Leabharuimhreacha agus barrachóid

Ba chóir go mbeadh a fhios ag foilsitheoirí—go háirithe foilsitheoirí beaga—nach nglacfaidh roinnt siopaí le leabhar mura bhfuil barrachód a chuimsíonn ISBN (leabharuimhir chaighdeánach idirnáisiúnta) clóbhuailte ar an gclúdach cúil nó ar an bhforchlúdach. Úsáideann leabharlanna barrachóid freisin.

Murab ionann agus tromlach na dtíortha, níl gníomhaireacht náisiúnta ISBN ag Éirinn; is mian le tionscal foilsitheoireachta na hÉireann oibriú faoi Ghníomhaireacht ISBN na Breataine, a sholáthraíonn na cóid chuí d’fhoilsitheoirí Éireannacha. Bhíodh an tseirbhís seo saor in aisce, ach anois gearrtar táille £94 (íosmhéid).

Agus ISBN tugtha do do leabhar, is féidir linne íomhá an bharrachóid a chruthú (san fhormáid EPS nó in aon fhormáid eile). De rogha air sin, más mian leat é seo a dhéanamh tú féin is féidir leat ár gcló Opentype Valida a íoslódáil, saor in aisce, mar aon le treoracha faoin dóigh a ríomhtar na huimhreacha, agus do chuid barrachód a chruthú tú féin.