán an Tobair 
Wellmount RoadBóthar Chnocán an Tobair 
Wellpark AvenueAscaill Ghort an TobairAs teach darbh ainm Wellpark House. “Ascaill na Driseoige” atá ar na hainmchláir.
Werburgh StreetSráid San WerburgaIs é St Werburgh’s Street an bhun­fhoirm, as Eaglais agus Paróiste San Werburga, a ainmníodh as ban-​ab Shasanach, éarlamh Chester, a fuair bás timpeall na bliana 700. Tá “Sráid Barbra” ar cheann de na hainm­chláir. “Sráid San Werburgh” atá sa liosta oifigiúil.
Wesley PlacePlás Wesley 
Wesley RoadBóthar Wesley 
Westbourne RoadBóthar WestbourneAs teach darbh ainm Westbourne.
Westcourtan Chúirt Thiar 
Western Parkwayan Páircbhealach IartharachCineál mótar­bhealach is ea páirc­bhealach. Foirm mhí­cheart, “Bealach na Páirce Iartharach,” atá sa liosta oifigiúil. (Tá an focal parkway á úsáid ag Iarnród Éireann ar shlí éagsúil ar fad­—­mar aithris ar British Rail i Sasana­—­toisc chosúlacht an fhocail park, is dócha. M3 Parkway agus Navan Road Parkway is ainm do dhá stáisiún traenach i gCo. na Mí agus Co. Bhaile Átha Cliath, ach is é atá iontu stáisiúin a bhfuil carr­chlós mór in aice leo. Níos aistí fós is ea an focal “ollpháirc,” atá á úsáid in ainmneacha Gaeilge na stáisiún sin.)
Western RoadBóthar an Iarthair 
Western WayBealach an IarthairIs dócha gur ainmníodh an tsráid seo as an Mid­land Great Western Railway (1895–1924), a raibh a phríomh­oifigí agus a phríomh­stáisiún aige ag an gCloch Leathan.
Westfield RoadBóthar an Ghoirt ThiarAs teach darbh ainm Westfield Park.
Westhampton PlacePlás Westhampton 
Westland CourtCúirt Westland“Cúirt an Iarthair” atá sa liosta oifigiúil.
Westland RowSraith WestlandAs William Westland; Westland’s Brickfields ab ainm don cheantar sular tógadh na chéad tithe sa bhliain 1772. Ainm bréag-​Ghaeilge, “Rae an Iarthair” (ceann de na hainmneacha a mhol coiste de chuid Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile sa bhliain 1909), atá ar na hainm­chláir agus anois sa liosta oifigiúil.
Westland SquareCearnóg Westland“Cearnóg an Iarthair” atá sa liosta oifigiúil.
Westmorland ParkPáirc Westmorland
Westmorland StreetSráid WestmorlandAs John Fane, “Earl of Westmorland” (teideal a ainmníodh as an gcontae i Sasana), fear ionaid an rí. “Sráid an Fheis‑Tí” atá ar na sean-​ainmchláir, as sean-​Teach na Parlaiminte (ceann de na hainmneacha a mhol Seosamh Laoide agus a chomh­ghleacaithe ón mbliain 1905 ar aghaidh). Mí­fhuaimniú (an bhéim a chur ar an dara siolla seachas ar ar an gcéad siolla) is cúis leis an mí­litriú “Westmoreland,” atá ar na hainm­chláir agus anois sa liosta oifigiúil (nó b’fhéidir gurbh í an mhalairt litrithe ba chúis leis an mífhuaimniú).
Westparkan Pháirc Thiar 
West Park DriveCéide na Páirce Thiar 
West Roadan Bóthar Thiar 
West Terracean tArdán Thiar 
Westwood AvenueAscaill na Coille Thiar 
Westwood RoadBóthar na Coille Thiar 
Wexford StreetSráid Loch Garman 
Wharten TerraceArdán WhartenBealach isteach i gceap oifigí i leataobh ó Bhóthar Chrois Araild a bhfuil ainm­chlár de chuid na comhairle cathrach air (agus an litriú “Wharton” air). Sraith tithe a bhí ann roimhe sin.
White Bank RoadBóthar an Phoirt Ghil 
Whitefriar GardensGairdíní na mBráithre Bána
Whitefriar PlacePlás na mBráithre Bána 
Whitefriars’ StreetSráid na mBráithre BánaAs séipéal na gCairmilíteach sa tsráid seo.
