D’fhorbair na chéad chlódóirí córas ceartúchán profaí, ar tháinig forás air i rith na gcéadta ina dhiaidh sin. Sna blianta deireanacha tá caighdeán foirmiúil idirnáisiúnta (nár ghlac ach ceithre thír déag leis—gan Éirinn ina measc) tagtha sa bhealach ar an traidisiún seo, caighdeán a chuireann na comharthaí traidisiúnta is mó a thuigtear ar ceal ar son cumadóireacht nua agus a chuireann róshimplithe in ionad cinn eile.
Tá duilleachán achoimre le fáil anseo (i bhformáid PDF) a léiríonn na comharthaí ceartúcháin is coitianta den chineál a úsáidtear go traidisiúnta i gceirdeanna na clódóireachta agus na foilsitheoireachta. |
Ceartuithe agus moltaí chuig sob@iol.ie