White’s Lane (North)Lána an Fhaoitigh (Thuaidh)
White’s Road [Páirc an Fhéinics]Bóthar an Fhaoitigh
Whitethorn AvenueAscaill na Sceiche Gile 
Whitethorn CloseClós na Sceiche Gile 
Whitethorn CrescentCorrán na Sceiche Gile 
Whitethorn GroveGarrán na Sceiche Gile 
Whitethorn ParkPáirc na Sceiche Gile 
Whitethorn RiseArd na Sceiche Gile 
Whitethorn RoadBóthar na Sceiche Gile 
Whitton RoadBóthar Whitton 
Whitworth AvenueAscaill Whitworth 
Whitworth ParadeParáid Whitworth 
Whitworth PlacePlás Whitworth 
Whitworth RoadBóthar WhitworthAs Charles Whitworth, “Earl Whitworth,” fear ionaid an rí.
Whitworth TerraceArdán Whitworth 
Whyteleaf GroveGarrán na nDuilleog Bán“Wyteleaf Grove,” agus “Garrán Wyteleaf,” atá sa liosta oifigiúil.
Wicklow StreetSráid Chill Mhantáin 
Wigan RoadBóthar Wigan 
WilfieldWilfield“Gort na Sailí” atá sa liosta oifigiúil.
Wilfield ParkWilfield“Páirc Ghort na Sailí” atá sa liosta oifigiúil.
Wilfield RoadBóthar WilfieldAs teach darbh ainm Willfield. “Bóthar Ghort na Sailí” atá sa liosta oifigiúil.
Wilfrid RoadBóthar Wilfrid 
Wilfrid TerraceArdán Wilfrid 
Williams LaneLána WilliamsTá an mí­litriú “William’s Lane” ar na hainmchláir.
Williams ParkPáirc WilliamsAs teach darbh ainm Williams Park (a ainmníodh as an sloinne).
Williams Place, LowerPlás Williams Íochtarach“Plás Mhic Liam” (mar aon leis an mí­litriú “William’s Place”) atá sa liosta oifigiúil.
Williams Place, UpperPlás Williams Uachtarach“Plás Mhic Liam” (mar aon leis an mí­litriú “William’s Place”) atá sa liosta oifigiúil.
Williams Place, SouthPlás Williams Theas“Plás Mhic Liam” (mar aon leis an mí­litriú “William’s Place”) atá sa liosta oifigiúil.
William Street, NorthSráid Uilliam ThuaidhAs Rí William IV Shasana.
William Street, SouthSráid Uilliam TheasAs William Williams, a leag amach an tsráid timpeall na bliana 1676. (Is é “Williams Street” an bhunfhoirm.)
Willie Bermingham PlacePlás Willie BerminghamAs an bhfear a bhunaigh an carthanas “Alone.” (Tá Alone Walk ann freisin.) “Plás Liam Mhic Fheorais” atá sa liosta oifigiúil.
Willow FieldGort na Sailí 
Willow MewsEachlann na Sailí 
Willow Park AvenueAscaill Pháirc na Sailí 
Willow Park CloseClós Pháirc na Sailí 
Willow Park CrescentCorrán Pháirc na Sailí 
Willow Park DriveCéide Pháirc na Sailí 
Willow Park GroveGarrán Pháirc na Sailí 
Willow Park LawnPlásóg Pháirc na Sailí 
Willow Park RoadBóthar Pháirc na Sailí 
the Willows [dhá cheann]na Saileacha“Na Saileoga” atá sa liosta oifigiúil.
Wilson’s PlacePlás Wilson 
Wilson TerraceArdán Wilson“Ardán Mhic Liam” srl. atá sa liosta oifigiúil.
Wilton PlacePlás Wilton 
Wilton TerraceArdán Wilton 
Windele RoadBóthar WindeleAs John Windele; i ngrúpa sráideanna i nDroim Conrach a ainmníodh as scríbhneoirí agus scoláirí. (Is mar “Windle” a fhuaimnítear an sloinne sin.)
Windmill AvenueAscaill an Mhuilinn Ghaoithe 
Windmill CrescentCorrán an Mhuilinn Ghaoithe 
Windmill LaneLána an Mhuilinn Ghaoithe 
Windmill ParkPáirc an Mhuilinn Ghaoithe 
Windmill RoadBóthar an Mhuilinn Ghaoithe 
Windsor AvenueAscaill Windsor 
Windsor LaneLána Windsor 
Windsor PlacePlás Windsor 
Windsor RoadBóthar Windsor 
Windsor TerraceArdán Windsor 
Windsor VillasBailtíní Windsor
Winetavern StreetSráid an FhíonaAistriú stairiúil; tá tagairt dó in Annála na gCeithre Máistrí (1632–36). (Is mar “Wintavern” a fhuaimnítear an t‑ainm Béarla.)
Winton AvenueAscaill Winton 
Winton RoadBóthar WintonAs Archibald Montgomerie, “Earl of Eglinton and Winton,” fear ionaid an rí.
Wolfe Tone QuayCé Wolfe Tone
Wolfe Tone StreetSráid Wolfe Tone 
Wolseley StreetSráid Wolseley 
Woodbank AvenueAscaill Bhruach na Coille 
Woodbank DriveCéide Bhruach na Coille 
Woodbine CloseClós an Fhéithlinn 
Woodbine DriveCéide an Fhéithlinn 
Woodbine ParkPáirc an Fhéithlinn 
Woodbine RoadBóthar an FhéithlinnAs teach darbh ainm Woodbine Lodge.
Woodfield CottagesIostáin Ghort na Coille 
Woodfield PlacePlás Ghort na Coille 
Woodhazel CloseClós na Collchoille 
Woodhazel TerraceArdán na Collchoille 
Woodhazel WayBealach na Collchoille 
Woodlandsan Choillearnach“Fearann na Coille” atá sa liosta oifigiúil.
Wood LaneLána WoodAs an sloinne, is dócha. “Lána na Coille” atá ar na hainm­chláir; “Lána an Adhmaid” atá sa liosta oifigiúil.
Woodlawn AvenueAscaill Phlásóg na Coille 
Woodlawn CloseClós Phlásóg na Coille 
Woodlawn CourtCúirt Phlásóg na Coille 
Woodlawn CrescentCorrán Phlásóg na Coille 
Woodlawn DriveCéide Phlásóg na Coille 
Woodlawn GreenFaiche Phlásóg na Coille 
Woodlawn GroveGarrán Phlásóg na Coille 
Woodlawn ParkPáirc Phlásóg na Coille 
Woodlawn RiseArd Phlásóg na Coille 
Woodlawn ViewRadharc Phlásóg na Coille 
Woodlawn WalkCosán Phlásóg na Coille 
Woodlawn WayBealach Phlásóg na Coille 
WoodleighBán na Coille 
Wood Quayan Ché AdhmaidAs an ábhar as a ndearnadh na sean­chéanna. “An Cé [sic] Adhmaid” atá ar na hainm­chláir nua.
Woodside [dhá cheann]Cois Coille 
Woodstock CourtCúirt Bhodastóic
Woodstock GardensGairdíní BhodastóicAs Bodastóic, Co. Luimnigh, b’fhéidir, nó as Caisleán Choill an Chip in Áth Í, Co. Chill Dara, nó Teach agus Eastát Chluain Dúin in Inis Tíog, Co. Chill Chainnigh, a bhfuil an t‑ainm Béarla Woodstock orthu uile. Foirm lochtach, “Gairdíní Bhodastoig,” atá sa liosta oifigiúil.
Wood StreetSráid WoodAs an sloinne, is dócha. “Sráid an Adhmaid” atá sa liosta oifigiúil.
Woodview CloseClós Radharc na Coille 
Woodview ParkPáirc Radharc na CoilleAs teach darbh ainm Woodview House.
Woodville CourtCúirt Bhaile na Coille 
Woodville RoadBóthar Bhaile na Coille 
Wormwood GateGeata GhormáinTruailliú de Gormund’s Gate is ea an t‑ainm Béarla.
Wynnefield RoadBóthar WynnefieldAs teach darbh ainm Wynnefield Park, a ainmníodh, is dócha, as an sloinne Wynne. “Bóthar Bán Mhic Gaoithe” (sloinne nach bhfuil ann) atá ar na hainmchláir.
Xavier AvenueAscaill XavierAs San Francisco Javier (nó Xavier). “Ascal Saebhiar” atá ar na hainmchláir.
Yarnhall StreetSráid Halla an AbhraisAs an halla a bhí anseo (in aice Halla an Línéadaigh). “Sráid an Abhrais” atá ar na hainmchláir.
Yellow Roadan Bóthar BuíYellow Lane ab ainm don bhóthar sular tógadh na tithe anseo.
Yewlands TerraceArdán Fhearann an Iúir“Ardán Iúrach” atá ar an ainm­chlár. Tá an fhoirm “Yewland Terrace” sa liosta oifigiúil.
York AvenueAscaill Eabhrac
York Road [dhá cheann]Bóthar Eabhrac 
York StreetSráid EabhracAs Ernest Augustus Guelph, “Duke of York.”
Zion RoadBóthar ShióinAs an Zion Church anseo.
Zoo Road [Páirc an Fhéinics]Bóthar an Zú“Bóthar Ghairdín na nAinmhithe” atá sa liosta oifigiúil.
Zuma TerraceArdán Zuma

Eastáit tionsclaíocha

Allied Industrial EstateEastát Tionsclaíoch an Chomhaontais 
Ballyboggan Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Bhaile Uí BhogáinAs an mbaile fearainn.
Ballymun Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Bhaile Munna 
Bellevue Industrial EstateEastát Tionsclaíoch BellevueAs teach anseo darbh ainm Bellevue, a ainmníodh, b’fhéidir, as an château gar do Pháras.
Benson Street Enterprise CentreLárionad Fiontair Shráid Benson 
Blackhorse Industrial EstateEastát Tionsclaíoch an Chapaill Dhuibh 
Bluebell Business CentreLárionad Gnó an Chloigín Ghoirm 
Bluebell Industrial EstateEastát Tionsclaíoch an Chloigín Ghoirm 
Bridgewater Business CentreLárionad Gnó Bridgewater 
Broombridge Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Dhroichead BroomeFoirm mhí­cheart den ainm áitiúil Broome Bridge is ea “Broombridge.”
Carriglea Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Charraig Liath 
Castleforbes Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Chaisleán FoirbisAs ainm an bhóthair.
Cian Park Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Pháirc Chéin  
Citylink Business ParkPáirc Gnó Citylink 
Clonshaugh Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Chluain SeachAs an mbaile fearainn.
Coolock Industrial EstateEastát Tionsclaíoch na Cúlóige 
Croke Park Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Pháirc an Chrócaigh 
Docklands Innovation ParkPáirc Nuálaíochta Cheantar na nDugaí 
Doyle’s Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Uí Dhúghaill 
Dublin Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Bhaile Átha Cliath 
East Point Business ParkPáirc Gnó na Rinne Thoir 
East Road Industrial EstateEastát Tionsclaíoch an Bhóthair Thoir 
Fairdale Industrial EstateEastát Tionsclaíoch an Ghleanntáin Aoibhinn 
Finches Industrial ParkPáirc Thionsclaíoch FinchesAs an gcomhlacht darb ainm Finches Ltd.
Fingall Enterprise CentreLárionad Fiontair Fhine Gall 
Glen Industrial CentreLárionad Tionsclaíoch an Ghleanna 
Glen Industrial EstateEastát Tionsclaíoch an Ghleanna 
Glenview Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Radharc an Ghleanna 
Goldenbridge Industrial EstateEastát Tionsclaíoch an Droichid ÓrgaAs an mbaile fearainn.
Greenmount Industrial EstateEastát Tionsclaíoch an Chnocáin Ghlais 
Grove Industrial Estate [dhá cheann]Eastát Tionsclaíoch an Gharráin 
IDA CentreLárionad an IDA 
IDA Enterprise CentreLárionad Fiontair an IDA 
IDA Industrial CentreLárionad Tionsclaíoch an IDA 
IDA Small Industries Centre [trí cinn]Lárionad Tionscal Beag an IDA 
Industrial Garden EstateEastát an Ghairdín Tionsclaíoch 
Irish Farm CentreLárionad Feirme na hÉireann 
Jamestown Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Bhaile ShéamaisAs an mbaile fearainn.
Jamestown Little Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Bhaile Shéamais BeagAs an mbaile fearainn.
JFK DriveCéide JFK 
JFK ParkPáirc JFK 
JFK RoadBóthar JFK 
KCR Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Chrosbhóthar ChamaíAs “KCR,” leasainm ar Kimmage Cross­roads.
Kylemore Industrial EstateEastát Tionsclaíoch na Coille Móire 
Liberties Craft and Small Industries CentreLárionad Ceirdeanna agus Tionscal Beag na Líbeartaí 
Liffey Enterprise CentreLárionad Fiontair na Life 
Metropolitan Industrial EstateEastát Tionsclaíoch na Príomh­chathrach 
Newtown Industrial EstateEastát Tionsclaíoch an Bhaile Nua 
North Richmond Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Richmond Thuaidh 
Ossory Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Osraí 
Parkmore Industrial EstateEastát Tionsclaíoch na Páirce Móire 
Poppintree Industrial CentreLárionad Tionscail Chrann Phapáin 
Richmond Road Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Richmond 
Riversdale Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Ghleanntán na hAbhann 
Rohan Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Uí Robhacháin 
Santry Avenue Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Ascaill Sheantraibh 
Santry Hall Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Halla Sheantraibh 
Stag Industrial EstateEastát Tionsclaíoch an Phoic 
Sunshine Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Thaitneamh na Gréine 
Tolka Industrial ParkEastát Tionsclaíoch na Tulchann 
Turnpike Industrial EstateEastát Tionsclaíoch na Paidhce 
Unidare Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Unidare 
Western Industrial EstateEastát Tionsclaíoch an Iarthair 
West Link Industrial EstateEastát Tionsclaíoch Nasc an Iarthair 
White Heather Industrial EstateEastát Tionsclaíoch an Fhraoigh BháinAs an White Heather Laundry.
White Swan Business Centre and Industrial EstateLárionad Gnó agus Eastát Tionsclaíoch na hEala Báine 
WIL Industrial ComplexCoimpléasc Tionsclaíoch WIL 

Ceartuithe agus moltaí chuig sob@leabhair.ie